Tabhartais
Cartlanna a Bhronnadh
Bíonn an tSeirbhís Chartlainne sásta i gcónaí tabhartais chartlainne a fháil a bhaineann le stair agus cultúr chontae Dhún na nGall. Ba chóir d'aon duine ar mian leo míreanna nó bailiúcháin spéise a bhronnadh féachaint ar ár mBeartas Sealbhaithe agus teagmháil a dhéanamh leis an Chartlannaí.
Is mór ag Cartlann Chontae Dhún na nGall gach síntiús agus bailiúchán taiscthe. Táimid buíoch de na heagraíochtaí agus na daoine aonair a bhronnann nó a thaisceann cartlanna, rud a chuireann le stair agus cartlanna an chontae.
Aire a thabhairt do do chartlann
Tá fáilte roimh aon duine ar mian leo comhairle a fháil maidir leis an bhealach is fearr chun aire a thabhairt do chartlanna príobháideacha teagmháil a dhéanamh leis an Chartlann.
Cuirimid fáilte roimh fhiosrúcháin a bhaineann le stair agus cartlanna Dhún na nGall, tríd an phost, ar an ghuthán, trí ríomhphost agus trínár n-ardáin meáin shóisialta, agus déanaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar iarratais a luaithe is féidir.