Skip to main content Skip to main content

Clubanna Leabhar

Ar Ais go Mo Leabharlann Áitiúil

Buntáistí

Tabhair an leabhar sin chun beatha! Roinn do thaithí léitheoireachta trí bheith páirteach i gClub Leabhar. Is bealach iontach é le bualadh le daoine nua, tú féin a chur in iúl agus do léargas ar chúrsaí léitheoireachta a leathnú. Tá sé sóisialta, tugann sé deis do thuairimí a phlé agus spreagann sé díospóireacht.

Tugann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall an deis duit páirt a ghlacadh i gceann dár gcuid Clubanna Leabhar iomadúla ar fud an chontae inár mbrainsí leabharlainne. Tá siad neamhfhoirmiúil, cairdiúil agus oscailte. Is breá le daoine áirithe plé a dhéanamh agus neart le rá acu, is fearr le daoine eile éisteacht agus trácht corruair a dhéanamh. Cibé stíl atá agat, táimid cinnte go mbainfidh tú taitneamh as an méid atá le tairiscint ag ár gclubanna leabhar.

Clubanna Leabhar na Leabharlann

Bíonn Clubanna Leabhar Leabharlainne ar siúl i go leor leabharlann ar fud an chontae do dhaoine fásta, do dhaoine óga agus do pháistí. De ghnáth, tosaíonn siad gach bliain i mí Mheán Fómhair agus críochnaíonn siad arís i rith míonna an tsamhraidh. Cuirimid na leabhair ar fáil d'achan chruinniú.

Má tá spéis agat a bheith i do bhall do chlub leabhair, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil le fáil amach an bhfuil Club Leabhar gníomhach i do cheantar.

Tosaigh do Chlub Leabhar Féin

Nach bhfuil tú in ann dul chuig an leabharlann, nó ar mhaith leat do chlub leabhar féin a thosú le cairde nó le daoine eile a bhfuil grá acu don léitheoireacht? Tá réimse ollmhór acmhainní ar líne le cuidiú leat do roghanna a mheas. Tig leat bualadh le chéile sa bhaile, i siopa caife nó in ionad pobail. Tá na féidearthachtaí gan teorainn! Molaimid duit úsáid a bhaint as árdTreoirlínte don Chlub Leabhar mar thúsphointe. Tá leideanna ann agus tá sé lán le faisnéis úsáideach le cuidiú leat ar do bhealach.

Tig le do leabharlann áitiúil rochtain a chur ar fáil duit ar chóipeanna ó stoc Chlub Leabhar Sheirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall le cuidiú le costais a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Tá réimse leathan de na leabhair seo againn.

•    Daoine Fásta
•    Daoine Óga agus Páistí

Tig linn cárta leabharlainne a shocrú duit atá dírithe go sonrach ar do Chlub Leabhar, cárta a mbeidh tréimhse iasachta níos faide agus acmhainn níos mó aige.

Is foinse fhéideartha eile é ár n-acmhainn ríomhleabhar agus ríomh-chlosleabhar ar líne le haghaidh do léitheoireachta is déanaí é Borrowbox, . Níl aon chostas i gceist le haon chuid de seo. 

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

Naisc Úsáideacha

Tá réimse leathan acmhainní agus suíomhanna ar fáil do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i gClubanna Leabhar agus i ngach rud a bhaineann le léitheoireacht:
•  Féile Clubanna Leabhar na hInse
•  Club Leabhar
•  RTÉ Cultúr
•  Gradaim Leabhar na hÉireann
•  Leabhair Pháistí Éireann

 

;