Skip to main content Skip to main content

Iarnróid agus Eastáit Talún

Ar Ais go Bailiúchán Chartlann an Chontae

Páipéir na nEastát

  • Páipéir eastáit Horatio Granville Murray Stewart agus a chlainne: 15 mhír, imleabhair chíosa den chuid is mó ina bhfuil sonraí faoi thionóntaí agus méideanna cíosa a íocadh agus léarscáileanna, na Cealla Beaga, Cill Charthaigh, Cill Leacht Aodha, agus limistéir eile i nDeisceart Dhún na nGall, 1749 – 1880.
  • An Captaen Ernest Cochrane agus a theaghlach, Carraig Mhic Uidhilín, Inis Eoghain, páipéir eastáit: I measc na míreanna tá léarscáileanna, litreacha agus iris, 1865 – c.1950.
  • Páipéir eastáit Edward H. Harvey: 2 léarscáil agus ceann amháin ar cíos, Baile Lifín, Cluain Maine; Inse, Inis Eoghain, c. 1900.
  • Sir Arthur Chichester: nithe ar cíos agus ar Díol maidir le heastáit a shealbhaítear ó Mharcas Dhún na nGall, i mBun an Phobail, Inis Eoghain, 20 Noll 1951.
  • Jane Doherty: Fógra Scoir arna eisiúint ag [Richard] agus Jane Doherty lena dtugtar fógra díshealbhaithe sé mhí do thionóntaí, Domhnach, Bun an Phobail, 1866 – 68.
  • Hamiltons, cíosanna etc. eastát John agus Abraham Hamilton agus baill eile den teaghlach, i mBéal an Átha Móir agus i mBaile na Finne, 3 mhír, 1818 – 1849. 

 

Grianghraf de Mhuintir Hamilton

 

  • Groves ó Theach Gharrán an Chaisleáin, Leitir Ceanainn: áirítear albam grianghraf de bhaill teaghlaigh; cásanna maidir le cíos breithiúnach; litreacha lena n-áirítear litreacha ó James R. W. Grove agus é ag fónamh in arm na hIndia le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda; leabhair oidis teaghlaigh ó thús an 19ú haois; cártaí poist; leabhráin; leabhair chuntais feirme agus ábhar eile, c.1820 - 1920.

                                         

 

Sliocht: Leabhar Cócaireachta Gharrán an Chaisleáin
Ó Albam Grianghraf Mhuintir Grove
  

                 

 

  • Montgomery’s agus Boytons ó Theach Chonmhaí, a ceannaíodh i mí an Mhárta 2005. Áirítear cuntais feirme (1920idí), cíosanna (1890idí); beart comhad (1920idí); agus leabhair nótaí, 1890 – 1920idí.
  • Alexander Stewart ó na hArda: Cuntas Iontaobhaithe ar uacht Alexander Stewart (1873); agus Mórleabhar comhaontuithe lena n-áirítear comhaontuithe idir Stewart agus a thionóntaí, 1856-1896.
  • An Captaen Humfrey: cuntas cíosa eastáit agus caiteachais faoi choinne deisiúchán agus obair a rinneadh le Teach agus eastát an Chabháin Chorr, 1822 – 1835.
  • An Tiarna Liatroma: líon beag míreanna lena n-áirítear cóip de leabhar léarscáileanna de thailte Liatroma i mbarúntacht Chill Mhic Réanáin, 1779; litir lámhscríofa -ordú ón Tiarna Liatroma, scríofa chuig beirt thionóntaí, 1865; deontas suthain, 1870; agus léarscáil de ghabháltais an Tiarna Liatroma i gCarraig Airt 1874.

                                                                                                                    

Leabhair Chuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair An 19ú hAois Digitithe agus Caomhnaithe agus Ar Líne

Dhá leabhar cuairteoirí d'Óstán Ghaoth Dobhair, óstán faoi úinéireacht úinéir talún athchóirithe an Tiarna George Hill, deartháir Iarla Downshire i lár an 19ú haois.

