Skip to main content Skip to main content

Leabharliostaí

Ar Ais go Stair Áitiúil

Leabharliostaí Bhliantán Dhún na nGall

Tá gach earra nua-cheannaithe a bhaineann le Dún na nGall san áireamh i mbibleagrafaíocht a fhoilsíonn Cumann Staire Dhún na nGall sa Donegal Annual achan bhliain.

Cliceáil ar na naisc thíos fá choinne liosta cuimsitheach de théacsanna a bhaineann le Dún na nGall atá foilsithe le déanaí:

Leabharliosta Cholm Cille

Foilsíodh Leabharliosta Cholmcille le comóradh a dhéanamh ar Cholmcille 1500. Cliceáil ar an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi Cholmcille, agus fá choinne liosta leabhar faoi Cholmcille atá ar fáil i mBailiúchán Staidéar Dhún na nGall, an Lár-Leabharlann, Leitir Ceanainn:

Leabharliostaí 1916

Foilsíodh na leabharliostaí do dhaoine fásta agus do dhaoine óga chun Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh agus tá réimse leathan teideal ón chéad bliain idir an dá am. Cliceáil ar an nasc ábhartha leis an rogha leabhar atá ar fáil trí do leabharlann áitiúil a fheiceáil.

Muintir Uí Bhléine - 100 bliain d'ionadaíocht pholaitiúil leanúnach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Sa bhliain 2025, cheiliúir Muintir Uí Bhléine 100 bliain d’ionadaíocht leanúnach pholaitiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Rinneadh comóradh ar an ócáid le Fáiltiú Sibhialta i dTeach an Chontae, Leifear, agus cuireadh an leabharliosta seo le chéile dó.

 

 

;