Skip to main content Skip to main content

Bailiúcháin na nÚdarás Áitiúil

Ar Ais go Bailiúchán Chartlann an Chontae

Bhí Ard-Ghiúiréithe ann ó aimsir na Normannach i leith. Ba iad úinéirí talún an tArd-Ghiúiré féin, arna roghnú ag Sirriam an Chontae. Ní raibh aon bheithsine chorparáideach ag na hArd-Ghiúiréithe. D'urscaoil an Breitheamh Seisiúin iad. Roimh na seisiúin, glaodh seisiúin láithreoireachta i ngach ceann de na sé bharúntacht i nDún na nGall, áit a ndearnadh moltaí maidir le hobair a dhéanamh a mheas agus a sheoladh chuig an Ard-Ghiúiré lena ndaingniú. I measc na seirbhísí a sholáthraíonn an tArd-Ghiúiré 'Béasa agus a n-íocann sé astu, bhí ráta iníoctha ag áititheoirí, lena n-áirítear bóithre agus droichid a dhéanamh agus a dheisiú, tithe cúirte a thógáil agus tobhach chun tacú le hospidéil cheantair, scoileanna agus príosúin. Tháinig Comhairle Contae Dhún na nGall in áit Ard-Ghiúiré Dhún na nGall, mar chomhlacht riaracháin, faoin Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898.

Baill an Ard-Ghiúiré dheiridh i nDún na nGall, 1889.

An tArd-Ghiúiré: Taifid

  • Seisiúin an Earraigh agus an tSamhraidh agus an Charghais do na blianta seo a leanas: 1753 – 1769; 1768 – 1783; 1769 – 1778; 1793 – 1798; 1807 – 1808; 1809 – 1810; 1815 – 1857; 1831; 1840; 1841; 1844; 1845 (spring and Summer), 1847; 1848 (Spring and Summer); 1849; 1856; 1857; 1867 (spring and Summer); 1868; 1870 (Spring and Summer); 1873; 1874 (Spring and Summer), 1876 (Spring and Summer), 1877, 1878, 1879, 1880, 1886, 1890, 1891, 1892, 1894, 1898 (Spring), 1898- 1900 (Assizes, 1898 agus Miontuairiscí an Chéad Chomhairle Contae, 1899 – 1900);
  • Cuntais agus comhfhreagras, lena n-áirítear comhfhreagras leis an Chomhairle Contae, 1816 - 1901;
  • Léarscáil an Ard-Ghiúiré, 1801;
  • Leabhar ina bhfuil Dlíthe Ard-Ghiúiré na hÉireann le C.H. Foot;
  • Grianghraif den Ard-Ghiúiré deiridh, 1899;
  • Liosta Bhailitheoirí an Ard-Ghiúiré, 1816 – 1892;
  • Liosta Bhaill an Ard-Ghiúiré, 1835 – 1892

 

Faoi Acht Dhlí na mBocht 1838, roinneadh an tír ina haontais dlí bhoicht, gach ceann acu á reáchtáil ag Bord Caomhnóirí ceantair. Ba é an príomhfhreagracht a bhí ar na boird maoirseacht a dhéanamh ar reáchtáil thithe na mbocht.

Bhí tithe na mbocht i nDún na nGall lonnaithe i Leitir Ceanainn, i mBéal Átha Seanaidh, i Srath an Urláir, i nDún Fionnachaidh, i gCarn Domhnach (arna fheidhmiú ag bord Inis Eoghain), i nDún na nGall, sna Gleannta agus i mBaile na nGallóglach.

Tá breis agus 800 leabhar miontuairiscí a mhaireann, cláir iontrála agus míreanna cartlainne eile a bhaineann leis na hocht mBord Caomhnóirí i nDún na nGall, ó 1840 go 1923. Is éard atá sna taifid sin den chuid is mó ná miontuairiscí a thaifeadann cruinnithe gach boird, ach tá cláir iontrála agus urscaoilte, staitisticí, taifid chothaithe, comhfhreagras, fógraí, cláir bháis, leabhar pionóis, taifid íoclainne, clár coiste cuairte, grianghraif, agus imleabhar cuntas ann fosta.

