Skip to main content Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

Ar Ais go Ballraíocht

Ballraíocht agus Iasachtaí

Chun ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann, caithfear foirm iarratais a líonadh.Thig leat é seo a dhéanamh ar líne nó go fisiciúil i do leabharlann áitiúil. 

Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO.

Ní bhíonn tú ró-óg in am ar bith le tairbhe a bhaint as buntáistí cárta leabharlainne. Tig leat cárta leabharlainne a fháil ó bhreith. Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO.

Tig leat baill leabharlainne suas le 12 earra fisiciúla a fháil ar iasacht ar feadh 21 lá. Tig achan mhír a athnuachan ar líne faoi dhó a fhad is nach n-iarrann ball eile í. 

Tig le múinteoirí agus soláthraithe cúram leanaí suas le 40 leabhar a fháil ar iasacht ar feadh 84 lá. Téigh isteach bhrainse áitiúil agus tabhair litir ón scoil leat mar mhodh aitheantais le clárú don tseirbhís seo.   

Tá roghanna ann le hairgead a fháil ar iasacht ar líne amhail ríomhleabhair, ríomhleabhair fuaime, ríomhghreannáin, ríomhirisí agus ríomhnuachtáin. Tá teorainneacha difriúla ag gach soláthraí. 

Tabhair leabhair ar ais chuig leabharlann phoiblí ar bith atá áisiúil duit. Tá 13 bhrainse ar fud Dhún na nGall, ach má tá tú ar laethanta saoire tig leat do leabhair a thabhairt ar ais chuig leabharlann phoiblí ar bith in Éirinn.

Tig leat earraí a fháil ar iasacht ó leabharlann phoiblí ar bith in Éirinn agus iad a thabhairt ar ais chuig do leabharlann áitiúil fosta. 

Tig leat rochtain a fháil ar do chuntas ar líne ag am ar bith le leabhar a athnuachan nó le leabhar a chur a chur in áirithe. Tig leat earra a athnuachan faoi dhó ar líne fad is nach bhfuil duine ar bith eile ag fanacht le teideal a fháil ar iasacht. I ndiaidh duit leabhar a athnuachan den dara huair, gabh chuig leabharlann ina dtig leo é a atheisiúint ar do chárta. 


Logáil isteach chun do chuid leabhar a athnuachan ANSEO.

Tá ré na bhfíneálacha thar téarma thart. Ní ghearraimid táille anois ar earraí atá thar téarma. Ní hionann fíneálacha thar téarma gan a bheith ann agus a rá nach bhfuil freagracht ort. Gheobhaidh tú meabhrúcháin agus ríomhphoist thar téarma go fóill lena chur in iúl duit earraí a thabhairt ar ais chuig an leabharlann.  Tabhair na hearraí ar ais le do thoil roimh an dáta dlite ionas go dtig le húsáideoirí eile leabharlainne iad a fháil ar iasacht. Coinnigh ag athnuachan le do thoil do chuid earraí ar líne, ar an fhón nó go pearsanta ag do bhrainse áitiúil.

Tabhair ar ais le do thoil earraí atá thar téarma a luaithe agus a a fhaigheann tú fógra thar téarma.  Má tá ceist ann faoi earra a thabhairt ar ais, déan teagmháil le do thoil le ball foirne leabharlainne leis seo a phlé.

Mura dtugann tú earra ar ais nó mura ndéanann tú teagmháil le ball foirne leabharlainne le hearra atá thar téarma a phlé sula bhfaigheann tú an tríú meabhrúchán, cuirfear bac ar do chárta ó aon earraí eile a thabhairt amach nó a athnuachan, lena n-áirítear ríomhleabhair agus ríomhleabhair fuaime. Ní thig cead iasachta a athbhunú go dtí go mbeidh an t-earra atá thar téarma tugtha ar ais agat, nó go mbeidh teagmháil déanta agat le ball foirne leabharlainne leis an ábhar a phlé.

Seoltar ríomhphoist mheabhrúcháin mar seo a leanas:
•    3 Lá roimh an Spriocdháta: Ríomhphost Meabhrúcháin
•    Lá Amháin i ndiaidh an Spriocdháta: Ríomhphost Meabhrúcháin
•    3 Seachtaine i ndiaidh an Spriocdháta: Ríomhphost Meabhrúcháin
•    9 Seachtaine i ndiaidh an Spriocdháta: Meastar gur earra caillte é, go bhfuil pribhléidí iasachta cárta blocáilte agus go bhfuil iarrtha ar an úsáideoir é a chur i láthair na leabharlainne.

Tig leat sonraí do bhallraíochta a sheiceáil, lena n-áirítear cé acu atá earraí thar téarma agat ag am ar bith trí logáil isteach i do chuntas ar líne.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil ar an fhón nó trí bhualadh isteach ann. Thiocfadh dó nach mbeadh i gceist ach go gcaithfeá do bhallraíocht a athnuachan. 

Tabhair cuairt ar an leabharlann agus cuir an fhoireann ar an eolas agus eiseoidh siad cárta nua do do chuntas. Más roinnt blianta atá ann nó má bhí ceann agat nuair a bhí tú ar scoil, iarrfar ort do sheoladh reatha a fhíorú trí chruthúnas seolta a thabhairt ar aird.

