
Caidé Mar a Thugaim Rud Don Mhúsaem?
Tá a scéal féin le hinsint ag achan rud. Leanann muid ar aghaidh ag forbairt agus ag fás ár mbailiúcháin agus bíonn suim againn i gcónaí a chluinstin faoi rud ar bith a bhaineann le stair Chontae Dhún na nGall agus a thiocfadh leatsa a bheith sásta a thabhairt dúinn.
Faightear gach rud a ghlactar isteach sna bailiúcháin de réir ár bPolasaí Bailiúcháin. Tá rudaí atá deonaithe mar chuid de bhailiúchán Mhúsaem Contae Dhún na nGall. Ní chuirfear achan rud a ghlactar isteach sna bailiúcháin ar taispeáint.
Gabh i dteagmháil leis an Mhúsaem ag museum@donegalcoco.ie agus abair leo gur mhaith leat rud a thabhairt daofa. Thig leat bualadh isteach sa Mhúsaem le do thabhartas ansin nó déanfaidh ball foirne coinne le cuairt a thabhairt ort. Nuair a bheidh na foirmeacha riachtanacha críochnaithe, déanfar an rud a fháil go foirmiúil agus a chur isteach i mbailiúchán an Mhúsaeim. Beidh an rud ar fáil do thaighdeoir de réir mar a bhíonn gá leis. Seans go rachaidh sé ar taispeáint inár dtaispeántas fadtéarmach nó thiocfadh é a úsáid i gceann ar bith dár dtaispeántais shealadacha.
Maidir lenár dtaispeántais shealadacha, glacfaidh an Músaem le rudaí ar iasacht ar feadh tréimhsí ama ar leith.