
Bailiúcháin Leagtha Eile
Taifid phríobháideacha
Tá roinnt bailiúcháin shuntasacha ó fhoinsí príobháideacha ag Seirbhís Chartlainne Chontae Dhún na nGall agus tá beartas fála réamhghníomhach aici. Faigheann Cartlann an Chontae ábhar cartlainne a léiríonn stair agus forbairt pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch Dhún na nGall; saoráidí cóiríochta agus caomhnaithe slána, sábháilte agus oiriúnacha a chur ar fáil faoi choinne éadálacha, agus an t-ábhar a fuarthas a liostú de réir a phleananna bliantúla, agus ar an dóigh sin úsáid na n-éadálacha ag taighdeoirí a bhfuil leasanna agus cúlraí éagsúla acu a spreagadh, lena n-áirítear ginealaithe, staraithe teaghlaigh agus áitiúla, socheolaithe, iriseoirí, eolaithe polaitiúla, acadóirí agus mic léinn.
Tabhair faoi deara: Níl sna cartlanna a fhaightear go príobháideach agus a bhfuil cur síos orthu ar an tsuíomh gréasáin seo ach buaicphointí an bhailiúcháin, faoi choinne fiosrúchán maidir le liosta iomlán na gcartlann príobháideach, déan teagmháil leis an tSeirbhís Cartlainne.
Bailiúcháin Phríobháideacha
- Cathal Ó Searcaigh: Is é an bailiúchán is mó agus is suntasaí de pháipéir phríobháideacha ná bailiúchán an fhile cháiliúil a labhraíonn Gaeilge agus tá réimse leathan ábhar ann, amhail dréachtdánta, scéalta, drámaí agus próis, nótaí, agallaimh, comhfhreagras gnó agus pearsanta, ailt nuachtáin, óráidí, grianghraif, cártaí poist, dialanna ócáideacha, bailiúcháin saothar a chuir scríbhneoirí eile ar mian leo a bheith ina scríbhneoirí agus scríbhneoirí aitheanta chuig an Uasal Ó Searcaigh, etc., 1960 –1990;
- Patrick MacGill: ceithre litir agus dréacht amháin de dhán, líníocht amháin, 1917 – 1935;
- Dánta le húdair áitiúla eile
Litir scríofa ag Patrick MacGill
- Páipéir eastáit Horatio Granville Murray Stewart agus a chlainne: 15 mhír, imleabhair chíosa den chuid is mó ina bhfuil sonraí faoi thionóntaí agus méideanna cíosa a íocadh agus léarscáileanna, na Cealla Beaga, Cill Charthaigh, Cill Leacht Aodha, agus limistéir eile i nDeisceart Dhún na nGall, 1749 – 1880.
- An Captaen Ernest Cochrane agus a theaghlach, Carraig Mhic Uidhilín, Inis Eoghain, páipéir eastáit: I measc na míreanna tá léarscáileanna, litreacha agus iris, 1865 – c.1950.
- Páipéir eastáit Edward H. Harvey: 2 léarscáil agus ní amháin ar cíos, Baile Lifín, Cluain Maine; Inis, Inis Eoghain, c. 1900.
- Sir Arthur Chichester: cíos agus sonraí maidir le Díol eastát a shealbhaítear ó Mharchas Dhún na nGall, i mBun an Phobail, Inis Eoghain, 20 Nollaig 1951.
- Jane Doherty: Fógra Scoir eisithe ag [Richard] agus Jane Doherty ag tabhairt fógra díshealbhaithe sé mhí do thionóntaí, Domhnach, Bun an Phobail, 1866 – 68.
- Hamiltons, cíosanna etc. eastát John agus Abraham Hamilton agus baill eile den teaghlach, i mBéal an Átha Móir agus i mBaile na Finne, 3 mhír, 1818 – 1849.

- Groves ó Theach Gharrán an Chaisleáin, Leitir Ceanainn: áirítear albam grianghraf de bhaill teaghlaigh; cásanna maidir le cíos breithiúnach; litreacha lena n-áirítear litreacha ó James R. W. Grove agus é ag fónamh in arm na hIndia le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda; leabhair oidis teaghlaigh ó thús an 19ú haois; cártaí poist; leabhráin; leabhair chuntais feirme agus ábhar eile, c.1820 - 1920.

Ó Albam Grianghraf Mhuintir Grove
- Montgomerys agus Boytons ó Theach Chonmhaí, a fuarthas i mí an Mhárta 2005. Áirítear cuntais feirme (1920idí), cíosanna (1890idí); beart comhad (1920idí); agus leabhair nótaí, 1890 – 1920idí.
