Skip to main content Skip to main content

Stair Teaghlaigh

Ar Ais go Stair Áitiúil

Tá bailiúchán fairsing leabhar, irisí agus ábhar eile a bhaineann le ginealas agus stair theaghlaigh i Lár-Leabharlann Leitir Ceanainn. Cé nach bhfuil ábhair phríomhúla againn, amhail taifid breitheanna, básanna, póstaí srl., is féidir lenár n-acmhainní stair teaghlaigh cuidiú leat tosú ar do chuardach don sinsear sin a bhfuil sé doiligh a theacht air. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an leabharlann roimh ré le coinne a chur in áirithe mar go bhfuil roinnt míreanna ar fáil i bhformáid micreascannáin amháin, agus tá roinnt nuachtán i stóras.

Tá bailiúcháin staire áitiúla níos lú a bhaineann lena gceantar féin ag achan leabharlann eile i nDún na nGall agus b’fhéidir go mbeidh siad in ann an fhaisnéis atá de dhíth ort a chur ar fáil. Tá míreanna micreascannánaithe ar fáil freisin i Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin agus i Leabharlann Phobail na Rosann, An Clochán Liath. Déan teagmháil leis an leabharlann chuí sula dtéann tú ar cuairt.
 
Le sonraí teagmhála agus uaireanta oscailte na Lár-Leabharlainne agus na leabharlanna áitiúla go léir a fháil, le do thoil cliceáil anseo.
 
Le do chuardach don sinsear sin a bhfuil sé doiligh a theacht air a thosú, cliceáil ar an leabhrán thíos:

Acmhainní ar Líne

Tá acmhainní ar líne againn a dtig rochtain a fháil orthu i do leabharlann is gaire agus thiocfadh leo cuidiú leat scéalta daoine agus áiteanna spéisiúla a nochtadh. 

 

 

Rollaí agus Cláir

 

Úinéirí Talún na hÉireann, De Burgh

 

 

Naisc chuig suíomhanna eile Stair Teaghlaigh agus Ginealaigh
•    Eaglais na hÉireann
•    Cartlann Chontae Dhún na nGall
•    Acmhainní Ginealais Dhún na nGall
•    Ginealas Éireann
•    Leabharlann Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha
•    Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
•    An Chartlann Náisiúnta
•    Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann
•    Griffith's Valuation
•    Ciste Fíorúil na hÉireann
•    Dúchas
•    Reiligí na hÉireann
•    Cumann Staire Preispitéireach na hÉireann
•    Cláir Pharóiste Caitliceacha

Diaspóra Dhún na nGall
Bunaíodh tionscadal Diaspóra Dhún na nGall le teagmháil a dhéanamh le pobal domhanda Chontae Dhún na nGall, a “Pobal Domhanda”, agus le dul i mbun oibre leo. Tá daoine a bhfuil baint acu le Dún na nGall sa líonra seo, is cuma cá bhfuil cónaí orthu. Feidhmíonn sé mar acmhainn faisnéise, naisc, comhpháirtíochtaí agus forbartha.

Le tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.donegaldiaspora.com.

 

;