
Dún na nGall agus an Ré Réabhlóideach
Roimh chlár náisiúnta Deich mBliana na gCuimhneachán, chuir an Rannóg Cultúir dhá thionscadal ar fáil a rinne iniúchadh ar thopaicí ón tréimhse chorraitheach seo inár stair:
Tionscadal Lámha na Staire - ó 2013-2014 (Céim I agus II)
Ghlac an Rannóg Cultúir páirt i dTionscadal Lámha na Staire mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Dhún na nGall um Shíocháin III. Ba í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhainistigh é do Chomhlacht Clár Speisialta an AE. Chuir an tionscadal seo clár nuálach ar fáil a rinne iniúchadh ar an dóigh a gcuimhníonn muid ar phríomhimeachtaí inár stair agus bhí seimineáir, comhdhálacha, turais staidéir, clár scoile, léiriú drámaíochta, agus tionscadail shonracha mar chuid de a rinne an Músaem, na Cartlanna agus Seirbhísí Leabharlainne.
Plandáil go Deighilt: Tuiscint, Cuimhneachán & Oidhreacht Chomhroinnte
D’oibrigh Músaem Contae Dhún na nGall le comhghleacaithe ar bhonn trasteorann, mar chuid de Shraith Chomhoibritheach/Tras-Teorainn an Iarthuaiscirt chun cláir a chur ar fáil a chuimsigh sraith ceardlann ar ábhair éagsúla a bhain leis an tréimhse agus clár imeachtaí Stair Bheo.
An Rannán Cultúir
• Chomhoibrigh an Músaem le Líonra na mBan Dhún na nGall chun seimineár a óstáil ag ceiliúradh Acht Ionadaíocht an Phobail, 1918.
• Rinne an tSeirbhís Cartlainne digitiú ar pháipéir Joseph Murray. Bhí páirt shuntasach ag Murray i gCogadh Saoirse na hÉireann agus i dtús an Chogaidh Chathartha i ndeisceart Dhún na nGall.
An Rannán Cultúir
• Chomhoibrigh an tSeirbhís Cartlainne le seirbhísí eile chun ócáid speisialta de chuid na Comhairle a eagrú do Chomóradh Céad Bliain an Chéad Dála i dTeach an Chontae i Leifear.
• Chuir an tSeirbhís Cartlainne agus an Músaem taispeántas taistil agus leabhrán dátheangach ar fáil dar teideal Dún na nGall, Olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil. Thaistil an taispeántas go forleathan ar fud an chontae.
An Rannán Cultúir
• Peace IV: The Echoes of the Decade - Comhthionscadal maoinithe ag Cartlanna agus Músaem a chuimsigh rannpháirtíocht le daoine óga ar stair agus oidhreacht bhlianta réabhlóideacha na hÉireann, 1912 – 1923. Ba é Alarnagh Barrett McGinley a rinne comhordú ar an tionscadal.
Áiríodh sa tionscadal:
o Cruthú acmhainní digiteacha do mhúinteoirí agus do scoláirí
o Leathanach Grúpa Facebook: Echoes of the Decade, le dúshláin agus scéalta ar théama na staire, aistí agus grianghraif uaslódáilte a bhaineann le stair na mbailte fearainn, na sráidbhailte agus na ndaoine i nDún na nGall.
o Sraith ceardlann, cur i láthair agus plé le foireann na Cartlainne agus an Mhúsaeim, chomh maith le speisialtóirí agus ealaíontóirí staire agus oidhreachta seachtracha.
o Tugadh conradh do staraí béil gairmiúil, Regina Fitzpatrick, chun agallaimh a chur ar 13 duine scothaosta faoi oidhreacht Dheich mBliana na gCuimhneachán.
• Scríobh agus d’fhoilsigh an Músaem leabhrán faoi théama Dheich mBliana na gCuimhneachán dar teideal Ó Choimhlint go Deighilt: Contae Dhún na nGall 1919 - 1925. Fuair an leabhrán tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012 - 2023.
• Daonlathas & Athrú: Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn - Chomhoibrigh Cartlanna Chontae Dhún na nGall agus cartlanna áitiúla eile leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun leabhrán comórtha a chur ar fáil ar thoghcháin áitiúla stairiúla 1920. Dar teideal Daonlathas & Athrú: Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn.
An Rannán Cultúir
In 2021, thacaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis na tionscadail seo a leanas faoi Thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
• Ealaíontóir Cónaithe - Chruthaigh agus léirigh Margaret Hannon dráma, One People, a insíonn scéal mná atá faoi bhrón agus a mbíonn sraith teagmhálacha aici le taibhsí ó Dheich mBliana na gCuimhneachán a cheistíonn a réamhbharúlacha ar an am a chuaigh thart.
• Iniúchadh ar Chuimhneacháin - Rinne MacConmara Heritage Consulting iniúchadh ar chuimhneacháin a raibh teacht ag an phobal orthu a bhain le Deich mBliana na gCuimhneachán 1919-1923 agus a d’aithin 81 cuimhneachán éagsúla.
