Foilseacháin
Foilseacháin
D'fhoilsigh Cartlann & Músaem Chomhairle Contae Dhún na nGall leabhar de cheithre aiste ar ábhar an Ghorta Mhóir i gContae Dhún na nGall mar chuid den chlár don Chuimhneachán Náisiúnta a reáchtáladh i mBaile na nGallóglach, 2023.
Thig leat é a íoslódáil i mBéarla nó i nGaeilge thíos:
The Consequences shall be Fearful: The Great Famine in County Donegal, Essays, by Hilary McLaughlin-Stonham Great Famine in Donegal (English)
Scanraithe faoina bhfuil i ndán: An Gorta Mór i nDún na nGall: Aistí le Dr Hilary McLaughlin-Stonham An Gorta Mór Dún na nGall (Gaeilge) V
Tá Leabhar Aistí Dheich mBliana na gCuimhneachán ag Breathnú ar Réabhlóid na hÉireann i nDún na nGall foilsithe agus tá sé ar fáil ar líne anois fosta. Anuraidh, cheap Cartlann an Chontae agus Músaem an Chontae (Rannóg Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall) an Dr Ben Rogers mar staraí cónaithe, mar chuid dá chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 2021. Mar Staraí Cónaithe, rinne an Dr Rogers taighde ar chuid de mhórbhailiúcháin Chartlann an Chontae - Bailiúchán Joseph Murray, miontuairiscí leabhair Bhord Bardachta (teach na mbocht) agus miontuairiscí Chomhairle na gCeantar Tuaithe & Uirbeach, ó 1918 – 1925. Rinneadh go leor de na bailiúcháin sin, a chuimsíonn an chéad fiche bliain den 20ú haois, a dhigitiú agus tá siad ar líne ar an tsuíomh gréasáin seo. Bunaithe ar an taighde a rinne sé anuraidh, chuir an Dr Rogers leabhar sé aiste amach bunaithe i gcomhar leis an tSeirbhís Cartlainne: Réabhlóid na hÉireann i nDún na nGall, 1919 – 1925; caibidlí mar seo a leanas:
- Eachtra Réabhlóideach i nDún na nGall: Joseph Murray agus an Cheathrú Bhriogáid (an Chéad Rannán ó Thuaidh);
- Iarratais Pinsean agus Saol Réabhlóideach na mBan i nDún na nGall, 1919 – 1925;
- Comhairlí Ceantair Tuaithe i nDún na nGall, 1918 – 20: Náisiúnachas Bunreachta san Idirthréimhse;
- Comhairlí Ceantair Tuaithe i nDún na nGall, 1920 – 25: Réabhlóid sa Rialtas Áitiúil;
- Comhairlí Ceantair Uirbeacha Dhún na nGall, 1919 – 1925: An Réabhlóid sna Bailte;
- Athchóiriú Dhlí na mBocht agus Soláthar Chúraim Sláinte i nDún na nGall Réabhlóideach, 1919 – 1923.
Déan teagmháil leis an tSeirbhís Chartlainne nó leis an Mhúsaem chun cóip chrua a fháil. Féach an leabhar anseo i mBéarla agus i nGaeilge:
Essays: Experiencing the Irish Revolution in Donegal
Réabhlóid na hÉireann i nDún nGall, Aistí
Leabhrán Comórtha na dToghchán Áitiúil 1920. Ba í 2020 comóradh céad bliain na dtoghchán áitiúil 1920, a bhí ríthábhachtach i stair an rialtais áitiúil in Éirinn. Leis na himeachtaí seo a chomóradh, agus mar gheall ar a dtábhacht don streachailt ar son neamhspleáchais, choimisiúnaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta foilseachán ó Chartlannaithe Rialtais Áitiúil agus Bainisteoirí Taifead chun toghcháin áitiúla 1920 a chomóradh. Arna chur in eagar ag na cartlannaithe Niamh Brennan (Dún na nGall) agus Gráinne Doran (Loch Garman) leis an teideal ‘Daonlathas & Athru: Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn’, tá an foilseachán seo ar fáil le híoslódáil saor in aisce i nGaeilge agus i mBéarla.
I measc na n-íomhánna sa leabhrán ó Bhailiúchán Chartlann Dhún na nGall tá litir ón Chumann Ionadaíochta Comhréireachta in 1919; grianghraf de tháblaí nua na gCeann Comhairimh do thoghcháin PR 1920; treoracha don oifigeach ceannais; fógra toghcháin; lena chois sin taifead ar aistriú vótaí barrachais Edward Kelly, iarrthóir rathúil as Dún na nGall.
Democracy & Change: Local Elections 1920
https://www.housing.gov.ie/sites/default/files/attachments/localelections1920_english_web.pdf
Daonlathas & Athru: Na Toghcháin Áitiúla de 1920
https://www.housing.gov.ie/ga/rialtas-aitiuil/votail/toghchain-aitiula/daonlathas-agus-athru
Fanad Health Club and Donegal District Nursing Associations: From the Cradle to the Grave
Cur i láthair agus alt ar Chlub Sláinte/Cumann Altranais Cheantar Fhánada:
Chun féachaint ar an bhailiúchán Chlub Sláinte Fhánada, féach ar an tsuíomh gréasáin seo faoin rannán Bailiúcháin.
Leabhrán ar stair agus ar oidhreacht Cheann Mhálanna: Malin Head: An Enchanting Place, A Colourful Past ar fáil mar PDF nó cóip chrua. Rinneadh taighde agus scríobhadh an leabhrán sin do Chartlann Chontae Dhún na nGall.
Tá ár leabhrán faoi stair Chomhairle Baile Bhun Cranncha (Comhairle Ceantair Uirbigh roimhe seo), a foilsíodh in 2014, ar fáil trí pdf nó i gcóip chrua. Rinneadh taighde agus scríobhadh an leabhrán sin do Chartlann Chontae Dhún na nGall.
Comhairle Baile/Ceantair Uirbigh Bhun Cranncha: Stair Ghearr
Tugann an foilseachán seo cuntas gairid ar an CLG in Éirinn agus i nDún na nGall, agus liostaítear ann na cartlanna atá i seilbh Chartlann Chontae Dhún na nGall, a bhronn Bord Contae an CLG ar Chartlann Chontae Dhún na nGall agus a liostaíodh. Tá cartlanna ar fáil le breathnú orthu i seomra taighde na Cartlainne i Leifear, trí choinne a dhéanamh roimh ré.
Leabhar ina bhfuil caibidlí gearra ar eisimirce ón 19ú haois ó Chontae Dhún na nGall & Doire go dtí na Stáit Aontaithe agus Ceanada.