Tá táille bheag €2 ann le cárta athsholáthair a eisiúint

In amanna, bíonn tréimhse níos gairide iasachta ag earraí a bhfuil éileamh ard leo.

Níl táille athsholáthair ar bith ann d'earraí do pháistí atá caillte nó a bhfuil damáiste déanta dóibh. Ní iarrfar ar bhaill faoi bhun 18 mbliana d’aois costais athsholáthair a íoc. Ní bheidh táillí athsholáthair i bhfeidhm ar earraí ar bith a cailleadh/a ndearnadh damáiste dóibh ar chárta do Dhaoine Óga.

Iarrfar ort táille athsholáthair a íoc má tá an t-earra atá caillte nó má tá damáiste déanta dó ina earra do dhaoine fásta atá ar chárta ballraíochta do dhaoine fásta (os cionn 18 mbliana d’aois). Ríomhfar an costas seo mar phraghas ceannaigh an earra.

Tig táillí athsholáthair a íoc ag brainse leabharlainne ar bith, beag beann ar an áit as ar tháinig an t-earra.

Teicneolaíocht

Caithfidh tú a bheith i do bhall den leabharlann le ríomhairí, ríomhairí glúine agus táibléid na leabharlainne a úsáid. Molaimid duit teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil roimh ré le seisiún a chur in áirithe a mhaireann 55 nóiméad agus atá saor in aisce. Tig cur le fad an tseisiúin sin mura bhfuil aon duine eile ag fanacht le rochtain a fháil ar cheann. Tá ballraíocht saor in aisce agus ar an toirt. Faigh amach faoin dóigh le ballraíocht a ghlacadh anseo.

Tá Wi-Fi ar fáil in achan bhrainse le linn gnáthuaireanta oscailte. Le rochtain a fháil air níl le déanamh agat ach soláthraí Wi-Fi na leabharlainne a roghnú agus glacadh leis na Téarmaí & Coinníollacha. 

Sea, ar choinníoll go bhfuil do chábla féin agat, agus nach síneann sé trasna na leabharlainne (ní chruthaíonn sé guais tuisle) agus ní chuireann sé isteach ar úsáideoirí eile. 

Déan teagmháil le do Lárleabharlann le tuilleadh eolais a fháil faoin mheaisín priontála 3D.

Glacann, mar atá leagtha amach inár bpolasaí tabhartais. Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil. 

Spás sa Leabharlann

Tá, cinnte. I roinnt brainsí, tá cochaill staidéir tiomnaithe a dtig iad a chur in áirithe roimh ré. 

Beidh gach gníomhaíocht i leabharlann Dhún na nGall a bhaineann le leanaí treoraithe de réir leas na leanaí. Tá ról gníomhach ag foireann na leabharlainne maidir le cosaint leanaí i soláthar seirbhísí leabharlainne do leanaí in atmaisféar sábháilte, dearfach agus spreagúil.
Cinntigh le do thoil go bhfuil uimhir theagmhála cothrom le dáta ag leanaí a thugann cuairt ar an leabharlann gan tionlacan le haghaidh tuismitheora agus/nó caomhnóra agus go bhfuil siad ar an eolas faoi amanna druidte. 
•    Is iad tuismitheoirí agus cúramóirí atá freagrach ar bhonn dlíthiúil as leanaí, agus ba chóir dóibh a  bheith in éineacht leis an leanbh agus é/í sa leabharlann. Caithfidh an duine seo a bheith ina dhuine fásta.
•    Caithfear maoirseacht a dhéanamh ar leanaí faoi bhun 12 bliana d'aois i gcónaí sa leabharlann.

Leis an eolas iomlán a fháil, léigh an Cód Iompair um Chosaint agus Slándáil Leanaí i Leabharlanna Poiblí le do thoil.

Más mian leat iasacht a fháil mar eagraíocht, mar réamhscoil, nó mar scoil, tabhair litir leat atá sínithe ag do mhaoirseoir/phríomhoide agus bain leas as iasacht suas le 40 leabhar ar feadh 84 lá.

Cinnte! Reáchtálaimid Seirbhís Seachadta chun Tí atá ceaptha do dhaoine a bhfuil deacracht acu cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil mar gheall ar shláinte, soghluaisteacht nó cúiseanna eile. 


Faigh eolas faoinár tSeirbhís Seachadta chun Tí anseo.

Is tionscnamh de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall é Taobh Tíre a bhfuil sé mar aidhm aige seirbhísí leabharlainne a fheabhsú do phobail thuaithe agus iargúlta ar fud Chontae Dhún na nGall. Oibríonn an tSeirbhís Leabharlainne i gcomhpháirtíocht le grúpaí pobail áitiúla, agus le gníomhaireachtaí eile, le rochtain ar leabhair agus ar sheirbhísí faisnéise a sholáthar i gceantair atá róbheag le leabharlann brainse a chothabháil.
 