Liosta cuimsitheach d'earraí i mBailiúchán Bhord Caomhnóirí Dhún na nGall: 
Aontais Dhlí na mBocht, Co. Dhún na nGall (Bord na gCaomhnóirí) Liosta

 

Clár Básanna Theach na mBocht, Leitir Ceanainn 1906

Aontais Dhlí na mBocht: Taifid 

 

 

 

 

 

Aontas Bhéal Átha Seanaidh

  • 89 n-imleabhar de mhiontuairiscí agus de mhiontuairiscí garbha ar chruinnithe maidir le Bord Caomhnóirí de chuid Aontas Bhéal Átha Seanaidh,1840 –1922;
  • 2 Chlár Faoisimh Taobh Istigh. Áirítear sna sonraí an dáta a ligeadh achan duine isteach i dteach na mbocht nó a rugadh i dteach na mbocht é, an dáta a urscaoileadh é nó a fuair sé bás, ainm, seoladh, aois, staid sláinte, slí bheatha, 1906 – 1915;
  • 3 Chlár maidir le Ligean Isteach agus Urscaoileadh faoi Dhíon, 1914 – 1918;
  • 46 Achoimre ar chuntais agus ar thaifid airgeadais eile, lena n-áirítear mórleabhar ginearálta; leabhair chuntais, ráitis airgeadais agus leabhair admhála don Aontas, 1843 – 1921;
  • Clár ar leithligh de Dhaoine a ligfear isteach in Ospidéal Fiabhrais nó in Otharlann Theach na mBocht agus a scaoilfear amach as, lena n-áirítear comhaltaí d'Fhórsa Constáblacht Ríoga na hÉireann agus saighdiúirí ó Champa Fionnabhair, 1908 - 1924;
  • Achoimrí a thaispeánann líon agus aicmiú na mbochtán ar tugadh faoiseamh dóibh, ó 1844 – 1873; Taifid leighis, lena n-áirítear Leabhair Tuairisceáin Liachta agus Leabhair Bhreoiteachta Aiste Bia, 1913 – 1921;
  • Grianghraif de Theach na mBocht, Béal Átha Seanaidh;
  • Comhthaifead theach na mbocht agus comhchlár staidrimh a bhaineann le ceantar Bhéal Átha Seanaidh, 1923 – 1924

Aontas Dhún na nGall

  • Ní mhaireann aon taifead de chuid Aontas Dhún na nGall ón 19ú haois.
  • Ní mhaireann ach 14 imleabhar de mhiontuairiscí maidir le cruinnithe de chuid Bhord Caomhnóirí Aontas Dhún na nGall, 1914 – 1923;
  • 4 Chlár maidir le Ligean Isteach agus Urscaoileadh faoi Dhíon, 1914 – 1921;
  • Clár Faoisimh Faoi Dhíon, 1918 - 1924;
  • Clár Aiste Bia Speisialta agus Spreagthach, 1919 – 1920.

Aontas Dhún Fionnachaidh

  • 66 imleabhar de mhiontuairiscí agus de mhiontuairiscí garbha ar chruinnithe maidir le Bord Caomhnóirí de chuid Aontas Dhún Fionnachaidh, 1841 – 1922 (12 imleabhar ar iarraidh);
  • Leabhar Tuairiscithe na nOifigeach Leighis, 1870 - 1899;
  • Clár Faoisimh faoi Dhíon, 1891 – 1915;
  • Clár Tinrimh na gCaomhnóirí, 1902 – 1925;
  • Leabhar Admhála agus Íocaíochta na gCisteoirí, 1910 – 1922;
  • Leabhar Miontuairiscí Achtanna na Sclábhaithe, 1883 – 1885;
  • Leabhar na Litreach, 1904 - 1933;
  • Comhad beag comhfhreagrais, 1914 - 1915

