
Seachadadh Chun Tí
Tá ár seirbhís Seachadadh chun Tí ar fáil do dhaoine a mbíonn deacracht acu teacht chomh fada lena leabharlann áitiúil de bharr a sláinte, cúrsaí soghluaisteachta, agus cúiseanna eile. Seo a leanas sonraí maidir leis an dóigh le rochtain a fháil ar an tseirbhís:
Céim 1 – Déan teagmháil leo do leabharlann áitiúil nó cuir ríomhphost chuig centrallibrary@donegalcoco.ie.Bíodh do Chárta Leabharlainne agus d’Éirchód réidh agat le do thoil.
Céim 2 – Cuir in iúl do fhoireann na Leabharlainne cén cineál leabhar nó DVDanna is fearr leat
Céim 3 – Roghnóidh foireann na leabharlainne míreanna bunaithe ar do rogha féin agus ar a dtaithí féin.
Céim 4 – Déantar na hearraí a phacáistiú ansin agus a sheachadadh chuig do dhoras.
Céim 5 - Suigh siar agus bain sult as na hearraí.
Tá rogha mór leabhar, closleabhair, cló mór, DVDanna agus dlúthdhioscaí ceoil i mbailiúchán na Seirbhíse Leabharlainne. Gheobhaidh foireann leabharlainne a bhfuil taithí acu rud éigin a oireann do gach duine!
Tá na hearraí uile ar iasacht fhadtéarmach agus níl táille ar bith thar téarma i gceist. Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil nuair a bheidh tú réidh le do leabhair a thabhairt ar ais.