Bhí an-tóir ag turasóirí saibhre as Éirinn agus thar lear ar Óstán Ghaoth Dobhair sa 19ú haois. Bhí an t-óstán faoi úinéireacht an Tiarna George Hill, deartháir 'Marquess of Downshire'. Fuair Hill cuid mhór talún in iarthuaisceart Dhún na nGall i dtús agus i lár an 19ú haois. De réir roinnt daoine, measadh go raibh Hill ina thiarna talún athchóirithe 'maith' cé go raibh go leor freasúra áitiúil ann i gcoinne a chuid athchóirithe, go háirithe nuair a thug sé tionóntaí isteach ó Albain chun críche innilt caorach ar scála mór. Mhéadaigh sé sin isteach i 'gcogadh caorach' cáiliúil Ghaoth Dobhair.

Dhá chlár maidir le cuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair atá ceangailte le leathar ó 1842 go 1874 a chaomhnú agus a athcheangal.

Tionscadal Éire Ildánach (2017)

Tá ról lárnach ag Óstán Ghaoth Dobhair i stair Chontae Dhún na nGall. Faoi úinéireacht úinéir talún conspóideach an Tiarna George Hill le linn an 19ú haois, bhí an-tóir ag turasóirí saibhre as Éirinn agus thar lear ar an óstán.  Cheannaigh Hill go leor talún in iarthuaisceart Dhún na nGall agus mheas roinnt daoine gur tiarna talún maith athchóirithe é, cé go raibh go leor freasúra áitiúil in aghaidh a athchóirithe.

Bronnadh an dá leabhar óstáin ar Chartlann Chontae Dhún na nGall roinnt blianta ó shin agus rinneadh iad a dhigitiú agus cuireadh na híomhánna digitithe ar líne ar shuíomh gréasáin Chartlann Sheirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ní hionann an dá leabhar cuairteoirí agus an chuid is mó de na leabhair cuairteoirí a d'fheicfí. Is foinse an-tábhachtach iad don stair shóisialta, eacnamaíoch agus pholaitiúil. Tá focail bheoga lámhscríofa acu ó chuairteoirí ar chonspóidí uile an lae.Tá scéalta, dánta, tráchtais, sceitsí, píosaí tuairimíochta agus líníochtaí iontu a bhaineann leis an óstán féin agus leis an saol faoin tuath i nGaoth Dobhair, lena n-áirítear scéalta a bhaineann le déileálacha an Tiarna George Hill lena thionóntaí. I measc na dtéamaí tá bochtaineacht agus an Gorta Mór, feirmeoireacht, an córas rondála, athchóiriú talún, cearta tionóntaí, tírdhreach, eisimirce, polaitíocht, driogadh neamhdhleathach uisce beatha, agus turasóireacht. I measc na gcuairteoirí bhí daoine saibhre agus cáiliúla an ama, mar shampla Robert William Wilde, Sir James Dombrain, Thomas Carlyle, John Mitchel, Thomas Emerson Headlam agus Marchioness Dhoire.

Tá dhá leabhar cuairteoirí óstáin i gCartlann Chontae Dhún na nGall, a chlúdaíonn na dátaí thuas. Bhí na leabhair i riocht fisiciúil an-leochaileach, le beagnach gach leathanach stróicthe nó millte agus na sna dromanna briste. Níorbh fhéidir leis an phobal an dá imleabhar ceangailte a láimhseáil, agus bhí gá le hobair chaomhnaithe phráinneach ar na clúdaigh, an ceangal agus ar na leathanaigh féin. Tá obair iontach déanta ag an Ox Bindery i gCo. Shligigh (www.oxbindery.ie) chun na himleabhair cheangailte a dheisiú go cúramach. Ba ghnóthas ollmhór é sin agus áiríodh leis deisiú de láimh ar leathanaigh, ‘múnlú duilleog leabhair’ (páirteanna de leathanaigh atá ar iarraidh a líonadh), bearradh, bloc téacs a fhuáil, líneáil droma a chur leis, alt bileoige ceangail maidir le héadach nua agus fordhuilleoga nua a chur leis, cláir a athcheangal, ton leathair a chruthú chun teacht leis an leathar bunaidh, athghreamú le leathair nua, an leathar bunaidh a ghreamú arís, deisiúcháin choirnéil, cláir fhactha a athmhúnlú agus bosca céime saincheaptha a chruthú faoi choinne stórála. Is féidir cuid den obair mhór sin a fheiceáil ó na híomhánna.