Aontas na nGleannta

  • 72 imleabhar de mhiontuairiscí maidir le cruinnithe de chuid Bhord Caomhnóirí Aontas na nGleanntach, 1841 – 1922;
  •  2 Chlár de dhaoine a ligeadh isteach i dTeach na mBocht agus a urscaoileadh amach as, 1851 – 1866; 1884 – 1895;
  • Clár ar leithligh de dhaoine a ligeadh isteach san Ospidéal Fiabhrais agus a urscaoileadh amach as, 1913 – 1922;
  • 2 Chlár Faoisimh faoi Dhíon, 1899 – 1907; 1914 – 1921;
  • Leabhar Pas na gCisteoirí, 1912 - 1921;
  • Míreanna comhfhreagrais a bhaineann le hábhair éagsúla, c.1880 - 1919.

Aontas Inis Eoghain (Teach na mBocht, Carn Domhnach)

  • 61 imleabhar de mhiontuairiscí maidir le cruinnithe de chuid Bhord Caomhnóirí Aontas Inis Eoghain, 1840 – 1922;
  • 2 Chlár de dhaoine a ligeadh isteach i dTeach na mBocht agus a urscaoileadh amach as, 1843 – 1849; 1849 – 1858;
  • 3 Chlár Faoisimh faoi Dhíon, 1899 – 1907; 1907 – 1911; 1911 - 1918;
  • Imleabhar Cuntas, 1892 - 1925;
  • Leabhar Lae, lena dtugtar dáta fála na n-earraí, ainm na ndaoine nó an ghnólachta a sholáthraíonn earraí, agus sonraí eile, 1907 – 1909;
  • Clár Faoisimh Lasmuigh maidir le Ligean Isteach agus Urscaoileadh, 1908 – 1911;
  • Roinnt míreanna comhfhreagrais, c. 1840 – 1922.

Aontas Leitir Ceanainn

  • 92 imleabhar de mhiontuairiscí agus de mhiontuairiscí garbha maidir le cruinnithe de chuid Bhord Caomhnóirí Aontas Leitir Ceanainn, 1841 – 1923;
  • Imleabhar ina bhfuil miontuairiscí ar chruinnithe Choiste Faoisimh Leitir Ceanainn do Mhárta - Lúnasa 1847; agus, ina theannta sin, miontuairiscí garbha ar imeachtaí de chuid Bhord Caomhnóirí Leitir Ceanainn ón 2 Eanáir 1857 go dtí an 6 Lúnasa 1858;
  • Clár íoclainne Leitir Ceanainn, Aontas Leitir Ceanainn, 1843 – 1858;
  • Leabhar Taisce na gCaomhnóirí: Brainse Chuideachta Baincéireachta Bhéal Feirste, Leitir Ceanainn, i gcuntas Aontas Dhlí na mBocht i Leitir Ceanainn, 1917 – 1923;
  • Clár na ndaoine a ligeadh isteach agus a urscaoileadh amach as teach na mbocht de chuid Leitir Ceanainn (críochnaíonn an clár laethúil i mí Dheireadh Fómhair 1864 ach tá thart ar iontráil amháin in aghaidh na bliana ar an leathanach deireanach ó 1869 - 1899.) 1855 – 1864; 1869 – 1899;
  • Clár na ndaoine a ligeadh isteach i dteach na mbocht de chuid Leitir Ceanainn agus a urscaoileadh amach as, 1864 – 1878;
  • Clár Faoisimh faoi Dhíon, 1910 – 1915;
  • Taifead na mBásanna, 1910 - 1922;
  • Meastachán Leitir Ceanainn agus Leabhar Éilimh ón Aontas chuig an Chomhairle Contae, le trí thábla faoi choinne gach bliana, 1899 – 1905;
  • Fógraí, achainíocha, clár oibre agus comhfhreagras eile, c. 1841 – 1923.