- Alexander Stewart ó na hArda: Cuntas Iontaobhaithe ar uacht Alexander Stewart (1873); agus Mórleabhar Comhaontaithe ina bhfuil comhaontuithe idir Stewart agus a thionóntaí, 1856-1896.
- An Captaen Humfrey: cuntas cíosa eastáit agus caiteachais faoi choinne deisiúchán agus obair a rinneadh ar Theach agus eastát an Chabháin Chorr, 1822 – 1835.
- An Tiarna Liatroma: líon beag míreanna lena n-áirítear cóip de leabhar léarscáileanna de thailte Liatroma i mbarúntacht Chill Mhic Réanáin, 1779; litir lámhscríofa -ordú ón Tiarna Liatroma, scríofa chuig beirt thionóntaí, 1865; deontas suthain, 1870; agus léarscáil de ghabháltais an Tiarna Liatroma i gCarraig Airt 1874.
- Leabhair Chuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair. Sa dá imleabhar ceangailte seo tá iontrálacha agus tuairimí mionsonraithe ó aíonna a d'fhan in Óstán Ghaoth Dobhair. Ba leis an Tiarna George Hill (1801 - 1879) an t-óstán agus tá cur síos an-mhionsonraithe i leabhair na gcuairteoirí ar an tiarna talún, ar an cheantar agus ar an staid fhoriomlán i nGaoth Dobhair ó 1842 - 1874. Tá tagairtí iontu d'ábhair amhail an t-eastát áitiúil agus tionóntaí, eisimirce agus an gorta. I measc na gcuairteoirí suntasacha bhí: baill éagsúla de theaghlach Downshire; Thomas Campbell Foster; Sir James Dombrain; Thomas Carlyle; Thomas Emerson Headlam; An Dr Henry Cooke; agus an Dr William Robert Wilde. Bhí go leor cuairteoirí ó na contaetha máguaird ann fosta agus b'fhéidir go bhfuil tábhacht níos mó ag baint lena gcuid tuairimí ar na hathruithe a chonaic siad. Na himleabhair cheangailte ó 1842 – 1874. Anseo thíos tá pdf de thaifigh dhigiteacha ísle den dá imleabhar ceangailte; Tá siad ar fáil saor in aisce le hamharc orthu.
Leabhar Cuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair 1
Leabhar Cuairteoirí Óstán Ghaoth Dobhair 2
- Leabhar Cuairteoirí Óstán Loch Súilí, le hainmneacha cuairteoirí, áit chónaithe, breathnuithe agus dáta na cuairte. Roinnt tuairimí sa cholún ‘barúlacha’ ach iad teoranta. 1890 – 1903.
- Comharchumann Bhealach Féich & Shrath an Urláir, miontuairiscí chruinnithe an chumainn, 1917 – 1922.
- Cuntais de chuid Chomharchumann Talmhaíochta Theampall Cróine Teoranta, Déantúsóirí Góiséireachta, An Chlochán Liath. Mionsonraí ainmneacha agus seoltaí na gcliant, cainníochtaí de mhin choirce, arbhar Indiach agus earraí eile a dhíoltar, agus costais. Roinnt nótaí scríofa ar chúl roinnt leathanach. Ní bhíonn na hiontrálacha críochnaithe i gcónaí. 1923 – 1945.
