Skip to main content Skip to main content

Na hEalaíona agus an Éagsúlacht Chultúrtha

Ar Ais go Ealaíon

Cumas a fhorbairt sna hEalaíona agus sa Chultúr éagsúil ar fud Dhún na nGall, déanaimid é seo trí:

  • Clár Forbartha Luchta Féachana
  • Comhpháirtíochtaí Meantóra / Ealaíontóra le heagraíochtaí ealaíon, oideachais agus cultúrtha.
  • Tacú le healaíontóirí nua agus le heagraíochtaí ealaíon atá ag teacht chun cinn trí mhaoiniú, trí chónaitheachtaí agus tríd an fhorbairt ghairmiúil.
  • Féiniúlacht chultúrtha Dhún na nGall a chur chun cinn trí ealaín.
  • Feabhas a chur ar chaighdeán na beatha agus ar an chuimsiú sóisialta trí rochtain ar eispéiris ealaíonta agus chultúrtha.

Feabhas a chur ar rochtain chun páirt a ghlacadh sna hEalaíona d'achan duine

  • Grúpaí éisteachta
  • Obair tras-teorainn
  • Obair i scoileanna

Tacaigh agus Cuir ar an Eolas

  • Tacaíochtaí Iarratais
  • Réamhrá do phríomhshealbhóirí
  • Líonrú
  • Poibliú ar dheiseanna maoinithe

Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chruthú

  • Leabharlanna
  • Ionad Réigiúnach Cultúir
  • Músaem Contae
  • Ionaid Ealaíon agus Chultúrtha
  • Aonad Ionchuimsithe Shóisialta CCDNG
  • CCDNG – Foireann Imeasctha Údaráis Áitiúil (FIÚA)
  • Grúpa Forfheidhmithe na Straitéise um Chuimsiú Eitneach a bhaineann le Daoine Gorma agus Mionlaigh
  • Ionad d’Oibrithe Deonacha Dhún na nGall 
  • Bunscoileanna agus Meánscoileanna
  • An Earnáil Phobail & Dheonach 
  • Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall, Campas Leitir Ceanainn

Liosta Thionscnaimh 2024/2025 - Na hEalaíona agus an Éagsúlacht Chultúrtha - An tSeirbhís Ealaíon, Comhairle Contae Dhún na nGall

Tháinig suiteán cumhachtach go Leitir Ceanainn le teachtaireacht mhór fá mhí-úsáid baile agus dlúthpháirtíocht fríd ealaín. Tá an Suiteán LOVE mar chuid den tionscnamh 'One Million Stars Ireland' agus rinneadh é a óstáil i dtrí shuíomh sa bhaile.

Buíochas le hIonad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus OTA Dhún na nGall, cuireadh tús leis an tsuiteán in OTA Dhún na nGall, ansin bhí sé in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn agus ar deireadh lasmuigh d'Amharclann an Ghrianáin.

Tá sé comhdhéanta de réaltaí le hocht rinn lámhfhite – gach ceann acu a léiríonn solas, dóchas agus aontacht i gcoinne an fhoréigin – agus bhí réaltaí ó gach cearn d’Éirinn sa taispeántas ildaite. Ba ráiteas cumhachtach amhairc é an suiteán maidir le tacaíocht agus athléimneacht an phobail.

Príomhthosaíocht de chuid chlár Éire Ildánach is ea malartú eolais. Tríd an chlár Meantóireachta d'Ealaíontóirí, thug Seirbhís Ealaíon Dhún na nGall, le tacaíocht ó Éire Ildánach, deis d'ionaid oideachais agus ealaíon agus cultúir dul i dteagmháil le healaíontóirí nua ó phobail Eitneacha a bhaineann le Daoine Gorma agus Daoine Mionlaigh agus ó phobail Tromlaigh Dhomhanda. Chuir achan ionad spás agus am ar fáil d'ealaíontóirí inár gclár meantóireachta. Trí pháirt a ghlacadh sa chlár seo déanann ealaíontóirí píosa bunaidh saothair  a chomhdhearadh agus a chomhchruthú. Mar chuid d'Oíche Chultúir 2025, taibheoidh ealaíontóirí píosa bunaidh.

L-R Deborah Stockdale, Cathaoirleach Cllr Niamh Kennedy, Hanna Pidkaliuk, Tetiana Kovalova.

