Skip to main content Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

Ar Ais go Bailiúchán an Mhúsaeim

Tá fáilte roimh thaighdeoirí. Déan coinne trí theagmháil a dhéanamh linn ar an fhón, ríomhphost nó trí ghlaoch isteach chuig an mhúsaem. 

Ba mhaith linn a bheith oscailte agus inrochtana do chách agus a chinntiú go mbeidh an líon is leithne cuairteoirí in ann taitneamh a bhaint as an fhoirgneamh, as bailiúchán an mhúsaeim agus as an éagsúlacht taispeántas agus imeachtaí atá ar fáil. Thiocfadh leis an fhaisnéis seo a leanas a bheith ina cuidiú agus tú ag pleanáil do chuairte ar an mhúsaem. Má tá cuidiú de dhíth ort le linn do chuairte, cuir ceist ar bhall foirne ag an phríomhbhealach isteach san áit a bhfuil an fáiltiú suite. Má tá aon fhiosrúcháin bhreise agat, déan teagmháil le: R-phost: museum@donegalcoco.ie; Guthán: +353 (0)74 9124613  

•    Tá ardaitheoir go dtí an gailearaí taispeántais ar an chéad urlár.
•    Tá spásanna páirceála inrochtana suite sa charrchlós in aice leis an mhúsaem. 
•    Tá leithreas againn atá fóirsteanach do chathaoireacha rotha. 

Ní thig leat grianghraif a ghlacadh de rudaí ar leith atá ar taispeáint sa Mhúsaem. Cuir ceist ar bhall foirne más maith leat grianghraif ghinearálta a ghlacadh de do chuairt.  

Tá muid sásta comhairle a chur ar fáil fá dtaobh de chúram rudaí. Molann muid do dhaoine a chinntiú go gcaomhnófar déantáin, agus go mbeidh teacht ag an phobal orthu amach anseo, trí ábhar a thabhairt do Mhúsaem Contae Dhún na nGall. 

Ní dhéanann muid luacháil ar aon rud. 

Ní dhéanann Músaem Chontae Dhún na nGall taighde ar stair theaghlaigh thar ceann an phobail. Mar sin féin, tig linn comhairle a chur ar fáil maidir le taighde ar stair áitiúil agus ar stair theaghlaigh. Tá foilseachán acmhainne forbartha againn le cuidiú leat tú a threorú agus tú ag lorg do shinsir i nDún na nGall ‘Do Mhuintir i nDún na nGall' 

Is bailiúchán digiteach ar leith é seo d’ábhar cartlainne scannán ar Dhoire agus ar Dhún na nGall. Tá breis is 90 uair an chloig de chláir, cláir faisnéise, príomhscannáin, gearrscannáin agus píosaí scannáin nuachta ó chuid de na príomhchainéil teilifíse chomh maith le scannáin amaitéarach Super 8 agus físeáin bhaile a théann siar breis is 50 bliain. Tig amharc ar an chartlann saor in aisce sa Mhúsaem gan coinne a dhéanamh. 

Is bailiúchán digiteach uathúil d’ábhar cartlainne a bhaineann le hoileáin Chontae Dhún na nGall é seo. Cuireann an chartlann rochtain phoiblí saor in aisce ar fáil ar bheagnach 40 uair an chloig d’ábhar scannán, teilifíse agus raidió trí mhíreanna cosúil le nuachtscannáin, nuacht teilifíse agus raidió agus cláir faisnéise. 

Tabharfaidh an t-ábhar fuaime agus amhairc atá sa chartlann seo tuigbheáil ar stair shóisialta na n-oileán amach ón chósta i gContae Dhún na nGall ó na 1950idí go dtí an lá atá inniu ann. Tig amharc ar an chartlann saor in aisce sa Mhúsaem gan coinne a dhéanamh. 

Níl muid cinnte. Bhí dineasáir ar domhan idir 245 agus 66 milliún bliain ó shin, ach tá an chuid is mó de charraigeacha na hÉireann an aois mhícheart do dhineasáir, ró-shean nó ró-óg. Fágann sé seo go bhfuil sé chóir a bheith dodhéanta a dhearbhú go raibh dineasáir ann sa chuid den tír seo. Ní bhfuarthas ach dhá chnámh iontaise dineasáir in Éirinn, an dá cheann ón áit chéanna ar chósta Chontae Aontroma. 

;