
Cath Phaiteagó agus Bhéal Leice
Tharla Cath Phaiteagó/Bhéal Leice feadh Theorainn Dhún na nGall/Fhear Manach go mall i mí Bealtaine, go luath i mí an Mheithimh 1922 sa tréimhse idir Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Ba é seo an uair dheireanach a throid Fórsaí ar thaobh an Chonartha agus in éadan an Chonartha taobh le taobh in aghaidh fhórsaí na Breataine. Bhí sé mar chuid d’Ionsaí an Tuaiscirt a leag Mícheál Ó Coileáin amach, a bhí beartaithe leis an bhonn a bhaint ón stát Aontachtach, agus bhí sé mar fhreagairt fosta ar fhoréigean seicteach i gcoinne náisiúnaithe sa Tuaisceart.
Reáchtáil Músaem Contae Dhún na nGall ócáid chomórtha i bPaiteagó agus i mBéal Leice Dé Sathairn 28 Bealtaine 2022, ag obair le Músaem Contae Fhear Manach. Mar chuid den imeacht, bhí cainteanna ó chainteoirí náisiúnta agus áitiúla, an chéad taibhiú de bheochan a coimisiúnaíodh go speisialta arna mhaoiniú ag Clár Éire Ildánach, Scoil Scairte History Ireland, turas siúlóide thart ar Phaiteagó agus turas bus go dtí agus thart ar Bhéal Leice. I measc na gcainteoirí bhí an Dr Éamon Phoenix (RIP), an Dr Edward Burke, an Dr Margaret O’Callaghan agus staraithe áitiúla, Jimmy Baird, John Cunningham, agus Pauline Gilmartin. Thig leat amharc ar an leabhrán comórtha anseo:
Cath Phaiteagó agus Bhéal Leice
An Dr Éamon Phoenix, ‘Raids, Reprisals and the Boundary Question: From the Clones Affray to Craig-Collins Pacts, the Battle of Pettigo and the Civil War, 1922’
Staraí/Comhairleoir Stairiúil, Craoltóir agus Iriseoir; Ball de Shainghrúpa Comhairleach an Taoisigh ar Chuimhneacháin (RIP)
An Dr Edward Burke, ‘Operation Basil: The British Army’s Offensive in Belleek and Pettigo’
Ollamh Comhlach le Caidreamh Idirnáisiúnta in Ollscoil Nottingham.
• Podchraoladh ar dhíospóireacht phainéil na Scoile Scairte