
Bailiúchán an Mhúsaeim
Bailíonn agus caomhnaíonn Músaem Chontae Dhún na nGall oidhreacht ábhartha Chontae Dhún na nGall do na glúnta atá le teacht. Bíonn muid ag iarraidh míreanna a bhailiú a bhaineann le stair ghinearálta an chontae nó a chuidíonn lena léiriú. Sa mhéid seo tá míreanna a rinneadh, a úsáideadh ag am inteacht nó a bhfuil stair ag baint leo ar bhealach eile taobh istigh de Chontae Dhún na nGall. Cuidíonn ár mbailiúchán atá ag méadú i gcónaí le scéal an chontae a insint ó dheireadh na hOighearaoise deireanaí go dtí an lá atá inniu ann.
Thig leat amharc ar chuid dár mbailiúchán ar líne