Aontas Bhaile na nGallóglach

  • 93 imleabhar de mhiontuairiscí agus de mhiontuairiscí garbha maidir le cruinnithe de chuid Bhord Caomhnóirí Aontas Bhaile na nGallóglach, 1841 – 1923;
  • Tuarascáil agus Barúlacha Ginearálta an Choiste Chuairte go Teach na mBocht de chuid Bhaile na nGallóglach, 1846 - 1912;
  • 2 Chlár de dhaoine a ligeadh isteach i dTeach na mBocht agus a urscaoileadh amach as, 1855 – 1874; 1881 – 1897;
  • 2 Chlár Faoisimh Lasmuigh, 1847 – 1899; 1899 – 1917;
  • Taifead Breoiteachta agus Básmhaireachta, lena n-áirítear ainm an othair, aois, galar, cóireáil, teagmhas, e.g., 'bás', 'faoiseamh', 'leigheas', 1853 – 1893;
  • Taifead na mBásanna, 1899 - 1917;
  •  Clár Morgáistí, 1880 - 1932.
  •  Clár Pionóis, ina sonraítear ainm an duine fhásta/an linbh lena mbaineann, an cion, dáta an chiona, tuairim agus/nó pionós arna ordú ag Caomhnóirí, dáta an phionóis, 1879 – 1893;
  • 2 Chlár Cisteoirí, 1869 - 1879, 1918 - 1923;
  •  Clár Faoisimh Faoi Dhíon, 1919 – 1922.

Aontas Shrath an Urláir

  • 52 imleabhar de mhiontuairiscí agus de mhiontuairiscí garbha maidir le cruinnithe de chuid Bhord Caomhnóirí Aontas Shrath an Urláir (8 ar iarraidh), 1845 – 1921;
  • Leabhar na Litreach (cóipeanna de litreacha a seoladh), 1886 - 1921;
  • 2 leabhar miontuairiscí íoclainne (Cúil na gCuirridín agus Srath an Urláir), 1852 – 1899;
  • Fógraí, comhfhreagras, cuntais, achainíocha agus liostaí a bhaineann le gnóthaí Aontas Shrath an Urláir, c. 1840 – 1921.

Tá taifid uile Aontas Dhlí na mBocht go dtí 1923 ar oscailt don phobal.

Coimisinéirí Dhlí na mBocht agus Bord Rialtais Áitiúil

  • Tuarascálacha ó Choimisinéirí Dhlí na mBocht: 1842 – 1872;
  • Tuairiscí Bhord an Rialtais Áitiúil: 1873 - 1904.
  • Tuarascálacha bliantúla na gcoimisinéirí um dhlí na mbocht, ar tháinig an Bord Rialtais Áitiúil ina n-ionad in 1873, chun na dlíthe maidir le fóirithint na mbocht in Éirinn a riar. Tugtar staitisticí d'Éirinn leo lena n-áirítear tuairisceáin ar dhaoine ar tugadh faoiseamh dóibh i gceardchumainn, an líon in otharlanna theach na mbocht, leanaí dílleachta nó tréigthe, daoine a fhaigheann faoiseamh laistigh agus lasmuigh, daoine a ligtear isteach go bliantúil i dteach na mbocht, imeachtaí faoin Acht um Charthanais Liachta maidir leis na ceantair íoclainne. Áirítear fosta orduithe oifigiúla agus ciorcláin a bhaineann le hAontas Dhlí na mBocht.
  • Litreacha de chuid Bhord an Rialtais Áitiúil: Litreacha atá dírithe chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, maidir le nithe gaolmhara lena n-áirítear tuarastail oifigeach; saincheisteanna maidir le rátaí, lena n-áirítear bailitheoirí rátaí, riaráistí rátaí; luacháil; idirchaidreamh a dhéanamh le Comhairlí Ceantair Tuaithe maidir le nithe ar nós bóithre; oibreacha uisce; Otharlanna a bhí á reáchtáil ag an Chomhairle. 1899.
  • Orduithe séalaithe ón Bhord Rialtais Áitiúil. Lena n-áirítear Orduithe sa Chomhairle, an 22 Nollaig 1898, ag déanamh rialacha faoi 1898 Acht Rialtais Áitiúil (Éire), Ordú Ginearálta, Comhairleoirí Contae agus Ceantair Tuaithe (1899), Deimhniú maidir le Ráta Daibhir agus Béas Contae (1899), Orduithe Ginearálta chun Cuntais RDC a Iniúchadh (1899), Ordú Ginearálta lena Rialaítear Cumarsáid idir Comhairlí Contae agus Comhairlí Ceantair agus Boird Caomhnóirí (1899), Deimhniú Caiteachais Bóthair agus Rialacháin eile maidir le Caomhnú Bóithre (1899), Orduithe Sláinte Poiblí (1899), Orduithe Sláintíochta (1900), Riarachán Ginearálta (1899 - 1902), Eitinn a Chosc (1909), Airgeadas (1920).

