
Tabhair Cuairt Orainn
Oifig & Seomra Taighde na Cartlainne
Tá oifig Chartlann an Chontae, Seomra Taispeántais agus Seomra Taighde lonnaithe i Leifear, atá suite ar an chéad urlár don Ionad 'Three Rivers'. Ba chóir a thabhairt faoi deara, ar an drochuair, nach bhfuil aon ardaitheoir ann agus ba chóir do thaighdeoirí faoi mhíchumas nó dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht teoranta fógra a thabhairt don chartlannaí roimh ré ionas gur féidir seomra eile, ar urlár na talún, a chur ar fáil faoi choinne taighde.
Coinní
Is trí choinne a dhéanamh roimh ré amháin a fhaightear rochtain ar an Chartlann chun taighde a dhéanamh. Is fearr fógra seachtaine, ar a laghad, a thabhairt. Chun coinne a dhéanamh, ba cheart teagmháil a dhéanamh le foireann na Cartlainne ar an ghutháin nó ar rphost. Bíonn an Chartlann ar oscailt 9.30 AM-12.45 PM agus 1.30 PM-4.15 PM.
· Rialacha do Léitheoirí
· Foirm Iarratais do Léitheoirí
An Seomra Taispeántais
Is féidir féachaint ar na taispeántais sa seomra Taispeántais, san fhorhalla os comhair na hoifige, le linn gnáthuaireanta oibre - gan coinne a dhéanamh roimh ré. Níl aon taispeántas ar siúl sa Chartlann faoi láthair.
Amanna Dúnta le linn na Bliana
Ní osclaítear an Chartlann ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire bainc in Éirinn, ar Aoine an Chéasta ná le linn na seachtaine idir Oíche Nollag agus Lá Caille (an dá lá sin san áireamh).
Sainseirbhísí
I measc na seirbhísí do thaighdeoirí tá grianghrafadóireacht dhigiteach cé go bhfuil sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir ach míreanna áirithe a dhigitiú ar chúiseanna caomhnaithe agus cóipchirt.