
Trealamh Fuinnimh Baile
Cuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall Trealamh Fuinnimh Baile ar fáil le fáil ar iasacht saor in aisce ó do leabharlann áitiúil ar feadh 7 lá ag an am.
Tá na Trealamh Coigilte Fuinnimh Baile deartha le cuidiú leat do thomhaltas fuinnimh a thuiscint agus na réimsí is tábhachtaí de do theach ar chóir duit aird a dhíriú orthu a aithint chomh maith le bealaí le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
Tá cúig uirlis phraiticiúla leis an trealamh:
1. monatóir fuinnimh breiseáin
2. brathadóir sceite teirmeach
3. eochair don radaitheoir
4. méadar teochta agus taise
5. teirmiméadar cuisneora reoiteora
Trí bhearta simplí coigilte fuinnimh a chur i bhfeidhm, d'fhéadfaí do bhille fuinnimh a laghdú suas le 20% agus compord do thí a fheabhsú agus timpeallacht níos fearr a chothú ag an am chéanna.
Tá na huirlisí sa trealamh furasta le húsáid, ní gá duit a bheith i d'innealtóir le tuiscint a fháil ar an dóigh a n-oibríonn siad. Cuireann siad bealach idirghníomhach agus inláimhsithe ar fáil chun coincheap na húsáide fuinnimh a thabhairt isteach i do theach agus bealach iontach leis an teaghlach ar fad a bheith páirteach!
Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil chun infhaighteacht a sheiceáil. Tá amanna oscailte agus suíomhanna ar fáil ANSEO. Mura bhfuil tú i do bhall den leabharlann thú, ní fadhb í sin. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce, agus tig leat a bheith páirteach go héasca ag do bhrainse is gaire nó ar líne ANSEO.