Tá taifid uile Choimisinéirí Dhlí na mBocht agus an Bhoird Rialtais Áitiúil ar oscailt don phobal.

Bunaíodh Comhairlí Contae faoin Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898 . Ghlac na Comhairlí dualgais riaracháin na nArd-Ghiúiréithe ar fad. Reáchtáladh an chéad chruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall in 1899. Tá go leor de thaifid na Comhairle fós á gcoimeád ag Ranna ar leith ach tugann na liostaí thíos comhartha den mhéid atá i seilbh na Seirbhíse Cartlainne anois.

Taifid Chomhairle Contae Dhún na nGall

Corparáideach

  • 78 n-imleabhar de mhiontuairiscí chruinnithe na Comhairle, 1899 – 1975. Tá cuid de mhiontuairiscí na Comhairle ar iarraidh, lena n-áirítear an tréimhse réabhlóideach ó Fheabhra 1916 go Nollaig 1923;
  • Miontuairiscí cruinnithe agus tuarascálacha ó Choistí éagsúla na Comhairle, lena n-áirítear an Coiste Airgeadais, an Coiste um Ghalair Ainmhithe, an Coiste Árachais, an Coiste Freastal Scoile, an Coiste Scoláireachta, an Coiste Innealtóireachta, an Coiste um Thrácht Tromleoraithe, an Coiste um Chuspóir Ginearálta, an Coiste Iascaireachta, an Coiste Tithíochta, agus an Coiste um Thumadh Caorach; móide Coistí Réamhchúraimí Piaraí agus Aer-ruathar (le linn an Dara Cogadh Domhanda/Tréimhse Éigeandála); agus cruinnithe coiste ginearálta. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil sraith iomlán miontuairiscí ann d'achan choiste. 1900 – 1985;
  • Orduithe Bhainisteoir an Chontae, 1949 – 1987. Chruthaigh an tAcht um Bainistí Chontae, 1940, post an bhainisteora contae. Cruthaíonn an Bainisteoir Contae orduithe ar nithe a bhaineann leis an Chomhairle faoin Acht sin;
  • Ábhar toghcháin, lena n-áirítear Cláir na dToghthóirí ón chontae d'achan toghcheantar agus achoimrí cláir, 1920 – 1980 (neamhiomlán)

Clár na dToghthóirí

  • Faisnéis faoi thoghcháin, lena n-áirítear fógraí faoi thoghcháin, comhfhreagras, scéimeanna ceantar vótaíochta agus áiteanna vótaíochta, treoracha chun vótálaithe a threorú, fógraí faoi stáisiúin vótaíochta, agus foilsiú liostaí toghthóirí agus giúróirí 1920idí -1980idí;
  • Ábhar feachtasaíochta toghchán áitiúil agus olltoghcháin, lena n-áirítear fógráin, póstaeir, bileoga, a théann go ginearálta ó na 1970idí, ó dheireadh na 1990idí agus ó thús an aonú haois is fiche;
  • Comhad na Comhairle Contae 1926: Comhad comhfhreagrais a bhaineann le gníomhaíochtaí na Comhairle le linn an dara leath den bhliain 1926 den chuid is mó. Lena n-áirítear dréachtrúin, comhfhreagras a bhaineann le rúin, bóithre, tuarastail, pearsanra, airgeadas, tithíocht, mótarcháin, saincheisteanna dlí.

