Skip to main content Skip to main content

Ballraíocht

Ar Ais go Leabharlanna

Tá i bhfad níos mó ná leabhair i gceist leis an leabharlann... 

Tá go leor fáthanna ann ar chóir duit ballraíocht a ghlacadh le do sheirbhís leabharlainne áitiúil. Le do chárta leabharlainne tig leat earraí a fháil ar iasacht ó leabharlann ar bith sa tír nó iad a thabhairt ar ais chucu.  

Tá 330 brainse leabharlainne in Éirinn, ina measc siúd 13 brainse, 8 nIonad Taobh Tíre agus seirbhís leabharlainne soghluaiste trasteorann comhroinnte anseo i nDún na nGall. 


Trí chlárú saor in aisce mar bhall, tig leat: 
•    Leabhair fhisiciúla, dlúthdhioscaí (CDanna), DVDanna (DVDanna), cluichí ríomhaire a fháil ar iasacht agus rochtain a fháil ar irisí agus nuachtáin 
•    Ríomhleabhair, closleabhair agus ríomh-Irisí a fháil ar iasacht  
•    Rochtain a fháil ríomhnuachtáin laethúla agus ríomhleabhair do pháistí i dteangacha éagsúla 
•    Cúrsa ar líne a dhéanamh 
•    Stair do theaghlaigh nó do cheantair áitiúil a fhiosrú 
•    Rochtain a fháil ar Wi-Fi saor in aisce, úsáid a bhaint as ríomhairí pearsanta agus ríomhairí Apple Mac i roinnt brainsí. 
•    Clárú faoi choinne ranganna le scileanna nua a fhoghlaim 
•    Páirt a ghlacadh i gclub leabhar 
•    Freastal ar imeachtaí saor in aisce le linn na bliana  

An dóigh le ballraíocht a ghlacadh leis an leabharlann 

Le ballraíocht a ghlacadh leis an leabharlann, comhlánaigh an fhoirm seo ar líne, agus ansin tabhair píosa aitheantais amháin agus cruthúnas ar do sheoladh (amhail bille, ráiteas bainc nó litir ó sheirbhís áitiúil nó rialtais) chuig do leabharlann áitiúil le do chárta a bhailiú. 

Tig féidir leat an fhoirm a líonadh isteach sa leabharlann fosta mura mian leat é a dhéanamh ar líne – ach déan cinnte d’aitheantas agus cruthúnas ar do sheoladh a thabhairt leat. 

;