Skip to main content Skip to main content

Bí Linn

Ar Ais go Ballraíocht

Ballraíocht a ghlacadh le do Leabharlann

Tá ballraíocht i leabharlann phoiblí go hiomlán saor in aisce d'achan duine in Éirinn. 

Tig leat ballraíocht a ghlacadh leis an leabharlann ag aois ar bith ach caithfidh leanaí agus daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois cead tuismitheora nó caomhnóra a fháil le ballraíocht a ghlacadh leis an leabharlann. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as a gcuid leanaí sa leabharlann, agus as roghanna agus úsáid ábhar agus seirbhísí na leabharlainne ag a gcuid leanaí, lena n-áirítear rochtain ar an idirlíon agus acmhainní ar líne. 

Cláraigh Anois

Eolas Tábhachtach

Le ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann, caithfear foirm iarratais a líonadh.Tig leat é seo a dhéanamh ar líne nó go fisiciúil ag an leabharlann. 

Má chomhlánaíonn tú an fhoirm ar líne, caithfidh dul isteach sa leabharlann agus aitheantas grianghrafadóireachta (cé tú féin) agus cruthúnas ar sheoladh reatha (an áit ina gcónaíonn tú) a thaispeáint le do bhallraíocht a chríochnú agus do chárta leabharlainne a fháil.  

Nuair a ghlacann tú ballraíocht leis an leabharlann, gheobhaidh tú cárta leabharlainne agus Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN). 

Beidh do chárta leabharlainne de dhíth ort le hearraí a fháil ar iasacht agus beidh do PIN de dhíth ort le ríomhairí pearsanta agus seirbhísí ar líne a úsáid agus earraí a chur in áirithe agus a athnuachan ar líne. 

Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú nach ndéantar do PIN a chomhroinnt le duine ar bith eile, nach scríobhtar ar do chárta leabharlainne é ná nach stóráiltear é in aon áit a chuirfeadh sábháilteacht do PIN i mbaol. 

Caithfidh leanaí agus daoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois cead tuismitheora/chaomhnóra a fháil le bheith páirteach sa leabharlann agus caithfidh tuismitheoir/caomhnóir glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha ballraíochta thar a gceann.
 
Nuair a bhíonn leanbh nó duine óg incháilithe le catagóir iasachtaí a athrú ó bhallraíocht Linbh go ballraíocht Duine Óg (12-14), nó ó bhallraíocht Duine Óg (12-14) go ballraíocht Duine Óg (15-17), ní mór do thuismitheoirí/chaomhnóirí glacadh le téarmaí agus coinníollacha na ballraíochta thar a gceann.

Maireann an bhallraíocht bliain amháin. Tig leat do bhallraíocht a athnuachan trí theagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil nó trí do chuntas ar líne.

Le ballraíocht leabharlainne, tig leat seirbhísí leabharlainne a úsáid mar seo a leanas: 

Baill Fásta 
Tig le baill fásta rochtain a fháil ar bhailiúcháin agus seirbhísí na leabharlainne go léir agus is féidir leo an t-idirlíon* a úsáid. 

Baill Óga (15-17) 
Tig le baill idir 15-17 mbliana d’aois rochtain a fháil ar bhailiúcháin uile na leabharlainne, DVDanna suas le rátáil 15, agus tig leo an t-idirlíon a úsáid.* 

Baill Óga (12-14) 
Tig le baill idir 12 agus 14 bliana d’aois rochtain a fháil ar bhailiúcháin na bpáistí agus na ndaoine óga, DVDanna suas le rátáil 12, agus tig leo seirbhísí idirlín do pháistí a úsáid.* 

Páistí (faoi 12) 
Tig le baill faoi bhun 12 bliana d’aois rochtain a fháil ar leabharlann na bpáistí, ar DVDanna suas le rátáil PG, agus ar sheirbhísí idirlín do pháistí.* 

*Tá rochtain ar an idirlíon faoi réir pholasaí rochtana idirlín na leabharlainne agus thiocfadh leis athrú ag brath ar an leabharlann atá in úsáid agat – déan seiceáil le do leabharlann áitiúil le do thoil. 

Is leatsa amháin atá do chárta leabharlainne agus ní thig le duine ar bith eile é a úsáid. 

Tabhair do chárta leat chuig an leabharlann achan uair a thugann tú cuairt.Leis seo a dhéanamh níos fusa, má íoslódálann tú aip na leabharlainne, agus má chláraíonn tú, beidh cód barra do chárta leabharlainne agat i gcónaí nuair a bheidh d'fhón agat. 


    
Iarrtar ort foireann na leabharlainne a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoi athruithe ar bith ar do shonraí ballraíochta nó má chailleann tú do chárta leabharlainne. 

Caithfidh tú cloí le cód iompair do leabharlainne i gcónaí agus áiseanna na leabharlainne á n-úsáid agat agus cloí le coinníollacha Acht an Chóipchirt agus na gCeart Gaolmhar, 2000. 

;