Airgeadas

  • Ábhar airgeadais lena n-áirítear achoimrí cuntas, ráitis an rúnaí, meastacháin ar chostais, agus mórleabhair ghinearálta, 1914 - 1967 (gan bheith críochnaithe.

Clárúchán Mótair

  • Cláir Mhótarchánach, 1903 - 1923, 1951 - 1992;                     
  • Cláir de Cheadúnais Bhliantúla d'Fheithiclí Bóthair, 1970; 1974 – 1975;                                                          
  • Comhfhreagras (16 Litir), c. 1912 – 1940.                                                         

Pearsanra

  • Cártaí Árachais do Thaifid Oibrithe, 1928 – 1974;
  • Cláir Tinrimh Foirne, 1900– 1912; 1935 – 1936.

Tabhair faoi deara: tá an chuid is mó de thaifid phearsanra Chomhairle Contae Dhún na nGall fós á gcoimeád ag an Acmhainní Daonna agus tá siad faoi rún.

 

 

 

 

 

 

Bunaíodh an Bord faoin Acht Rialtais Áitiúla, 1925, chun riaradh sláinte poiblí don chontae a ghlacadh chuige féin, agus chun cuid d'fheidhmeanna na gComhairlí Tuaithe a cuireadh ar ceal a ghlacadh chuige féin. I measc na bhfeidhmeanna sin bhí tógáil teachíní tuaithe, soláthar uisce agus scéimeanna séarachais. Cuireadh deireadh leis na Boird i 1942.

Taifid Bhord Sláinte Dhún na nGall

  • Miontuairiscí an Bhoird, 1924 – 1942 (rochtain shrianta mar gheall ar íogaireacht ábhair);

Áirítear iad seo a leanas i miontuairiscí an Bhoird Sláinte agus Cúnaimh Phoiblí:

  • Comhfhreagras agus tagairt d’íocaíochtaí le gairmithe leighis faoi choinne dualgais éagsúla, lena n-áirítear seirbhísí máithreachais agus freastal íoclainne; iarratais ar shaoire agus ar nithe eile a bhaineann leis an fhoireann; foréilimh faoi choinne fearas liachta agus máinliachta ó íoclanna; riocht áitribh íoclainne;
  • Páistí a ligean chuig scoil chónaithe: cásanna aonair a pléadh, lena n-áirítear éalaithigh; leanaí a shroicheann aois an fhruilithe;
  • Ospidéil cheantair: Carn Domhnach; Dún na nGall; na Gleannta; Leitir Ceanainn; Ospidéal an Chontae, Leifear;
  • An Coiste Cúnaimh Ghinearálta, maidir le cúnamh dífhostaíochta agus cúnamh eile do dhaoine atá i ngátar;
  • Áras an Chontae, Srath an Urláir.
  • Ginearálta, lena n-áirítear aiste bia,
  • Iontrálacha chuig 'institiúidí seachtracha' lena n-áirítear ospidéil Bhaile Átha Cliath;
  • Achtanna na Leanaí, cinntí faoi Achtanna.

