Skip to main content Skip to main content

Bailiúchán Staire Áitiúla agus Teaghlaigh

Ar Ais go Bailiúchán Chartlann an Chontae

Stair Teaghlaigh i gCartlann Chontae Dhún na nGall

Tá taifid i gCartlann Chontae Dhún na nGall a d'fhéadfadh a bheith ina gcabhair agus taighde teaghlaigh á dhéanamh ó dheireadh an ochtú haois déag agus an naoú haois déag ar aghaidh:

  • Cláir Luachála Ginearálta. Liostaíonn na cláir sin áititheoirí agus úinéirí talún agus réadmhaoine i nDún na nGall ó na 1880idí (cé nach bhfuil na léarscáileanna iarbhír againn, atá ar fáil i mBaile Átha Cliath);
  • Cláir thoghthóirí (vótálaithe) don chontae, cuid acu ag dul ó dheireadh an naoú haois déag.
  • Taifid theach na mbocht agus leighis ón 19ú – 20ú haois (Bord Caomhnóirí/Bord Sláinte), lena n-áirítear faisnéis maidir le háitritheoirí thithe na mbocht agus otharlann. Athraíonn na taifid do gach ceantar.
  • Líon beag taifead eastáit agus tithíochta agus taifead príobháideach agus poiblí eile.
  • Leabhair tinrimh agus cláir Bhunscoileanna/Scoileanna Náisiúnta.
  • Ard-Ghiúiré Dhún na nGall: taifid tíolactha ó c.1753 go 1899.
  • Líon beag doiciméad dlíthiúil lena n-áirítear achoimrí teidil, léasanna, etc.
  • Taifid a bhaineann le baill foirne agus baill d'údaráis áitiúla Dhún na nGall.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Taighde a dhéanamh ar stair do theaghlaigh, féach na naisc thíos: 

 

Thart ar 100 mír, lena n-áirítear uachtanna, probháidí, léasanna, sannacháin, agus comhaontuithe ó c. 1767 – 1978.

 

 

Conradh Dlíthiúil, 1909

 

Tá formhór na ngníomhas dlíthiúil oscailte don phobal, ach amháin má bhaineann siad le comhaontuithe príobháideacha le daoine aonair agus má tá siad níos lú ná 60 bliain d'aois.

Léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis maidir le Dún na nGall: léarscáileanna sé horlaigh agus orlach amháin, lena n-áirítear:

  • Innéacs a ghabhann leis an tsuirbhé baile fearainn: Léarscáil iomlán de chontae Dhún na nGall le limistéir áirithe marcáilte i ndath dearg. Lena n-áirítear tábla ceantar: iarthar agus oirthear Inis Eoghain; Báinigh; Ráth Bhoth thuaidh agus theas;
  • Cill Mhic Réanáin; Baollaigh; agus Tír Aodha; lena chois sin, achoimre, 1867/1874; Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis d’Éirinn a léiríonn an leath uachtarach d’Éirinn. Tugann sí na contaetha agus na teorainneacha riaracháin agus fosta na contae-bhuirgí, na Ceantair Uirbeacha, Tuaithe agus Íoclainne agus na Toghranna Ceantair, 1913;
  • 24 léarscáil shínithe orlach amháin (an dara heagrán) de cheantair éagsúla i gcontae Dhún na nGall, a ndearnadh suirbhé orthu in 1836 – 26, a síníodh 1855 - 1925;
  • 69 léarscáil shínithe sé horlaigh de cheantair éagsúla i gcontae Dhún na nGall, 1852-1880. Athchóiríodh cuid acu 1846 - 49.

Tá achan cheann de na léarscáileanna thuas den tSuirbhéireacht Ordanáis ar oscailt don phobal.