• Staraí Cónaithe, Seirbhís Cartlainne - Rinne an Dr Ben Rogers taighde ar dhá mhórbhailiúcháin Chartlann an Chontae, Bailiúchán Joseph Murray agus leabhair mhiontuairiscí Chomhairle na gCeantar Tuaithe & Uirbeach ar leith ó 1918 – 1925. Ba é toradh an taighde foilseachán ina raibh sé aiste agus sraith cainteanna ar líne.
• Seirbhís Leabharlainne - sraith léachtaí ar líne a thug saineolaithe áitiúla agus náisiúnta, ag amharc ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an tréimhse réabhlóideach. Léiríodh cuid de na léachtaí beo ar líne mar seo a leanas: Liz Gillis, Children during the War of Independence; Myles Dungan, What did you do in the War of Independence, Grandad?; Sinead McCoole, How to Research and Write an Irish Family History. Taispeánadh na cainteanna seo a leanas den chéad uair ar chainéal YouTube Chomhairle Contae Dhún na nGall agus thig leat amharc orthu ag am ar bith:
o An tOllamh Edward Burke, Closing the Gates: Loyalist Paramilitaries and Resistance in County Donegal, 1920-1923
o An Dr Niamh Hamill, Broken Promises – Nationalism, Gender, and the New Republic
o Helen Meehan, The History and legacy of Cumann na mBan in Donegal
o Kieran Kelly, From Nationalism to Republicanism - Letterkenny in the Decade of Change
o Seosamh Ó Ceallaigh, The War of Independence in Cloughaneely
• Féile Wainfest Ealaíon agus Leabhar do Pháistí - D’eagraigh an tSeirbhís Leabharlainne roinnt imeachtaí faoin téama Dheich mBliana na gCuimhneachán le linn Wainfest. Mar chuid de seo bhí cainteanna leis na húdair Ann Murtagh agus Brian Gallagher agus na staraithe Liz Gillis agus Ida Milne. Bhí cur i láthair beo oideachasúil ar líne le John D Ruddy, Cruthaitheoir na sraithe staire YouTube Manny Man Does History agus le Michael Moylan ó Irish History Live.
• Glao Oscailte ar Ealaíontóirí - Choimisiúnaigh an Músaem an t-ealaíontóir Ann Quinn chun dhá phictiúr a chruthú a léiríonn gnéithe den saol i nDún na nGall sa tréimhse 1919 go 1923. Is é téama na bpictiúr ná mná Dhún na nGall agus tithe Dhún na nGall.
• Turas fíorúil ar an taispeántas “Ó Choimhlint go Deighilt: Dún na nGall 1919-1925” - d’oibrigh an Músaem le Paul Marshall ó Visual Arts Media chun turas fíorúil a fhorbairt ar an taispeántas Ó Choimhlint go Deighilt, Dún na nGall 1919-1925.
• Coimisiúnaíodh Rezolve Media chun 5 scannán bheoite a sheachadadh mar chuid de thionscadal beochana ‘Bordering Realities’ faoi stiúir Chomhairle Contae Mhuineacháin, ag iniúchadh scéalta le linn Chogadh na Saoirse ó réigiúin teorann i nDún na nGall, Muineacháin, Doire, Ard Mhacha agus Fear Manach.
Thacaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis na tionscadail seo a leanas faoi Thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023:
Músaem Chontae Dhún na nGall
• Comóradh Chath Phaiteagó agus Bhéal Leice i gcomhar le Músaem Contae Fhear Manach - clár imeachtaí lae in Ionad an Tearmainn, Paiteagó, le cainteanna, an chéad taibhiú de bheochan a coimisiúnaíodh go speisialta, Scoil Scairte History Ireland, turas siúlóide thart ar Phaiteagó agus turas bus thart ar Bhéal Leice. Tá na hacmhainní a cruthaíodh ar fáil mar seo a leanas:
o Beochan le Rezolve Media - “Ionsaí an Tuaiscirt: Cath Phaiteagó agus Bhéal Leice”
o Podchraoladh - An Dr Éamon Phoenix, ‘Raids, Reprisals and the Boundary Question: From the Clones Affray to Craig-Collins Pacts, the Battle of Pettigo and the Civil War, 1922’
o Podchraoladh - An Dr Edward Burke, ‘Operation Basil: The British Army’s Offensive in Belleek and Pettigo’
o Podchraoladh ar dhíospóireacht phainéil na Scoile Scairte
• ‘Saol i dTeach na mBocht’ Turais Stair Bheo scríofa agus léirithe ag Jonathan Burgess agus bunaithe ar scéalta na ndaoine a d’oibrigh agus a d’fhan i dTithe na mBocht i gContae Dhún na nGall le linn na Tréimhse Réabhlóidí.
• Atógáil fíorúil ar Theach na mBocht Bhéal Átha Seanaidh le Virtual Teic An Turas Fíorúil
• Foilseachán a amharcann ar bhlianta tosaigh chóras thithe na mbocht, an ról a bhí acu sna blianta roimh bhunú an tSaorstáit agus an méid a tharla do na foirgnimh i ndiaidh a ndruidime.
