Skip to main content Skip to main content

Contae Dhún na nGall i 1916

Ar Ais go Deich mBliana na gCuimhneachán

Seo thíos achoimre den chlár a seachadadh faoin téama Éire 2016 

Clár Chomhairle Contae Dhún na nGall

•    Scaipeadh imeachtaí faoi stiúir an phobail ar fud na 7 snáithe ar fad den chlár agus bhí siad ar siúl ar fud an chontae. Ar cheann de na tionscadail phobail ab ard-aidhmeannaí bhí léarscáil chloiche d’Éirinn a tógadh i nGleann Cholm Cille, ina raibh saoir chloiche as achan chearn d’Éirinn páirteach.  
•    Coimisiún físe an Ainmní do Ghradam Turner Willie Doherty, faoi stiúir an RCC, ceann de 9 dtionscadal a bhí maoinithe ag an Chomhairle Ealaíon agus iad ag iarraidh samhlaíocht na hÉireann a scaipeadh. Seoladh an taispeántas seo le linn Fhéile Ealaíon Earagail agus cuireadh ar taispeáint é níos moille i mBaile Átha Cliath agus i Londain. 
•    Bhí an coimisiún ealaíne, History Table: Elevation, leis an ealaíontóir mór le rá Brian Connolly, suite ag The Diamond i Leifear.  
•    Carnabhal Tionscadal Bhéal Átha Seanaidh ag comóradh 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca agus ó Chath an Somme, faoin teideal Army Dreamers. Ghlac suas le 300 duine óg agus duine fásta páirt ina chlár ceardlainne sé seachtaine roimh an imeacht. Bhí páirt sa tionscadal ag ealaíontóirí gairmiúla, ó chomhlachtaí téatair agus carnabhail lena n-áirítear amharclann tírdhreacha LUXe (Inis Eoghain), Workhouse Studios (Sligeach), Dark Daughter Productions (Bun Dobhráin), Réalta (Gaillimh) agus an t-ealaíontóir pobail Tom Meskell (An Iarmhí). Bhí Banna Píob Cuimhneacháin Thiepval ó Chonmhaigh, Banna Fífe agus Drumaí Crickamore ón Mhachaire agus Banna Óige Bhaile Dhún na nGall le feiceáil fosta. 

Músaem Chontae Dhún na nGall

•    Mórthaispeántas i gcomhar leis an tSeirbhís Cartlainne dar teideal “Contae Dhún na nGall i 1916: Ár Scéal”. Fuair an taispeántas páirtmhaoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Chuir an Músaem leabhrán gníomhaíochta taispeántais ar fáil do pháistí fosta. 
•    Dhá thaispeántas camchuairte, “Our Story: Donegal and the Easter Rising”, i nGaeilge agus i mBéarla ar taispeáint i níos mó ná 20 ionad ar fud Dhún na nGall. 
•    Taispeántas sa Mhúsaem, “Little Stories, Little Prints” i gcomhar le Stiúideo Déantúsaíochta Priontaí Laighean. 
•    Sraith ceardlann staire idirghníomhacha do scoileanna le Dark Daughter Productions, 
•    Cuireadh ceithre cheardlann idirghníomhacha drámaíochta, ar théama Dhún na nGall 100 bliain ó shin, ar fáil i leabharlanna ar fud Dhún na nGall le linn Sheachtain Náisiúnta Áineasa, arna maoiniú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. 
•    Clár cainteanna ina raibh “Coláiste Uladh and the Cultural Revolution”, leis an Dr. Seosamh O’Ceallaigh; “Mobilising the masses in early Twentieth Century Donegal” leis an Dr Arlene Crampsie; “Contae Dhún na nGall in 1916”, le Caroline Carr, Músaem Contae Dhún na nGall agus “Cumann na mBan i nDún na nGall” le Helen Meehan. 

Leabharlann 

•    Sraith ceardlann ar chomóradh ómósach d’fhoireann uilig na Rannóige Cultúir faoi stiúir The Junction i nDoire. 
•    Cúig cheardlann Eitice agus Cuimhní Comhroinnte don phobal sa Lárleabharlann. 
•    Reáchtáladh comhdháil ar an téama Peirspictíochtaí Eiticiúla agus Domhanda. 
•    ‘16 Lives’ a cheannach, scríofa ag staraithe mór le rá ar shaol agus ar aimsir cheannairí 1916 
•    Foilsíodh dhá leabharliosta: Éirí Amach na Cásca 1916: Leabharliosta do Dhaoine Fásta; 1916-2016: Leabharliosta Éirí Amach na Cásca/an Chéad Chogaidh Dhomhanda. 
•    Imeachtaí poiblí lena n-áirítear seisiún buail isteach agus ceardlann le Tionscadal Litreacha 1916 i gcomhar le OÉ Mhá Nuad; “The Legacy of ‘16”; siúlóidí oidhreachta i Leitir Ceanainn leis an staraí áitiúil Kieran Kelly agus Léacht “Nasc na gCeannairí 1916 le Dún na nGall” a thug Helen Meehan in ionaid éagsúla.  

Cartlanna 

•    An pacáiste acmhainní “Contae Dhún na nGall i 1916: Ón Imeall” a fhorbairt (2015) agus a chur amach chuig bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal, chuig comhdhálacha, grúpaí agus ionaid staire agus oidhreachta, agus chuig daoine aonair a bhfuil suim acu ann. Aistríodh an pacáiste go Gaeilge agus scaipeadh é i measc scoileanna Gaeilge. 
•    I gcomhar leis an Mhúsaem, thug an tSeirbhís Cartlainne cainteanna le léaráidí ar ábhar 1916 i gContae Dhún na nGall in ionaid éagsúla agus i mbunscoileanna. 
•    Digitiú a dhéanamh ar mhiontuairiscí 1916 de chruinnithe údaráis áitiúla uilig Chontae Dhún na nGall.  

 

;