Taifid Luachála:

  • Suirbhéanna Luachála Griffith: 52 imleabhar beag. Is éard atá i dtaifid Shuirbhé Uí Ghríofa leabhráin lámhscríofa an tsuirbhé thopagrafaigh ar pharóistí Dhún na nGall. Tá achan pharóiste foroinnte ina bhailte fearainn agus tá an baile fearainn foroinnte ina cheapacha. Is maoine ar fiú níos mó ná £5 amháin iad na maoine sna suirbhéanna agus áirítear iontu tuairiscí ar chainníocht na talún; an ráta in aghaidh an acra reachta; méid (luach) na talún; líon na dtithe. Mura bhfuil tithe ar fiú níos mó ná £5 iad, tá ráiteas ann 'nach bhfuil tithe ar bith sa bhaile fearainn seo ar fiú £5 sa bhliain iad'. Áirítear draenáil, rilíf agus cáilíocht ithreach sa tuairisc fhoriomlán ar an talamh. Áirítear sa bhailiúchán fosta comhfhreagras, achoimrí agus cuntais, 1833 – 1840

Griffifth's Valuation Survey, Bun Cranncha

  • Luacháil Ghinearálta: 400 imleabhar d’fhormhór cheantair Dhún na nGall, 1889 - c. 1980. Taifid Luachála Ghinearálta do thoghranna Dhún na nGall ina léirítear an méid a bhí ar achan teaghlach a íoc i rátaí. Tá sé foroinnte i mbailte fearainn agus tugann sé ainm cheann gach teaghlaigh. Tá an Luacháil Ghinearálta bunaithe ar Luacháil Uí Ghríofa nó ar an Luacháil Tionóntáin agus rinneadh luach na maoine a nuashonrú ar bhonn bliantúil. Mar thoradh air sin, rinneadh ceartúcháin ar na leabhair luachála, agus de ghnáth bhí dath dúigh difriúil orthu agus bliain an athbhreithnithe marcáilte isteach.

Sliocht: Leabhar Luachála do bhailte fearainn sna Mínte 1917-1934

Tá achan cheann de na taifid Luachála thuas ar oscailt don phobal.

Leabhair Tinrimh, Cláir agus taifid eile Scoile:

Taifid Bhunscoile

Tá a dtaifid á dtaisceadh ag bunscoileanna lena gcoinneáil slán i gCartlann an Chontae ó 2001 i leith. Is iad seo a leanas na príomhaicmí taifead a thaisctear sa Chartlann:

  • Leabhair rolla scoile: tugtar ainmneacha agus líon na ndaltaí agus an rang, dáta breithe na ndaltaí.
  • Leabhair tinrimh: tugtar líon na ranganna, líon na ndaltaí ar rolla, agus an líon as láthair.
  • Cláir: tugtar dáta iontrála an dalta chuig an scoil, ainm an dalta ina iomláine, dáta breithe agus cónaithe an dalta, slí bheatha an tuismitheora/an chaomhnóra, an áit ar fhreastail an dalta ar an scoil go deireanach. Tugtar sonraí maidir le tinreamh le linn gach scoilbhliana. Tá roinnt innéacsanna ann d'ainmneacha na ndaltaí.
  • Leabhair Thuarascáil an Chigire Ceantair: Scrúduithe ar scoileanna a rinneadh.

Tuairisc Chigire, Scoil Náisiúnta Dhroim Eochaille
  • Míreanna ginearálta, lena n-áirítear comhfhreagras, ciorcláin Roinne agus áitiúla, grianghraif.
Scála Tuarastail do Mhúinteoirí, 1885

 

Bunscoileanna (rollaí agus cláir den chuid is mó) bailithe go dtí seo: c.1855 – 1990idí (tá difríochtaí móra idir na dátaí agus an méid agus na cineálacha taifead a shealbhaítear):                                                                                                                                                                   

