
Fúinn
Tá Seirbhís Chartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall freagrach as oidhreacht thaifeadta an chontae a chaomhnú, a fháil agus a chur ar fáil do mhuintir Dhún na nGall, don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht.
Tá an tSeirbhís Chartlainne mar chuid de Rannóg na Seirbhísí Cultúrtha, an Stiúrthóireacht Pobail, Cultúir agus Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall. Cuireann Cartlann Chontae Dhún na nGall seirbhís ar fáil don phobal agus do bhaill a foirne féin agus na Comhairle fosta.
Tá bailiúcháin chomhlachtaí poiblí áitiúla Dhún na nGall i gCartlann an Chontae chomh maith le bailiúcháin a bhronn daoine aonair agus eagraíochtaí príobháideacha a bhaineann le stair agus cultúr an chontae.
RÁITEAS MISIN
Féachann Cartlann Chontae Dhún na nGall le hoidhreacht dhoiciméadaithe an Chontae a chaomhnú, a fháil agus a chur ar fáil do mhuintir Dhún na nGall, don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht.