
JSTOR
Is acmhainn chuimsitheach ar líne é JSTOR a chlúdaíonn réimse leathan topaicí. Tá rochtain ar The Ireland Collection saor in aisce ag aon bhrainse de leabharlann Dhún na nGall. Is bailiúchán idirdhisciplíneach d’irisí agus d’ábhair eile é The Ireland Collection. Tá teidil agus acmhainní ann ó réimse na n-ealaíon, na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí i ndisciplíní mar cheol, ealaín, stair, litríocht, seandálaíocht, matamaitic agus bitheolaíocht. Clúdaíonn na hábhair an tréimhse ó na 1780idí go dtí an lá atá inniu ann.