  • Scoil Mhuire (Creeslough)                                                               
  • Kildarrach
  • Mas-an-Eas
  • Dunfanaghy
  • Faugher
  • Glassan
  • Glendowan
  • Stramore
  • Creevy
  • Ellestrin
  • Gortnacart
  • Lifford Endowed Schools
  • Ray (Raphoe)
  • Creevy
  • Ellistrin
  • Gortnacart, Ardara
  • Thorr, Gweedore
  • Dore, Gweedore, NS
  • Dunlewy NS
  • Scoil Phadraig, Bunbeg
  • Scoil Naomh Fiachra, Kilmacrenan
  • Scoil Michael O'Cleirigh (Ballyshannon)
  • Coolmore NS (Ballyshannon)
  • Scoil Carraig Na hCorna (2) NS (Ballyshannon)
  • Scoil Bearaic (Ballyshannon)
  • Castlefinn (2) National School
  • Donaghmore NS (Liscooley)
  • Scoil Cholmcille (Fintown)
  • Shallogans / An tSealgain (Fintown)
  • Beal-an-Ath-Moir (Fintown)
  • Glenleigham / Gleann-Leitin (Fintown)
  • Ceann Garb (Fintown)
  • Glenmaquin (Lurgybrack) NS
  • Dumhaigh / Dumhai (Lettermacaward)
  • Lettermacaward
  • Croagh / Cruac NS (Dunkineely)
  • Calhaim / Ceallseim NS (Dunkineely)
  • Dunkineely National School
  • Min Beannaid (Burtonport)
  • Acres / Na hAcrai / Ailt an Corrain (Burtonport)
  • Meenmore (Burtonport)
  • Ardbane NS (Mountcharles)
  • Glencoagh NS (Mountcharles)
  • Naomh Peadar NS (Mountcharles)
  • Muintir Naois (Mountcharles)
  • Lettermore NS (Inver)
  • Scoil Iosagain NS (Buncrana)
  • Naomh Colmcille NS (Buncrana)
  • An Croi Ro-Naofa/ Sacred Heart Convent School (Buncrana)
  • Cockhill Boys NS (Buncrana)
  • Tullydish / Naomh Baoithin (Buncrana) NS
  • Scoil Mhuire/ St. Mary's (Ramelton)
  • Killycreen/ Na Coilleadh Crine (Ramelton)
  • Cruachan N.S (Ramelton)
  • Tank / Ramelton No. 2 (Ramelton)
  • Castleshanaghan
  • Droimin (Ramelton)
  • Donegal NS, The Glebe
  • Cill na mBaird/Killymard (Donegal)
  • Clar Robertson (Donegal)
  • Tulaig Sneachta (Donegal)
  • Naomh Mura Fahan
  • Fahan Mura Iochtar and Uachtar
  • Carrowreagh (Fahan)
  • Dooey National School
  • Drumoghill National School
  • Caiseal Mhuire NS (Fanad)
  • Ballymichael NS (Fanad)
  • Scoil Bhrid (Fanad)
  • Ballymore C. of I. NS (Creeslough)
  • Newtowncunningham NS
  • Doochary NS
  • Dungloe NS
  • Kincasslagh NS
  • Ballyraine NS (Letterkenny)
  • Termon NS
  • Scoil Aodh Rua agus Nuala (Donegal Town                                                                                                                                                                                                                                                      

Iar-Bhunscoileanna:

Scoileanna Dearlaice Leifear: Áirítear le bailiú roll-leabhair, cláir, taifid airgeadais, comhfhreagras.

Coláiste Naomh Eunan: Trí grianghraf ó na 1920idí.

 

Coláiste Naomh Eunan, 1921

Tá formhór na dtaifead scoile a fhaightear i gCartlann an Chontae oscailte don phobal, nuair a bhíonn siad liostaithe, agus trí chomhaontú leis an scoil. Mar sin féin,má tá aon cheann acu le déanaí agus de chineál íogair, beidh feidhm ag rialacha rochtana srianta.                                                                 

Tá Seirbhís Chartlainne Chontae Dhún na nGall sásta cabhrú le taighdeoirí lena gcuid taighde ar bhealach ar bith is féidir. Ní foras ginealais í Cartlann an Chontae, áfach, agus go ginearálta ní féidir linn taighde mionsonraithe a dhéanamh do dhaoine aonair. Mar sin féin, déanfaimid taighde do thaighdeoirí i dtaifid nach féidir, ar chúiseanna príobháideachta, a chur ar fáil go ginearálta don phobal.

;