Leabharlann
• Rising to the Rising, léamh filíochta agus plé leis an fhile a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, Paul Muldoon, sa Lárleabharlann.
• Campa Samhraidh Stair praiticiúil ceithre lá sa Lárleabharlann le Kieran Kelly, ag baint úsáid as meáin na healaíne, na drámaíochta agus na scríbhneoireachta cruthaithí.
• Taifeadadh sraith podchraoltaí ar an tréimhse réabhlóideach mar seo a leanas: An Dr Seán Beattie, ‘Michael Collins and the Formation of An Garda Síochána’; an Dr Niamh Brennan, ‘The Treaty 1921: Records form the Archives’; Caroline Carr, ‘Untold” Donegal Women during the Revolutionary Period’; Seosamh Ó Ceallaigh, ‘Aspects of the War of Independence in Cloughaneely’; Seoirse Ó Dochartaigh, ‘Pearse’s Vision: A New Ireland. Expressed through Music’; Tom Plunkett, ‘Chronicling Mid-West Donegal’. Is féidir éisteacht leis na podchraoltaí anseo.
• The Treaty le Gretchen Friemann - club leabhar agus caint ón údar i Leabharlann Bhun Dobhráin.
• Féile Wainfest Ealaíon agus Leabhar do Pháistí – Cur i láthair le Judi Curtin & Patricia Murphy agus caint le Seosamh Ó Ceallaigh, ar an saol i gCo. Dhún na nGall le linn na mblianta réabhlóideacha.
Cartlanna
Rinneadh na cartlanna seo a leanas a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne.
• Páipéir Daniel Doherty. Chuaigh Daniel Doherty ar imirce ó Cheann Mhálanna, Dún na nGall go Bostún go luath sna 1900idí.Bhí sé ina stocaire polaitíochta a thacaigh le haontacht na hÉireann, agus ina dhuine tábhachtach i gCumann Chontae Dhún na nGall i mBostún, Massachusetts, áit a raibh sé mar chathaoirleach fosta.
• Taifid údaráis áitiúil: 26 imleabhar ceangailte san iomlán le dátaí ó 1900 go 1922
• Comhairlí Ceantair Tuaithe na nGleanntach, Leitir Ceanainn agus Dhoire Uimh. 2, tús an 20ú haois
• Comhairlí Ceantair Uirbeacha Leitir Ceanainn, Bhun Cranncha agus Bhun Dobhráin, tús an 20ú haois
Ealaíontóir Cónaitheach
Ceapadh an file Annemarie Ni Chuireann mar Ealaíontóir Cónaithe sa Mhúsaem agus i gCartlann an Chontae. Dhírigh Annemarie ar an tréimhse 1922 agus rinne sí athshamhlú ar thaithí máthair neamhphósta amháin, ag tarraingt ar leabhair mhiontuairiscí theach na mbocht i Srath an Urláir. Mar chuid dá cónaitheacht, reáchtáil Annemarie ceardlann scríbhneoireachta i dTeach na mBocht Dhún Fionnachaidh agus rinne sí paimfléad dánta darbh ainm “Ghostgirl”.
I 2023, thacaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis na tionscadail seo a leanas faoi Thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023:
Cartlanna
• Taifid a dhigitiú ó Chomhairlí Cheantar Tuaithe Bhéal Átha Seanaidh, Bhaile na nGallóglach agus Shrath an Urláir a chlúdaíonn an chéad fhiche bliain den 20ú haois. Tá na taifid seo ar fáil ar líne.
Músaem Chontae Dhún na nGall
• Forbraíodh taispeántas beag camchuairte ag insint scéal an cheathrar fear a cuireadh chun báis i gCaisleán Dhroim Bó ar an 14 Márta 1923.
• Scríobh agus léirigh Kieran Kelly dráma ar théama na mairtíreach Dhroim Bó i gcomhar le hAmharclann Balor.
• Chruthaigh Seirbhísí an Mhúsaeim agus na Cartlainne foilseachán a leag béim ar an obair a rinneadh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán ó 2012 i leith.
• Agus é ag obair le Highland Radio, léirigh an Músaem sraith de 4 chlár faisnéise raidió agus podchraoltaí a rinne iniúchadh ar scéalta Dhún na nGall ó Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Leabharlann
• Siúlóidí Stairiúla; Clár Léachtaí; Campa Samhraidh do pháistí agus Seó Bóthair Staire darb ainm Just for Kids.
• Féile Wainfest Ealaíon agus Leabhar do Pháistí - ceardlann leis an staraí Dave Swift ag díriú ar éidí agus trealamh Chogadh Saoirse na hÉireann; ceardlanna scéalaíochta le Dark Daughter Productions ag díriú ar an mhéid a chuireann mná leis an saol; sraith cainteanna leis an Dr Angela Byrne ag míniú bunú institiúidí éagsúla Shaorstáit na hÉireann agus seisiúin idirghníomhacha le húdair do pháistí Éireannacha Anna Carey, Siobhan Parkinson agus Brian Gallagher.