Skip to main content Skip to main content

Daoine, Áiteanna agus Polaitíocht

Ar Ais go Bailiúchán Chartlann an Chontae

Achoimre ar an Bhailiúchán

Bhronn mac an Uasail Murray, Patrick, an bailiúchán cartlann a bhaineann le saol Joseph Murray ar Chartlann Chontae Dhún na nGall in 2010. Tugadh an uimhir thagartha fhoriomlán P/183 don bhailiúchán agus tá sé roinnte ina ranna lena n-áirítear Cuntais ar shaol Joseph Murray; Oiliúint agus Gairm san Oideachas; Cogadh na Saoirse agus an Luath-Stailc; Cogadh Cathartha na Luath-Óige; CLG; Saol Pearsanta; Ómós; Pinsean; Pinsin Daoine Eile; Grianghraif; Comhaltas an Gharda Síochána; Earraí inbhailithe.

Rugadh Joseph Murray i gContae Mhuineacháin ar an 15 Márta 1893, mac le Charles agus Mary Murray. D'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí i Muineachán go dtí 1909. Cuireadh oiliúint air mar mhúinteoirí i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach. Bronnadh Teastas Fiúntais an Chéad Ghrád air sa choláiste i ndiaidh dhá bhliain staidéir, a cháiligh mar mhúinteoir i mí Iúil 1914. I measc na bpáipéar sa bhailiúchán sin tá na teastais mhúinteoireachta bhunaidh a fuair Murray in 1914 i gColáiste Phádraig agus an meabhrán comhaontaithe idir é féin agus príomhoide Scoil Náisiúnta Bhun Dobhráin a d’fhostaigh é mar mhúinteoir cúnta ó 1916. (P/183/2/2/3).

Sular ceapadh é le bheith ag obair i mBun Dobhráin bhí sé ag obair ar feadh tréimhsí gearra i Muineachán agus i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe. In 1923, thug iar-phríomhoide ar scoil na mbuachaillí i mBun Dobhráin, an tUrramach Quigley, fianaise ar maidir le bar feabhais Murray mar mháistir cónaitheach leis an scoil sin i mBun Dobhráin ag rá: ‘le linn an ama sin fuair sé an meas is mó as a dhílseacht iontach dá dhualgas agus as a chineáltas agus a rath lena dhaltaí’. (P/183/2/3/3).

Ar feadh cuid den am sin bhí cónaí air i ndílleachtlann na mbuachaillí i mBun Dobhráin. Bhí sé páirteach sa CLG agus i gConradh na Gaeilge, dhá rud a raibh suim aige iontu ar feadh a shaoil.

Is léir gur aithníodh é mar fhear le cáilíochtaí ceannaireachta ó aois óg, ag deireadh 1917 d'iarr Ben Maguire, TD neamhspleách do Liatroim, ar Murray complacht de chuid na nÓglach a eagrú i mBun Dobhráin. Ar dtús níor ghlac Murray le céim agus d'fhan sé sa chúlra mar oifigeach faisnéise, rud a chuir cosc ar an iomarca airde a tharraingt ar a chuid gníomhaíochtaí. Le linn Olltoghchán deifnídeach 1918, chuaigh Murray i mbun feachtais d'iarrthóir Shinn Féin P J Ward sna Cealla Beaga agus sa cheantar máguaird. (P/183/1/3)

Tá na taifid sin digitithe agus tá siad ar fáil le feiceáil ag Joseph Murray & Na Blianta Réabhlóideacha

Páipéir phearsanta Daniel Doherty, ó Chionn Mhálanna agus Bostún.

B’as Cionn Mhálanna, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall ó dhúchas do Doherty. Tugadh an leasainm ‘Jammer’ Doherty air sa bhaile. Iascaire a bhí i ndeartháir Doherty, Brian, a cailleadh san fharraige ag tús na 1900idí. Chuaigh Daniel Doherty ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus go Maine a chuaigh sé ar dtús i 1909. D’oibrigh sé leis an Old Boston Consolidated Gas Company. Phós sé Nora McGonagle Doherty agus rugadh iníon amháin dóibh, Mary. Chuaigh Doherty isteach in Arm na Stát Aontaithe ag Fort Bliss, Texas agus d'fhóin sé mar shaighdiúir Meiriceánach sa Fhrainc le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Áiríodh lena ghníomhaíocht sa Chogadh a bheith páirteach i gcath ar son Ionsaí Meuse-Argonne, ceann de na feachtais deiridh sa chogadh.

Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i mBostún. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Contae Dhún na nGall i Mórcheantar Bhostúin sna seascaidí. Bhí sé ina Chathaoirleach freisin ar Chomhairle Lárnach Chlubanna Contae na hÉireann, Bostún; agus cathaoirleach an Choiste um Aontú agus Saoirse na hÉireann. Bhí sé ina chónaí i dTeach Sean-Saighdiúirí agus Iarshaighdiúirí Chelsea agus ar feadh deich mbliana ar a laghad ina bhlianta deireanacha.

Is éard atá sa bhailiúchán den chuid is mó de litreacha agus teileagraim, gearrtháin nuachtán, cártaí, míreanna nuachtán scaoilte, grianghraif. Baineann an chuid is mó den ábhar le hábhair a bhaineann le leas na hÉireann nó le gníomhaíochtaí Éireannacha/Meiriceánacha. Tá na litreacha go príomha chuig agus ó pholaiteoirí, lena n-áirítear Robert Kennedy, John F. Kennedy agus an Ginearál Charles de Gaulle.

*Ní dhearnadh achan mhír sa bhailiúchán a dhigitiú mar gheall ar chineál gearrshaolach cuid den chartlann.*

Déanann an Liosta Tuairisciúil (Catalóg) cur síos mionsonraithe ar an bhailiúchán iomlán.

Bronnadh an chartlann ar Chomhairle Contae Dhún na nGall sna 1990idí.

Tá na taifid sin digitithe agus tá siad ar fáil le feiceáil agCartlann Daniel Doherty

Albam grianghraf de Raidhfilí Ríoga na hÉireann in áiteanna éagsúla, roimh an Chéad Chogadh Domhanda agus lena linn, 1910 – 1916.

Tógadh na grianghraif go príomha ag an Champa Fhionnúrach, Contae Dhún na nGall.

Áirítear ar na grianghraif

  • Rockport 1910,
  • Ballyferris 1913,
  • Imeacht Sóisialta Bréigéide
  • Oíche Shamhna, 1913,
  • Foireann rása sealaíochta, 1914,
  • Páirc na Tulaí Móire, an Cháisc 1914,
  • Campa Áth Bhriain, an Cháisc 1914,
  • Droichead Uí Fhoghlú, 1914
  • Cnoc Orlock,1914.
  • Cuimsíonn sé 12 ghrianghraf de Champa Fhionnúrach 1914-1916.
  • Cuimsíonn sé fosta grianghraf den 14ú cathlán, Raidhfilí Ríoga na hÉireann. Baile an Radalaigh, 1915,
  • Ceannairí Gasóg ag ól tae ag Cnoc Mhic Ruairí 1916,
  • Campa Cásca 1916.
  • I measc na n-ainmnecaha a luaitear tá H. Anderson, A. S. Hanna, G. T. McFall, H.E. Keown. I measc na n-ainmneacha i bhFionnúir tá W. Cameron, Maor Gunning, 'oifigigh ag Fionnúir', J. Hayes (Baile an Randalaigh), 'WC agus BB ag taispeáint trealamh, Baile an Randalaigh 1915' fosta
Campa Fhionnúrach, Bun Dobhráin

 

;