Beartas Sealbhaithe
Cuireann Cartlann Chontae Dhún na nGall fáilte roimh shíntiúis chartlainne a bhaineann le stair, oidhreacht agus cultúr chontae Dhún na nGall.
Is minic a dhéantar cur síos ar dhoiciméid chartlainne mar phríomhábhar foinse, agus áirítear leo grianghraif, litreacha, gníomhais nó doiciméid dhlíthiúla, miontuairiscí cruinnithe, léarscáileanna, pleananna, físeáin, lámhscríbhinní, póstaeir, scríobleabhair, mórleabhair. Cuirimid fáilte roimh shíntiúis ó eagraíochtaí pobail, cultúrtha nó spóirt áitiúla, ó ghnólachtaí, ó chlubanna agus ó chumainn. Cuirimid fáilte ar leith roimh chartlanna bunscoileanna áitiúla.
Tá Beartas Sealbhaithe maidir le Cartlann ag Cartlann Chontae Dhún na nGall agus iarrann sí ar thaisceoirí Foirm um Chomhaontú Taisce a chomhshíniú.
Má tá suim agat ábhar cartlainne a bhronnadh ar Chartlann Chontae Dhún na nGall, seol ríomhphost chuig archivist@donegalcoco.ie