Skip to main content Skip to main content

Clár na Féile

Ar Ais go Ealaíon

Bainistíonn an Rannán Cultúir clár fairsing féilte inmheánacha agus rannpháirtíocht i dtionscnaimh náisiúnta, i rith na bliana. Ina measc seo tá Seachtain Thraidisiúnta Leitir Ceanainn, Seachtain na Gaeilge, Féile na Bealtaine, Fuaim! Féile Fuaimriain Scannáin, Cruinniú na nÓg, Seachtain na hOidhreachta, Oíche Chultúir, 'Wainfest' agus Féile Dhún na nGall agus Féile na gCruach. 

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall tús le Féile Ealaíon an Earagail in 1989 agus tá an t-údarás áitiúil fós i measc na maoinitheoirí is suntasaí atá ag an ócáid. Is comhpháirtí bunaidh í an tSeirbhís Ealaíon freisin le Amharclann 'Fidget Feet Aerial Dance' agus Amharclann an Ghrianáin  i bhFéile bhliantúil 'Irish Aerial Dance Festival'  agus le 'Arts Over Borders' i bhFéile Idirnáisiúnta 'Friel Fest Lughnasa' agus tacaíonn sí le roinnt féilte bliantúla atá cómhaoinithe ag Scéim Infheistíochta Féilte na Comhairle Ealaíon (FIS), lena n-áirítear Deireadh Seachtaine Amhránaíochta Inis Eoghain de chuid Chiorcal Amhránaithe Traidisiúnta Inis Eoghain, Féile Roise Rua ar Árainn Mhór agus Féile na hInse de chuid Thionscadal Ceoil Thraidisiúnta Inis Eoghain. 

Má theastaíonn aon eolas eile uait nó má tá fiosrúchán agat - Amharc ar an mhír Fúinn.

;