
Dún na nGall agus an Chéad Chogadh Domhanda 1914-1918
Seo a leanas achoimre ar na cláir a seachadadh faoi théama an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Músaem Chontae Dhún na nGall
Taispeántas “Remembering World War I: Scéal Dhún na nGall” mar chuid den tionscadal Lámha na Staire. D’fhorbair an Músaem leabhrán gníomhaíochta do pháistí bunaithe ar an taispeántas fosta. Fuarthas maoiniú don leabhrán trí Chistí Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Bhí taispeántas ar camchuairt an Chéad Chogaidh Dhomhanda “Before I Joined the Army” ar taispeáint ag an 48ú cruinniú iomlánach de Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
Seirbhís Leabharlainne – Tionscadal Lámha na Staire
Sraith cainteanna, ceardlanna agus seimineáir lena n-áirítear caint le Helen Meehan “Cumann na mBan i nDún na nGall”; léacht ar an Chéad Chogadh Domhanda leis an Dr John O’Callaghan le saothar ceoil ó Tracey McRory agus ceardlann bunscoile staire beo le Michael Moylan.
Éire 2016 - Clár Chomhairle Contae Dhún na nGall
Carnabhal Tionscadal Bhéal Átha Seanaidh ag comóradh 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca agus ó Chath an Somme, faoin teideal Army Dreamers. Ghlac suas le 300 duine óg agus duine fásta páirt ina chlár ceardlainne sé seachtaine roimh an imeacht. Bhí páirt sa tionscadal ag ealaíontóirí gairmiúla, ó chomhlachtaí téatair agus carnabhail lena n-áirítear amharclann tírdhreacha LUXe (Inis Eoghain), Workhouse Studios (Sligeach), Dark Daughter Productions (Bun Dobhráin), Réalta (Gaillimh) agus an t-ealaíontóir pobail Tom Meskell (An Iarmhí). Bhí Banna Píob Cuimhneacháin Thiepval ó Chonmhaigh, Banna Fífe agus Drumaí Crickamore ón Mhachaire agus Banna Óige Bhaile Dhún na nGall le feiceáil fosta.
Músaem Chontae Dhún na nGall
Mórthaispeántas i gcomhar leis an tSeirbhís Cartlainne dar teideal “Contae Dhún na nGall i 1916: Ár Scéal”. Fuair an taispeántas páirtmhaoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Chuir an Músaem leabhrán gníomhaíochta taispeántais ar fáil do pháistí fosta.
Sraith de thaispeántais saor in aisce den scannán 1916 ‘The Battle of the Somme’ i gcomhar le Imperial War Museums, mar chuid de Chomhpháirtíocht Céad Bliain an Chéad Chogaidh Dhomhanda, in Century Cinema, Leitir Ceanainn; Músaem Míleata an Dúin Riabhaigh; Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún Lúiche; Amharclann Balor, Bealach Féich agus Músaem Contae Dhún na nGall.
Clár cainteanna, “Donegal Men and the Royal Inniskilling Fusiliers” le Natasha Martin; “Donegal Freemasons in World War I” le Robert Bashford; “The Geography of War” le Patrick H. Lynch, “The Battle of the Somme” le David Scott; “Contae Dhún na nGall in 1916”, le Caroline Carr, Músaem Contae Dhún na nGall
Seoladh an leabhair “WAR! HELLISH WAR! Star Shell Reflections 1916-1918” le linn Sheachtain na hOidhreachta.
Ócáid speisialta chun céad bliain ó Chath an Somme a chomóradh san Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus an Lárleabharlann, áit a rinne an Col Declan O’Carroll (ar scor) athléiriú ar an chéad lá den Chath trí úsáid a bhaint as samhail urláir éadach.
Leabharlann
Leabharliostaí foilsithe: 1916-2016: Leabharliosta Éirí Amach na Cásca/an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Cartlanna
Digitiú a dhéanamh ar mhiontuairiscí 1916 de chruinnithe údaráis áitiúla uilig Chontae Dhún na nGall.
Músaem
Bhí caint agus fáiltiú gairid ar siúl sa Mhúsaem i ndiaidh Plaic Gorm a nochtadh in ómós do Pte James Duffy VC ag Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn ag Ciorcal Staire Uladh
Seoladh an leabhair ‘Laggan Lads’ le Hilary Roulston.
Eagraíodh Lá Staidéir ar an Chéad Chogadh Domhanda do mheánscoileanna i gContae Fhear Manach agus i gContae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Músaem Inis Ceithleann.
An Rannán Cultúir
D’eagraigh an tSeirbhís Leabharlainne imeacht comórtha le Tracey McRoary darbh ainm “A Reflection on World War I – A Musical Journey”
Músaem Chontae Dhún na nGall
I ndiaidh taighde a rinne an Músaem agus tréimhse comhairliúcháin phoiblí, d’fhoilsigh an Músaem an 5ú eagrán de Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall, An Cogadh Mór 1914-1918, ina liostaítear achan duine as Dún na nGall a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda
Músaem Chontae Dhún na nGall
D’fhorbair an Músaem, ag obair le Rannóg IS na Comhairle, bunachar sonraí ar líne ina bhfuil na liostaí ar fad a foilsíodh i Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall, An Cogadh Mór 1914-1918 le tuilleadh eolais.
www.donegalgreatwardead.com