
Mo Leabharlann Áitiúil
I nDún na nGall, tá 13 brainse, 8 nIonad Taobh Tíre agus seirbhís leabharlainne soghluaiste trasteorann comhroinnte anseo i nDún na nGall.
Tig leat an chéad leabhar eile a chur in áirithe i ngach ceann dár leabharlanna agus Ionaid Taobh Tíre agus cuirfimid ríomhphost chugat nuair a bheidh sé réidh le bailiú. Tig leat do leabhar a thabhairt ar ais chuig ceann ar bith dár leabharlanna nó Ionaid Taobh Tíre.
Tá rochtain idirlín agus Wi-Fi ar fáil saor in aisce in achan cheann dár mbrainsí leabharlainne. Tá áiseanna priontála, cóipeála agus scanadh againn ar an láthair agus baineann táille bheag leis. Faigh amach cén áit a bhfuil do leabharlann áitiúil agus faoina cuid uaireanta oscailte ANSEO.