
Pleanáil Mo Chuairte
Is cuma cé acu ball den leabharlann thú nó nach ball thú, tá fáilte roimh achan duine chuig ár leabharlanna le brabhsáil a dhéanamh, léitheoireacht a dhéanamh agus scíth a ligean.
Molaimid do gach duine ár n-uaireanta oscailte a chinntiú sula dtagann sibh ar cuairt ionas nach mbeidh díomá oraibh. Dóibh siúd ar mian leo ríomhaire poiblí a úsáid nó rochtain a fháil ar sheirbhís ar leith, mholfaimis dóibh teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil roimh ré le háit a chur in áirithe.
Imeachtaí: Bíonn neart imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl go rialta i do leabharlann áitiúil. Le heolas a fháil, amharc arFhéilire na nImeachtaí.
Scéalta Sóisialta: Tá scéal sóisialta forbartha againn don Lár-Leabharlann, Leabharlann Phobail na Nascbhailte agus Leabharlann Phobail Bhun Cranncha, agus thiocfadh leis seo cuidiú le daoine eolas a chur ar an leabharlann agus ar a bhfuil le súil leis sula dtugann siad cuairt uirthi.
Scoileanna agus Grúpaí: Más mian leat go dtabharfadh ball foirne tiomnaithe cuairt duit nó go ndéanfadh sé gníomhaíocht le do ghrúpa, mholaimid go mór duit teagmháil a dhéanamh le do bhrainse roghnaithe roimh ré. Ar an dóigh sin tig linn a chinntiú go bhfuilimid ullmhaithe. Tig linn fiú clárú ballraíochta grúpa a shocrú roimh ré más rud é go bhfuil suim agat ann ionas go mbeidh cárta leabharlainne réidh ag achan duine dá gcuairt.
Tugann neart grúpaí cuairt go rialta le brabhsáil a dhéanamh nó le hearra a fháil ar iasacht gan coinne, agus cuirimid fáilte roimhe sin fosta. Mar sin féin, ní thig linn a chinntiú nach mbeidh grúpa eile istigh, gníomhaíocht ar siúl nó go mbeidh seirbhís thapa ar fáil.