
M’Aip Leabharlainne
Faigh leabhair ar iasacht ó leabharlanna ag baint úsáide as d'fhón!
Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a n-aip nua Leabharlainne a sheoladh. Tá an aip saor in aisce agus tig í a fháil ar iTunes agus Google Play araon trí chuardach a dhéanamh ar Donegal Library Service. Tá an Aip furasta le húsáid agus tugann sí deis duit taitneamh a bhaint as ábhar go gasta agus go héasca, uaireanta oscailte do do Leabharlann is gaire a aimsiú agus a bheith ag amharc ar an fhéilire Imeachta
Ina theannta sin, tig leat an ghné féinseiceáil isteach agus féinseiceáil amach a úsáid i Leabharlann Lárnach Leitir Ceanainn, Leabharlann Bhun Cranncha, Leabharlann na Nascbhailte, Leabharlann Bhun Dobhráin agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair. Eiseofar an leabhar go huathoibríoch chuig do chuntas leabharlainne. Tig leat barrachód aon leabhair i siopa leabhar a scanadh freisin agus iarratas a chur isteach i do Leabharlann áitiúil má tá sé ar fáil.
Tig leis an scáileán aip tosaíocht a thabhairt do na seirbhísí is tábhachtaí duit, lena n-áirítear rochtain ar an fhaisnéis leabharlainne is déanaí ar na meáin shóisialta. I measc na ngnéithe eile tá cuntais nasctha a chur leis le faisnéis Leabharlainne a roinnt le teaghlach, cairde nó baill den phobal.
Le bainistíocht éasca a dhéanamh, tig leat súil a choinneáil ar chártaí leabharlainne agus iasachtaí an teaghlaigh ar fad in aon áit amháin ar an ghléas a roghnaigh tú. Tig leat an teanga a athrú fosta agus rochtain a fháil ar aipeanna atá ann cheana féin le haghaidh ríomhleabhair agus ríomhnuachtán.
Tá sé saor in aisce, simplí le húsáid agus is gné úsáideach é do lucht leanúna leabhar de gach aois.
Má tá cuidiú de dhíth ar dhuine ar bith maidir leis an aip a úsáid, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil agus beidh an fhoireann breá sásta cuidiú leat. Tá uaireanta oscailte na leabharlann ar fáil anseo.