Tagann an tionscadal caomhnaithe faoi Cholún 2 Cruthaitheacht a Chumasú i ngach Pobal agus caomhnú agus caomhnú ár n-oidhreachta cultúrtha agus rochtain uirthi a chur chun cinn. Ba iad Éire Ildánach agus Comhairle Contae Dhún na nGall a mhaoinigh an obair chaomhnaithe.

Naisc:     Tuairisc Chaomhnaithe Óstán Ghaoth Dobhair                                                                         

Beathaisnéis an Uasail Benjamin Van de Wetering de The Ox Bindery

Athfhriotail ó Leabhair Óstán Ghaoth Dobhair

Eolas agus sleachta ó na cuairteoirí chuig Óstán Ghaoth Dobhair le linn an 19ú haois

Eagraíochtaí/gnólachtaí príobháideacha

  • Leabhair Chuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair. Sa dá imleabhar cheangailte sin tá iontrálacha agus tuairimí mionsonraithe ó aíonna a d'fhan in Óstán Ghaoth Dobhair. Ba leis an Tiarna George Hill (1801 - 1879) an t-óstán agus tá cur síos an-mhionsonraithe i leabhair na gcuairteoirí ar an tiarna talún, ar an cheantar agus ar an staid fhoriomlán i nGaoth Dobhair ó 1842 - 1874. Tá tagairtí iontu d'ábhair amhail an t-eastát áitiúil agus tionóntaí, eisimirce agus an gorta. I measc na gcuairteoirí suntasacha bhí: baill éagsúla de theaghlach Downshire; Thomas Campbell Foster; Sir James Dombrain; Thomas Carlyle;Thomas Emerson Headlam; An Dr. Henry Cooke; agus an Dr. William Robert Wilde. Bhí go leor cuairteoirí ó na contaetha máguaird ann fosta agus b'fhéidir go bhfuil tábhacht níos mó ag baint lena gcuid tuairimí ar na hathruithe a chonaic siad. Na himleabhair cheangailte ó 1842 – 1874. Anseo thíos tá pdf de thaifigh dhigiteacha ísle den dá imleabhar ceangailte; Tá siad ar fáil saor in aisce le hamharc orthu.

 

 

Leabhar Óstán Ghaoth Dobhair 1, 1842 - 1859 (leasaithe) 

Leabhar Cuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair, 1856 - 1874 (leasaithe)

Tá an chuid is mó de na taifid iarnróid liostaithe ar fáil don phobal. Mar sin féin, tá cuid de thaifid iarnróid Leitir Ceanainn & Loch Súilí de chineál príobháideach agus a bunaíodh le déanaí agus dá bhrí sin níl siad oscailte don phobal. Mar sin féin, is féidir sleachta roghnaithe a chur ar fáil, ach ar bhonn rochtana srianta.

  • Taifid iarnróid Leitir Ceanainn agus Loch Súilí: litreacha gearáin, teileagraim, comhfhreagras, duillíní gníomhaíochta laethúla, admhálacha, sonraisc, cuntais agus doiciméid phearsanra (le rochtain shrianta; Ba chóir go n-iarrfaí ar a laghad seachtain roimh ré.)
  • Líníochtaí Iarnróid Iarthar Dhún na nGall (1880)
  • Pleananna Iarnróid Ghleann na Finne (1860)
  • Priontaí de chuid Chuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (1956 – 60)
  • Priontaí de thraenacha Iarnróid Loch Súilí (1951 – 59)
  • Priontaí d'Iarnród fadaithe Leitir Ceanainn agus Ailt an Chorráin (1951 – 59)
  • Priontaí maidir le traenacha, stáisiúin agus línte Chomhchoiste Iarnród Dhún na nGall (1951 – 61)
  • Fodhlíthe, cuntais, doiciméid dlí, tráthchláir, bileoga agus ticéid, 1880 – 1960;
  • Póstaeir agus fógráin a bhaineann le hiarnróid, c. 1900 – 1950.

 

Inneall Ailt an Chorráin
Stáisiún Traenach Bhun Cranncha

 

;