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall leis an chlár meantóireachta atá aici cheana féin leis an Taispeántas/  Cás taispeántais maidir le Meantóir-Ealaíontóir —clár chun cleachtas ealaíonta a fhorbairt agus béim a leagan ar luach na meantóireachta sna healaíona. Trí threoir chruthaitheach, tacaíocht airgeadais agus cur i láthair poiblí thug an tionscadal sin deis d'ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn oibriú le meantóirí a bhfuil taithí acu agus a gcuid oibre a roinnt leis an phobal i gcoitinne.

Chuir na meantóirí a bhí ag obair i mbeirteanna sraith imeachtaí poiblí ar fáil lena n-áirítear léirithe, léamha cleachtaidh agus taispeántais in ionaid chultúrtha le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bhí na himeachtaí sin mar thoradh ar a saothar comhoibritheach agus deis a nguth ealaíonta a roinnt le lucht féachana áitiúil.

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall, fríd an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta, maoiniú ar fáil chun íoc as costais na dtaispeántas agus na dtacaíochtaí tógála acmhainne leabaithe sa chlár. Chiallaigh sé sin go raibh na huirlisí agus na hacmhainní a bhí ag teastáil ó mheantóirí agus ealaíontóirí chun go n-éireodh leo.

Fríd infheistíocht a dhéanamh i meantóireacht agus ardán a chur ar fáil fá choinne cur i láthair, chuir an tionscadal go mór le tírdhreach cultúrtha Dhún na nGall — ag léiriú ról an rialtais áitiúil maidir le tacú leis na healaíona agus le forbairt chruthaitheach.

Mar chuid den tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta, d'oibrigh Seirbhís Ealaíon Dhún na nGall le 10 nIonad Acmhainní Teaghlaigh ar fud an chontae chun Eitleog a Eitilt faoi choinne Cuimsithe a sheachadadh, tionscnamh cruthaitheach atá dírithe ar an phobal chun éagsúlacht chultúrtha agus cuimsiú a chur chun cinn.

Bunaithe ar shiombalachas cultúrtha na n-eitleog i dtraidisiún na Síne - áit a léiríonn siad saoirse, dóchas agus cairdeas - thug an tionscadal pobail le chéile i spiorad ceiliúradh agus tuisceana.

Ceardlanna agus Imeachtaí
D'óstáil gach ceann de na 10 nIonad Acmhainní Teaghlaigh ceardlanna déanta eitleoige ina bhféadfadh teaghlaigh agus baill an phobail a gcuid eitleoige féin a dhearadh agus a dhéanamh. Ní hamháin gur asraonta cruthaitheacha a bhí sna ceardlanna sin ach spásanna fá choinne idirphlé, naisc agus malartú cultúrtha fosta.


Le cois na gceardlann, reáchtáladh imeachtaí lae oscailte i ngach ionad ina bhféadfadh daoine an cuimsiú agus an éagsúlacht a cheiliúradh trí ghníomhaíochtaí bunaithe ar ealaíon agus trí thaithí chomhroinnte

Tionchar ar an bPobal
Bhí raon leathan agus éagsúil rannpháirtithe rannpháirteach in Eitleog a Eitilt faoi choinne Cuimsithe, rud a léiríonn saibhreas phobail Dhún na nGall. Fríd dhaoine a thabhairt le chéile timpeall ar ghníomhaíocht chomhroinnte, neartaigh an tionscadal an pobal, spreag sé naisc idirchultúrtha agus leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le cuimsiú sa tsaol laethúil.


Eispéireas spraíúil oideachasúil a bhí sa tionscadal, a neartaigh naisc phobail agus a léirigh meas ar éagsúlacht chultúrtha i nDún na nGall.

 

Deireadh Seachtaine Cónaithe um Scannánaíocht Fón Cliste do Nuatheachtaithe i nDún na nGall


Go luath in 2025 chuir Dún na nGall fáilte roimh thionscnamh cruthaitheach nua chun pobail Eitneacha a bhaineann le Daoine Gorma agus le Mionlaigh agus pobail Tromlaigh Dhomhanda a chumhachtú trí scannánaíocht. Thug an Deireadh Seachtaine Cónaithe um Scannánaíocht Fón Cliste oiliúint phraiticiúil fá choinne rannpháirtithe i scríbhneoireacht scripte, i ndéanamh scannán agus in eagarthóireacht – agus úsáid á baint acu go léir as na huirlisí a bhíonn á n-iompar acu ina bpócaí gach lá.


