
Deich mBliana na gCuimhneachán
Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 i gContae Dhún na nGall
Bhí clár Deich mBliana na gCuimhneachán Rialtas na hÉireann faoi stiúir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leathan agus cuimsitheach. Cuireadh clár náisiúnta ar fáil a dhírigh ar théamaí cuimhneacháin agus athmhuintearais agus ar chomóradh achan duine a fuair bás. Chuir sé tuigbheáil níos doimhne chun cinn ar imeachtaí suntasacha stairiúla na tréimhse seo ó 1912 – 1923.
Idir 2012 agus 2023, d’oibrigh Rannóg Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall (Músaem, Cartlanna, Seirbhís Leabharlainne, Oifig Oidhreachta, Oifig Ealaíon, Ionad Cultúrtha Réigiúnach) i gcomhar le daoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí go háitiúil agus go náisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar na himeachtaí a chuaigh i bhfeidhm ar shaol na ndaoine a bhí ina gcónaí i nDún na nGall 100 bliain ó shin. Rinne siad iniúchadh ar stair na Deich mBliana ón Chéad Chogadh Domhanda go dtí an Cogadh Cathartha, agus ar bhlianta tosaigh bhunú an tSaorstáit.
Chuir Deich mBliana na gCuimhneachán deiseanna ar fáil le díriú ar fhorbairt rochtana ar dhéantáin stairiúla, ar thaifid agus ar bhunfhoinsí ón tréimhse ama. Roinn Músaem Contae Dhún na nGall, Cartlann an Chontae, an tSeirbhís Leabharlainne agus an Oifig Oidhreachta a gcuid bailiúcháin féin trí thaispeántais agus trí acmhainní ar líne a chruthú agus d’éascaigh siad pobail chun oidhreacht ábhartha a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán a thaifeadadh, a chaomhnú agus a thaispeáint. D’oibrigh an Oifig Ealaíon agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach le healaíontóirí agus le cleachtóirí cruthaitheacha chun ciall a bhaint as imeachtaí stairiúla na Deich mBliana, rud a chuir ardán ar fáil machnamh a spreagadh agus smaointiú ar cheisteanna a bhí dúshlánach agus deacair.
Tá muid in áit níos fearr anois iniúchadh a dhéanamh ar stair na tréimhse, ag déanamh amhlaidh le misneach agus le tuigbheáil ar uilechuimsitheacht céad bliain ar aghaidh. Tá deis againn todhchaí a chruthú d’achan duine atá ag iarraidh baile a dhéanamh den oileán seo, ag smaointiú ar ár stair agus ár gcuimhní éagsúla le meas.