Cuireadh tús leis an tseirbhís i mí na Nollag 2002 agus bunaíodh 13 Ionad Taobh Tíre ar fud an Chontae. De ghnáth bíonn na hionaid seo suite in Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, i dTionscadail Forbartha Pobail, i gComharchumainn Pobail, nó i bhfoirgnimh phobail eile. Tá 8 nIonad Taobh Tíre ar fud Dhún na nGall faoi láthair, i gCill Chartha, ar an Fhál Carrach, i mBaile na Finne, in Árainn Mhór, i dToraigh, sna Dúnaibh, i mBaile Suingean agus i bPaiteagó.

Tig leat do chárta leabharlainne a úsáid in ionad Taobh ar bith Tíre nó dul isteach sa leabharlann trí d’ionad áitiúil Taobh Tíre. Tig leat na leabhair atá ar an láthair a fháil ar iasacht in ionad Taobh Tíre, agus earraí a ordú tríd an chatalóg náisiúnta ar líne ag Ionad Taobh Tíre nó ón bhaile, agus iad a sheachadadh chuig Ionad Taobh Tíre is rogha leat.

Is ionann ballraíocht a ghlacadh trí d’Ionad Taobh Tíre agus ballraíocht a ghlacadh in leabharlann phoiblí ar bith. Tabharfaidh do chárta rochtain duit ar acmhainní ar líne Sheirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall, a dtig leat rochtain a fháil orthu áit ar bith le do chárta leabharlainne.

Tá an tseirbhís Leabharlainne Soghluaiste Trasteorann ar fáil in Oirthear Dhún na nGall agus in Inis Eoghain Theas, ag freastal ar Halla an Phoirt, Droim Eochaille, Baile Suingean, An Carraigín, Mainéar Uí Chuinneagáin, An Baile Nua, An Bheart, Bun na hAbhann, Ceann an Droichid, Rinn Uí Choigligh, Magh agus Cill Fhéich. Freastalaíonn sé ar roinnt bailte agus sráidbhailte i dTuaisceart Éireann chomh maith. Dearadh taobh amuigh ildaite na feithicle bunaithe ar mholtaí ó pháistí áitiúla.

Maoiníodh an tseirbhís seo faoi Chlár Síochána agus Athmhuintearais an AE faoi Bheart 5.2 Feabhsú Comhar Trasteorann san Earnáil Phoiblí go dtí Meitheamh 2006, nuair a rinneadh í a phríomhshruthú i seirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Leabharlanna Thuaisceart Éireann. Ba í seo an chéad Leabharlann Soghluaiste Trasteorann a tugadh isteach sa tír.

Faigh amach cén tseachtain atá i bhfeidhm faoi láthair trí chliceáil anseo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Leabharlannaí Feidhmiúcháin  
Sinéad McLaughlin:
Teil: 074 9153900
r-phost: smclaughlin@donegalcoco.ie 

Tá áthas an domhain orainn go bhfuil tú ag smaoineamh ar theacht ar cuairt. Braitheann sé i ndáiríre ar a bhfuil tú ag dúil leis ó do chuairt. Más mian leat seirbhís ghasta nó foireann leabharlainne tiomanta le tú a thabhairt thart nó gníomhaíocht a dhéanamh le do ghrúpa, molaimid go láidir duit teagmháil a dhéanamh le do bhrainse roghnaithe roimh ré. Ar an dóigh sin tig linn a chinntiú go bhfuilimid ullmhaithe. Tig linn fiú clárú ballraíochta grúpa a shocrú roimh ré más rud é go bhfuil suim agat ann ionas go mbeidh cárta leabharlainne réidh ag achan duine dá gcuairt.

Tugann neart grúpaí cuairt go rialta le brabhsáil a dhéanamh nó le hearra a fháil ar iasacht gan coinne, agus cuirimid fáilte roimhe sin fosta

Tacaíocht

Is é an bealach is fusa le fadhbanna ar bith a réiteach ná teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil agus uimhir do chárta leabharlainne a thabhairt dóibh. Ba chóir go mbeadh siad in ann fadhbanna ar bith a réiteach duit go han-ghasta.

Tig leis in amanna a bheith chomh simplí le:
o    Tá do chárta leabharlainne blocáilte ionas gur féidir le foireann na leabharlainne do sheoladh a fhíorú. Tarlaíonn sé seo go huathoibríoch ar an chóras achan bhliain. 
o    Tá leabhar agat atá thar téarma ar feadh 9 seachtaine nó níos mó. Nuair a tharlaíonn sé seo, cuirtear bac ar phribhléidí iasachta cárta agus iarrtar ar an úsáideoir dul i láthair na leabharlainne.

Ná bíodh sé seo mar bhac ort teacht chuig an leabharlann arís. Tarlaíonn sé níos minic ná mar a shíleann tú agus tig é a réiteach go furasta. 

Tig d'uimhir PIN a athnuachan anseo trí úsáid a bhaint as uimhir do chárta leabharlainne agus do shloinne.

Má tá deacracht ar bith agat leis sin, cuir glaoch nó tabhair cuairt ar bhrainse ar bith agus beidh ball foirne in ann cuidiú leat. 

;