
Iniúchadh Ar Líne
Guthanna na mBan ó Dhún na nGall san am a chuaigh thart - An Ré Réabhlóideach
Choimisiúnaigh agus léirigh Músaem Contae Dhún na nGall, an tIonad Cultúrtha Réigiúnach agus Seirbhís Músaeim agus Cartlainne Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin sraith de shé phíosa gearra físe a leagann béim ar thaithí na mban le linn na Tréimhse Réabhlóidí (1919-1923).
Físeáin Dhún na nGall:
Sa chéad fhíseán tá Eithne Coyle, ball gníomhach de Chumann na mBan. Le linn Chogadh na Saoirse, rinne sí feachtas aonair ag cur moill ar thraenacha, ag gabháil earraí agus ag dó nuachtáin na Breataine. Gabhadh í i Meán Fómhair 1922 agus d’fhan sí sa phríosún go dtí deireadh an Chogaidh Chathartha. Bhí sí ina hUachtarán ar Chumann na mBan idir 1926 agus 1941. Up in Smoke - Eithne Coyle
Sa dara físeán tá Mary Ballantine, a bhí pósta leis an Phríomhchonstábla Joseph Ballantine ó Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. I mBealtaine 1922, scaoileadh agus maraíodh Joseph a bhí díreach i ndiaidh éirí as a phost, ina theach i Ráth Bhoth. I Won't Forget - Mary Ballantine
Tá Teagascóir le Bord na gCeantar Cúng Rose Ann Logue sa tríú físeán, a bhí i seilbh beirt armtha agus a raibh masc orthu a bhagair í agus a ghearr a cuid gruaige. On A Lonely Road - Rose Logue
Sna scannáin Dhoire, tá an Bhantiarna Lillian Spender ar chamchuairt feadh na teorann nua-bhunaithe i Meitheamh 1923. Déanann an Bhantiarna Spender cur síos ina cuid dialanna ar imeachtaí feadh na Teorann in áiteanna cosúil le Clóidigh agus Paiteagó.
Le hamharc ar scannáin Dhoire, gabh chuig https://towermuseumcollections.com/dividing-ireland/
Ba iad Dark Daughter Productions a rinne na píosaí físe le físghrafaíocht ó Oath Film Studio. Úsáidtear Dialanna Lillian Spender le caoinchead Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann.
Thacaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis na físeáin seo faoi Thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023:
Foilseachán - Ó Choimhlint go Deighilt -Dún na nGall 1919 -1925
Chuir Músaem Contae Dhún na nGall leabhrán ar fáil dar teideal “Ó Choimhlint go Deighilt: Dún na nGall 1919-1925” a fhiosraíonn scéal Chogadh na Saoirse, na Críochdheighilte agus an Chogaidh Chathartha i gContae Dhún na nGall.
Thacaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an leabhrán dátheangach seo faoi Thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012 -2023 agus faoi Chlár Éire Ildánach 2017-2022.
Tá an leabhrán ar fáil le hamharc air agus le híoslódáil saor in aisce
Teach Fíorúil na mBocht, Béal Átha Seanaidh
Cliceáil anseo le hamharc ar atógáil fíorúil ar Theach na mBocht Bhéal Átha Seanaidh le Virtual Teic.
Trí úsáid a bhaint as na pleananna do thithe na mbocht a cheap George Wilkinson sa 19ú hAois, agus as an tuarascáil chaomhnaithe a rinneadh do Theach na mBocht Bhéal Átha Seanaidh, Músaem Contae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne Dhún na nGall, chruthaigh Virtual Teic an chéad atógáil fíorúil riamh ar Theach na mBocht i mBéal Átha Seanaidh, go díreach mar a bheadh le feiceáil go luath san fhichiú haois.
Cartlann Chontae Dhún na nGall
Réabhlóid na hÉireann i nDún nGall, 1919 - 1925, Aistí (Ben Rogers)
Cheap Cartlann an Chontae agus Músaem an Chontae (Rannóg Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall) an Dr Ben Rogers mar staraí cónaithe, mar chuid dá chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 2021.Mar Staraí Cónaithe, rinne an Dr Rogers taighde ar chuid de mhórbhailiúcháin Chartlann an Chontae - Bailiúchán Joseph Murray, miontuairiscí leabhair Bhord Bardachta (teach na mbocht) agus miontuairiscí Chomhairle na gCeantar Tuaithe & Uirbeach, ó 1918 – 1925.Chuir an Dr Rogers leabhar sé aiste amach bunaithe ar a thaighde i gcomhar leis an tSeirbhís Cartlainne, Experiencing the Irish Revolution in Donegal, 1919 – 1925.
• Essays: Experiencing the Irish Revolution in Donegal
• Réabhlóid na hÉireann i nDún nGall, Aistí
Daonlathas agus Athrú: Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn
Ba í 2020 comóradh céad bliain na dtoghchán áitiúil 1920, a bhí ríthábhachtach i stair an rialtais áitiúil in Éirinn. Leis na himeachtaí seo a chomóradh, agus mar gheall ar a dtábhacht don streachailt ar son neamhspleáchais, choimisiúnaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta foilseachán ó Chartlannaithe Rialtais Áitiúil agus Bainisteoirí Taifead chun toghcháin áitiúla 1920 a chomóradh. Arna chur in eagar ag na cartlannaithe Niamh Brennan (Dún na nGall) agus Gráinne Doran (Loch Garman) leis an teideal ‘Daonlathas & Athrú: Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn’, tá an foilseachán seo ar fáil le híoslódáil saor in aisce i nGaeilge agus i mBéarla
.
• Daonlathas & Athrú: Toghcháin Áitiúla 1920
• Daonlathas & Athrú - Toghcháin Áitiúla
Foilseachán - Dún na nGall, Olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil
• Leabhrán ar an Chéad Dáil
• Leabhrán ar an Chéad Dáil - leagan Gaeilge