Skip to main content Skip to main content

Áiseanna Cruinnithe agus Staidéir

Ar Ais go Mo Leabharlann Áitiúil

Spásanna Staidéir
Tig le duine ar bith os cionn 12 bliana d’aois dul isteach sa leabharlann le staidéar a dhéanamh le linn uaireanta oscailte. I roinnt áiteanna tá faighneoga staidéir ar leith ann do ghrúpaí agus tig iad a chur in áirithe roimh ré, agus tá táblaí scaipthe ar fud ár leabharlann a thig a úsáid chun críocha staidéir gan gá le háirithint a dhéanamh. Ní gá duit a bheith i do bhall chun ár n-áiseanna staidéir a úsáid. 
•    Is iad tuismitheoirí agus cúramóirí atá freagrach ar leanaí ar bhonn dlíthiúil, agus ba chóir dóibh a leanbh a thionlacan agus iad sa leabharlann. Caithfidh an duine seo a bheith ina dhuine fásta.
•    Ní mór maoirseacht a dhéanamh ar leanaí faoi 12 bliana d'aois i gcónaí sa leabharlann.
•    Cinntigh le do thoil gur baill iad páistí os cionn 12 bliana d'aois a théann chuig an leabharlann gan tionlacan, go bhfuil uimhir theagmhála cothrom le dáta acu le haghaidh tuismitheora agus/nó caomhnóra agus go bhfuil siad ar an eolas faoi amanna dúnta.

Leis an eolas iomlán a fháil, léigh an Cód Iompair um Chosaint agus Sábháilteacht Leanaí i Leabharlanna Poiblí agus ár gCód Iompair.

Rochtain ar Ríomhairí Poiblí
Ní mór duit a bheith i do bhall den leabharlann le ríomhairí, ríomhairí glúine agus táibléid na leabharlainne a úsáid Molaimid duit teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil roimh ré le seisiún a chur in áirithe a mhaireann 55 nóiméad agus atá saor in aisce. Tig cur le fad an tseisiúin sin mura bhfuil aon duine eile ag fanacht le rochtain a fháil ar cheann. Tá ballraíocht saor in aisce agus ar an toirt. Faigh amach faoin dóigh le ballraíocht a ghlacadh ANSEO.

Tá Wi-Fi ar fáil in achan bhrainse le linn gnáthuaireanta oscailte. Níl de dhíth ort ach do chárta leabharlainne le rochtain a fháil air. 

Fóin phearsanta/ríomhairí glúine a luchtú
I gcás ina bhfuil soicéad ar fáil i limistéar poiblí agus go bhfuil do chábla féin agat, nach mbíonn sé ag dul trasna na leabharlainne agus nach gcuireann sé isteach ar úsáideoirí eile, tig leat do ghléas pearsanta a luchtú. Is ar a phriacal féin a dhéanann duine amhlaidh agus ní thig Comhairle Contae Dhún na nGall a chur faoi fhreagracht as aon ghoid nó damáiste a dhéantar dá bharr.

Spásanna Cruinnithe
Más mian le grúpa bualadh le chéile go rialta agus áiseanna na leabharlainne a úsáid saor in aisce, téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil le roghanna a phlé. Is minic a chuireann muid spás ar fáil do ranganna comhrá, do ghrúpaí cniotála agus do chúrsaí eile i gcuid de na hionaid atá againn.

Ghaoth Dobhair seomraí tiomnaithe a chur ar fáil atá ar fáil do ghrúpaí pobail agus deonacha agus daoine aonair le cruinnithe, ranganna, ceardlanna agus imeachtaí a reáchtáil. Tá ár bpolasaí um úsáid seomraí cruinnithe ANSEO.

Trealamh
Tig le grúpaí a úsáideann spás na leabharlainne an trealamh seo a leanas a chur in áirithe lena úsáid, faoi réir infhaighteachta agus suímh:
•    Ríomhaire Glúine
•    Teilgeoir & Scáileán
•    Scáileán Digiteach
•    Smeach-chairt
•    Micreafón & Callairí don ócáid
•    Trealamh Físchomhdhála (An Lár-Leabharlann)

Tá WiFi ar fáil in achan spás fosta.

;