Miontuairiscí Choiste Sláinte Poiblí agus Ábhar Cineálta an Bhoird, a tionóladh ar na dátaí céanna: I measc na n-ábhar:

  • Soláthar uisce, e.g. Ard an Rátha; Carn Domhnach; Halla an Phoirt etc., a thagraíonn do chomhfhreagras, do chinntí a rinneadh etc.;
  • Séaraigh, lena n-áirítear deacrachtaí maidir le talamh a fháil;
  • Núiseanna, lena n-áirítear fógraí laghdaithe;
  • An tAcht Bainne agus Déirithe;
  • Galair Thógálacha, lena n-áirítear imdhíonadh Diftéire;
  • Láithreáin Thréigthe ( Acht 1940);
  • Margaí Dhún na nGall;
  • Páirceanna Áineasa;
  • Scéim Leighis na Scoileanna;
  • Scéim maidir le Bainne saor in aisce
  • Béilí Saora (Achtanna Gaeltachta na mBéilí Scoile)
  • Trealamh comhraic dóiteáin;
  • Iniúchadh ar sheamlais;
  • Tuarascáil Mhíosúil ó Dhochtúir Oifigiúil Sláinte an Chontae: tagraítear léi d’ospidéil fiabhrais; Eitinn; cigireacht mhíochaine scoile agus cigireacht ar dhálaí scoileanna sa chontae;
  • Ráiteas míosúil Airgeadais
  • Miontuairiscí an Choiste Seirbhísí maidir le Comhrac Dóiteáin.
  • Miontuairiscí an Bhoird Adhlactha don Bhord Sláinte.
  • Miontuairiscí an Bhoird faoi na hAchtanna Eitinne, lena n-áirítear tuarascáil mhíosúil an Oifigigh Eitinne (faoi choinne gach ceann de 25 íoclann);
  • Tuarascáil Mhíosúil na nAltraí Ceantair, lena n-áirítear cuairteanna othar sa bhaile agus in íoclanna;
  • Miontuairiscí an Bhoird a tionóladh faoi Achtanna na Sclábhaithe, lena n-áirítear iostáin a ligean agus líon na n-iarratasóirí; fógraí fágála, deisiúcháin iostán; iostáin altraí; foinsiú láithreáin; áirítear ann staidreamh maidir le cuntais bailitheoirí cíosa.

Áirítear an méid seo a leanas ar ábhar eile de chuid an Bhoird Sláinte:

  • 19 gClár fóirithinte liachta, 1915 – 1943;
  • Leabhar Seiceála maidir le hAiste Bia Bhreise, 1924 – 1925;
  • Leabhar Tuairisce na nDochtúirí Oifigiúla, Íoclann Bhéal Átha Seanaidh, 1899 – 1944;
  • Clár Iontrála, Béal Átha Seanaidh, 1924 – 1928;
  • Leabhar Miontuairiscí de chuid Choiste Ospidéal Fiabhrais na nGleanntach, 1922 – 1923;
  • Clár Ospidéil Fiabhrais Leitir Ceanainn, 1924 – 1927;
  • Leabhar Lae, Ospidéal an Chontae, Leifear, 1924;
  • 4 Leabhar maidir le hAiste Bia, Ospidéal an Chontae, Leifear, 1924 – 1928';
  • Cuntais agus Miontuairiscí, Ospidéal Fiabhrais Ráth Mealtáin, 1891 – 1914;
  • Fógraí maidir le Laghdú Fógraí, 1927 – 1932;
  • Fodhlíthe, 1938;
  • Tuarascálacha Bliantúla maidir le Dochtúir Oifigiúil Contae agus Foirmeacha Tuairisceáin Liachta,
  • An Clár Vacsaínithe, 1926 – 1928.
  • Achoimriú Cuntais, 1932 – 1942;
  • 2 Leabhar Pas na gCisteoirí, 1932 - 1942;

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil gach taifead de chuid an Bhoird Sláinte faoi réir rochtana srianta mar gheall ar íogaireacht an ábhair. Is féidir sleachta a chur ar fáil don phobal ar chúiseanna pearsanta, taighde nó staidrimh.

Taifid: 20 imleabhar de thaifead Cúirte Giorra, Béal Átha Seanaidh den chuid is mó, 1828 – 1856.