Faoi stiúir 'Póca Productions', bhí an deireadh seachtaine cónaithe sin ina spás tacúil comhoibríoch inar tháinig borradh faoin chruthaitheacht agus inar forbraíodh scileanna nua.

Oiliúint agus Gníomhaíochtaí
Thar an deireadh seachtaine, cuireadh oiliúint ar rannpháirtithe sna réimsí seo a leanas:

•    Scriptscríbhneoireacht – Bunghnéithe na scéalaíochta agus na scríbhneoireachta scripteanna gearra suas le 2 nóiméad ar fhad.
•    Scannánaíocht – Taithí phraiticiúil ar fhíseáin a lámhach trí fhóin chliste a úsáid agus rochtain ar threalamh gairmiúil agus teagasc ina leith.
•    Eagarthóireacht – Treoir maidir le heagarthóireacht trí úsáid a bhaint as bogearraí atá oiriúnach faoi choinne gléasanna móibíleacha.

D'oibrigh na rannpháirtithe i bhfoirne chun a gcuid scéalta a thabhairt beo, ag scannánú an oiread gearrscannán agus is féidir thar an deireadh seachtaine. Spreagadh iad siúd nár chríochnaigh a gcuid scannán ar an láthair leanúint de bheith ag obair go neamhspleách, ag tógáil ar an mhóiminteam ón deireadh seachtaine.

Tionchar an Tionscadail
Faoi dheireadh an tionscadail léiríodh bailiúchán gearrscannán – suas le 12 san iomlán, agus 4 cinn ar a laghad curtha i gcrích ar an láthair. Níos mó ná clár oiliúna, chruthaigh an Deireadh Seachtaine Cónaithe um Scannánaíocht Fón Cliste pobal, thóg sé muinín agus thug sé asraon cruthaitheach do rannpháirtithe chun leanúint ar aghaidh níos faide ná an tionscadal.


Ní hamháin gur thug an tionscnamh seo scileanna meán do dhaoine aonair ach thug sé spás freisin faoi choinne léiriú pearsanta, scéalaíocht agus taithí chomhroinnte i measc na gcónaitheoirí is nua i nDún na nGall.

 

Mar chuid de Chruinniú na nÓg & an tOileán Comhroinnte, chuaigh Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le bunscoileanna i nDún na nGall agus i nDoire chun tionscadail ealaíon agus éagsúlachta cultúrtha trasphobail a chur ar fáil.

Tionscnamh trasteorann trasphobail ealaíon agus éagsúlachta cultúrtha  a bhí sa tionscadal "Ár nDomhan - Ceiliúradh ar Chultúir" a raibh sé bhunscoil, trí cinn i nDún na nGall agus trí cinn i nDoire páirteach ann. Ceapadh an tionscadal chun tuiscint ar mhalartú cultúrtha a chur chun cinn agus chun an éagsúlacht a cheiliúradh, agus bhí mic léinn, múinteoirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus seantuismitheoirí rannpháirteach i sraith gníomhaíochtaí tumthacha ealaíon agus cultúrtha. Trí iarrachtaí comhoibríocha ealaíontóirí a bhfuil taithí acu, rinne daltaí iniúchadh ar dhamhsa/gluaiseacht, scéalaíocht, scileanna sorcais agus ceol agus léirigh siad ag an am céanna na féiniúlachtaí cultúrtha éagsúla atá i láthair ina scoileanna.

 

In 2025 seolfaidh Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall 'Trav Art' – Amharclannaíocht Fóraim, tionscnamh nua a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le Tionscadal maidir leis an Lucht Siúil  i nDún na nGall. Cuirfidh an tionscadal guthanna agus eispéiris an Luchta Siúil i gcroílár an léirithe chruthaithigh, agus úsáid á baint as an amharclannaíocht mar uirlis don idirphlé, don chumhachtú agus don tuiscint chultúrtha. Rinneadh 'Trav Art' a chomhdhearadh le baill de phobal an Luchta Siúil agus fiosróidh sé saincheisteanna a bhaineann le cultúr an Luchta Siúil trí shraith ceardlann drámaíochta. Is é David Grant, Léachtóir Sinsearach Drámaíochta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a bheidh i gceannas ar an tionscadal. Tá taithí fhairsing aige de bheith ag obair le grúpaí imeallaithe trí úsáid a bhaint as amharclannaíocht na ndaoine faoi chois agus modhanna amharclannaíocht na bhfóram. Trí shraith ceardlann idirghníomhach, tabharfar tacaíocht do rannpháirtithe ó phobal an Luchta Siúil chun “a scéal a insint” agus chun téamaí casta sóisialta agus cultúrtha a fhiosrú i dtimpeallacht shábháilte mheasúil. Bainfear úsáid as teicnící maidir le hAmharclannaíocht  Fóraim chun comhrá a spreagadh agus chun athrú a spreagadh trí chuireadh a thabhairt do rannpháirtithe agus do lucht féachana dul i ngleic le cásanna fíorshaoil agus machnamh a dhéanamh ar dhearcthaí éagsúla. Rinneadh an togra a chomhdhearadh idir Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Tionscadal Lucht Siúil Dhún na nGall le cinntiú go léiríonn sé riachtanais, leasanna agus tosaíochtaí phobal an Lucht Siúil. 'Trav Art' – Cothóidh Amharclann Fóraim tuiscint, tabharfaidh sé dúshlán do thoimhdí agus méadóidh sé guthanna an Luchta Siúil i bpobal Dhún na nGall i gcoitinne. Cruthóidh sé deiseanna don idirphlé, don léiriú ealaíonta agus don fheasacht shóisialta – lena léireofar cén dóigh ar féidir leis na healaíona a bheith ina ndroichead idir cultúir agus ina spreagadh don athrú.

Déanfaidh Féile Dhún na nGall agus na gCruach  teagmháil le pobail nua in 2025 chun páirt a ghlacadh i gCarnabhal Bhéal Átha Seanaidh. Rachaidh an tSeirbhís Ealaíon i dteagmháil go straitéiseach le Forbairt Pobail Bhun Dobhráin, cóiríocht éigeandála, ionaid chóiríochta shealadacha agus Ionaid IPAS chun teacht ar dhaoine nua agus iad a chur san áireamh san imeacht seo.

Anois sa dara bliain, cuirfidh Pobal Indiach Leitir Ceanainn, le tacaíocht ó Sheirbhís Ealaíon Dhún na nGall agus Aonad um Chuimsiú Sóisialta de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall  Mela Dhún na nGall i láthair i mí Lúnasa 2025. Déanann an ócáid shuntasach seo ceiliúradh agus taispeántas ar chultúr bríomhar na hIndia i bpobal Dhún na nGall, ag tairiscint meascán uathúil de cheardlanna, gníomhaíochtaí, ceol, léirithe beo, agus stallaí d'achan aois le taitneamh a bhaint astu.


Is céim eile é Mela Dhún na nGall i gcur i bhfeidhm na Straitéise um Chuimsiú Eitneach maidir le Daoine Gorma agus Mionlaigh ag Comhairle Contae Dhún na nGall, a fhéachann le héagsúlacht chultúrtha, cuimsiú agus aontacht a chur chun cinn sa phobal.


Is ceiliúradh cultúrtha suntasach é an ócáid seo, a chuireann ardán ar fáil do phobal na hIndia chun a n-oidhreacht shaibhir a roinnt le pobal Dhún na nGall i gcoitinne. Is deis iontach é do theaghlaigh agus do dhaoine aonair taitneamh a bhaint as tráthnóna tumtha de chultúr agus de shiamsaíocht. Is comhpháirtíocht é Dún na nGall Mela idir Ionad Pobail na hIndia, Leitir Ceanainn agus Comhairle Contae Dhún na nGall agus tá tacaíocht aige ó Éire Ildánach.

Reáchtálfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall ceithre Cabaret Idirchultúrtha, ceiliúradh ar éagsúlacht fríd na healaíona, cultúr agus bia. I gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí cultúrtha ar fud Dhún na nGall beidh cleachtóir ealaíon náisiúnta ó chúlraí éagsúla i ngach imeacht agus cuirfidh sé ardán cuimsitheach ar fáil d'ealaíontóirí Eitneacha Dubha agus Mionlaigh idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla. Taispeánfaidh na himeachtaí spraíúla, il-ealaíne sin léiriú cultúrtha agus nasc agus infheictheacht laistigh den phobal. Dúirt Billie Jean King "Caithfidh tú rud a fheiceáil le dul leis" cuirfidh an Cabaret Idirchultúrtha ionadaíocht agus cuimsiú sna healaíona chun cinn. De réir Mholadh 5 den Ealaín Idirchultúrtha i nGníomh, tabharfaidh an tionscadal cuireadh gníomhach d’ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla comhoibriú le cleachtóirí áitiúla – idirphlé idirchultúrtha a neartú agus tírdhreach cultúrtha Dhún na nGall a shaibhriú.

I mí an Mhárta 2025, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, D'óstáil an Clr Niamh Kennedy ceolchoirm speisialta chun tacú le Seirbhísí Foréigin Baile Dhún na nGall. Bhí dhá cheann de na réaltaí is mó i nDún na nGall, Moya Brennan ó Clannad agus Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, ina gcomhóstaigh don oíche. Oíche le Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh an t-ainm a bhí ar an imeacht agus bhí sé ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar an 18 Aibreán. Bhí na Friel Sisters, amhránaí agus cumadóir as Gaoth Dobhair atá ag teacht chun cinn Larabel, Cór Mná Óga Danú agus daoine eile ag seinm ar an oíche.  Labhair an Clr Kennedy faoin ghá atá le feasacht a mhúscailt maidir le foréigean teaghlaigh agus an tost a bhriseadh timpeall ar mharthanóirí, faoin mhisneach a thógann sé chun cás mí-úsáideach a fhágáil agus faoin ghá atá le níos mó tacaíochta agus cóiríochta sábháilte do dhaoine leochaileacha. Mhol sí obair Sheirbhísí Foréigin Baile Dhún na nGall agus dúirt sí gurb é a bhí sa cheolchoirm ná cumhacht a thabhairt do dhaoine aonair agus airgead a bhailiú chun tithe sábháilte a chur ar fáil. Dúirt an Dr Marie Hainsworth, Príomhfheidhmeannach Seirbhísí Foréigin Baile Dhún na nGall gur fadhb áitiúil í mí-úsáid baile i nDún na nGall agus go náisiúnta agus gur thacaigh an tseirbhís le 300 teaghlach a ndeachaigh mí-úsáid teaghlaigh i bhfeidhm orthu in 2024 agus gur chuir sí cóiríocht éigeandála ar fáil do bhreis agus 60 teaghlach.

Rinne Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall cur i láthair mar chuid den ócáid bhliantúil Seachtain na gCathracha agus na Réigiún. Is í Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha an t-imeacht bliantúil is mó sa Bhruiséil atá tiomnaithe don bheartas comhtháthaithe. D'fhás sé chun bheith ina ardán neodrach chun dúshláin choiteanna do réigiúin agus do chathracha na hEorpa a phlé trí phobal éagsúil cainteoirí agus rannpháirtithe a thabhairt le chéile. Is é is aidhm don imeacht aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhroinnte atá os comhair réigiúin agus chathracha na hEorpa trí pholaiteoirí, cinnteoirí, saineolaithe agus páirtithe leasmhara ó earnálacha éagsúla a thabhairt le chéile agus trí fhéachaint ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. Fónann sé mar ardán fá choinne acmhainneacht a fhorbairt, malartú eolais, agus comhroinnt dea-chleachtas dóibh siúd a bhfuil baint acu le beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme agus a ionstraimí airgeadais a bhainistiú. Ina theannta sin, cothaíonn an t-imeacht comhar agus líonrú idir réigiúin agus cathracha agus cuireann sé leis an phlé níos leithne ar bheartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, lena n-ionchorpraítear léargais ó thaighde a rinneadh le déanaí agus ó dhearcthaí idirnáisiúnta.

Tá Rannóg Chultúir Dhún na nGall gníomhach i bhforbairt maidir le beartas nua Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe (EDI) trí phróiseas comhoibritheach agus comhairleach. Tá Rannóg Chultúir Dhún na nGall gníomhach i bhforbairt maidir le beartas nua Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe (EDI) trí phróiseas comhoibritheach agus comhairleach. I dteannta a chéile, tá na gnéithe sin mar bhonn eolais do straitéis chultúrtha níos cuimsithí a léiríonn guthanna agus pobail éagsúla Dhún na nGall.

;