  • Clárlann na nImeachtaí Coiriúla ag Chúirt Ghearr Bhéal Átha Seanaidh. Áirítear dáta sna sonraí; ainm agus seoladh an fhaisnéiseora; ainm agus áit chónaithe an duine atá cúisithe; cion (e.g., ‘éirí slí a dhéanamh agus ionsaí’, ‘chun dul isteach ina úllord agus úlla a ghoid’, ‘trí bhríc a ghoid’); finnéithe faoi mhionn; agus cinneadh (e.g., 'fionnta', 'geallta do phríosún'), 1828-1848; 1849 – 1851; 1851 – 1853;
  • Clárlann na nImeachtaí Coiriúla i gCúirt Ghearr Mhainéar Uí Chuinneagáin , 1830's;
  • I measc na sonraí i gClárlann na nImeachtaí Sibhialta ag Cúirt Ghearr Bhéal Átha Seanaidh tá dáta; ainm agus seoladh an ghearánaigh; ainm an chosantóra; gearán (e.g., ‘neamhíoc béasa contae’, ‘méid lín a bheith ar an bhóthar poiblí’, ‘do láir a thiomáint go toiliúil isteach ina thalamh féaraigh’,) finnéithe faoi mhionn; breithniú (e.g., ‘díbheartha’, ‘gan láithreas’, ‘curtha ar athló’, ‘socraithe’, ‘fíneáilte’), 1828 – 1848; 1848 - 1850; 1851-1856;
  • Áirítear ainm agus seoladh an ghearánaí i gClárlann na dToghairme a eisíodh ó Shonraí Chúirt Ghearr Bhéal Átha Seanaidh; ainm an duine arna thoghairm; dáta; cion (e.g., ‘ionsaí agus móin a thabhairt chun bealaigh go héigeantach’, ‘briseadh tí’); agus cinneadh (e.g., 'dífhostú', 'gan dlínse', 'ciontú', 'fíneáilte'), 1828 - 33; 1831 - 1839; 1833 - 1837; 1844 - 1848; 1848 – 1850.

Tá achan cheann de na taifid Cúirte Giorra thuas ar oscailt don phobal

23 Imleabhar comhfhreagrais, 1901 – 1913. I bhformáid imleabhair cheangailte, seoltar na litreacha chuig Coiste Talmhaíochta Chontae Dhún na nGall, agus déantar cur síos orthu mar 're: Beostoc, scéimeanna talmhaíochta agus teicniúla'. I measc na litreacha tá ábhair ar nós:

  • Teagasc agus oiliúint múinteoirí a fhorbairt san 'eolaíocht thurgnamhach', sa 'spruigeáil', sa bhróidnéireacht, sa chócaireacht, san obair níocháin, sa chóiriú, etc. i scoileanna agus deontais a chur ar fáil ina leith sin; agus teagasc a chur ar fáil maidir le sláinteachas tréidliachta;
  • Scéim Éanlaithe Chontae Dhún na nGall;
  • Seónna/scéimeanna lín; bailte aonair, tionscail bhaile, cumainn, seónna, beostoc agus scéimeanna bliantúla talmhaíochta eile, e.g. scéim pórúcháin eallaí, scéim pórúcháin capall: cistí faoi choinne feabhsúcháin agus duaiseanna lena bhfeabhsú; scéimeanna gairdín teachín agus duais feirme etc.

I measc na gcomhad tá litreacha lena gceadaítear íocaíochtaí faoi choinne scéimeanna agus duaiseanna thuas; lena n-áirítear sceidil íocaíochtaí, lena n-áirítear ainmneacha 'íocaí', do gach ceann de na scéimeanna thuas. Tá roinnt comhfhreagras agus meabhráin ó eagraíochtaí áitiúla san áireamh in imleabhair, e.g., Cumann Talmhaíochta Iarthuaisceart na hÉireann; Cumann na dTionscal Baile Comhoibríoch i mBéal Átha Seanaidh; ceannaithe etc.

Tá gach taifead liostaithe de chuid Choiste Talmhaíochta Chontae Dhún na nGall agus de chuid na Roinne Talmhaíochta agus Teagaisc Theicniúil ar oscailt don phobal.

;