Club Sláinte Fhánada: bailiúchán, c.1930 – 1937, a bhaineann le haltranas ceantair i nDún na nGall agus i gClub Sláinte Fhánada go háirithe. Bunaíodh Club Sláinte Fhánada chun ligean d'altraí ceantair oibriú sa cheantar. D'íoc baill síntiús chun leas a bhaint as a sheirbhísí. Bunaíodh Clubanna Sláinte den chineál céanna timpeall an chontae. I measc na n-ábhar sa bhailiúchán seo tá:
- Méid an Chomhfhreagrais, lena n-áirítear: sraith litreacha ó Sheán Ó Deagha, Oifigeach Leighis Sláinte Contae (a fuair bás 43 bliana d'aois tar éis obráid aipindice, i 1935) chuig Iníon E. R. C. Hart, Ceathrú Bhláthach, Port an tSalainn (a tháinig chun bheith ina rúnaí agus ina uachtarán ar an Chlub ina dhiaidh sin), maidir leis an chumann a chur ar bun, altraí ceantair a fhostú, tuarastal altraí, cóiríocht a chur ar fáil (e.g. iostáin a thógáil sa cheantar) do gach altra, taibhithe altraí, fóirdheontais do Chlub ón Roinn Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, tiomsú airgid etc. Chomh maith leis sin, tá litreacha ón Dr Ó Deagha chuig Oifigí Sláinte Poiblí, Srath an Urláir; agus litreacha ó Institiúid Altranais Cheantair na Banríona in Éirinn chuig Miss Hart maidir le hábhair amhail cleamhnacht leis an Institiúid agus moltaí maidir le cáilíochtaí agus tuarastail altraí agus riachtanais phinsin. Litreacha ó Bhrainse Éireannach na hInstitiúide (1930idí) fosta;
- Tuarascáil Bhliantúil 1935 agus comhfhreagras eile ó Choiste Contae Dhún na nGall de Chumann Altranais Cheantair agus de Chumann Altranais Chontae Dhún na nGall
- Comhfhreagras ó Chumann Carthanach Naomh Pádraig, ar a dtugtar Cumann Thuathánaigh na hÉireann fosta, maidir le deontais i leith an chumainn (7 Iúil 1932 - 3 Lúnasa 1933);
- Grianghraif d'altraí agus de bhaill an chlub, lena n-áirítear grianghraf de JW Fullerton, Lady Stewart, Miss Hart, Mrs C Kelly, Mrs Boyd, an Dr M McGinley, an Dr Ó Deagha agus Mrs Colhoun agus Mrs Magee.
- Liostaí de bhailitheoirí cistí.
- Póstaeir, sceitsí, gearrthóga ó nuachtáin, cártaí cuiridh, ticéid, fógráin srl, a bhaineann le gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid.
Cumann Altranais Cheantar Bhaile Uí Chinnéide, na Birte & Chill Fhéich; 1960 – 1974. Áirítear sa bhailiúchán seo:
- Ceithre imleabhar de mhiontuairiscí chruinnithe an Chomhlachais, 1945 – 1974;
- Tuarascálacha agus ráitis airgeadais a chuirtear i láthair ag cruinniú bliantúil na síntiúsóirí. Ba iad na cathaoirligh an Dr. W.K. Bigger (1952 - 1964), Urramach. Ath. A. Arnold (1965 - 1967); Urramach. J. R. Watt (1968 - 1969); Urramach. Ath. P. Muldoon (1970-1972). Áirítear sna tuarascálacha ráiteas cuntas, líon na gcuairteanna (lena n-áirítear cuairteanna réamhbhreithe) a thug altraí le linn na bliana roimhe sin; limistéir bhailiúcháin agus altraí;
- Tuarascálacha Bliantúla de chuid Scéim Bhantiarna Dudley do Chumainn Altraí Ceantair. Bhunaigh Cuntaois Dudley an scéim i 1902, do chodanna níos boichte d'Éirinn (a cuireadh isteach i mboird sláinte i 1974), "i gcleamhnacht le hInstitiúid Altranais Cheantair na Banríona in Éirinn". Tugann tuarascálacha líon iomlán na gcuairteanna, na gcásanna agus ranníocaíocht na n-othar don bhliain, tuarascáil an chisteora, cuntais, liostaí síntiús agus bailiúcháin speisialta.
- Muilte Línéadaigh Andrews: 31 mhír a bhaineann leis an ghnó agus a chuid déileálacha le comhlachtaí eile lena n-áirítear muilte lín i nDún na nGall agus in áiteanna eile. Áirítear an méid seo a leanas san ábhar: imleabhair na gcuntas ina bhfuil sonraisc agus admhálacha faoi choinne: líon, snáth, gual, stáiseanóireacht, soláthairtí, innealra, deisiúcháin, iompar iarnróid ar Chuideachta Iarnróid Bhéal Feirste agus Chontae an Dúin agus ar Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, éilimh agus admhálacha ar ráta íseal maidir le íocaíocht na rátaí bochta. Lena n-áirítear líon ón Charraigín, ó Shrath an Urláir, ó Leitir Ceanainn, ó Ard an Rátha agus ón tSrath Bhán. 1894 – 1955.
- Jim Watters & Co., Gníomhairí Eastáit, Baile na nGallóglach. Áirítear sa bhailiúchán: 15 Leabhar ceantála, ina sonraítear díolacháin, le hainmneacha ceannaitheoirí, baile fearainn, earra a cuireadh ar ceant (e.g. capall, talamh etc.), neaslimistéar (e.g. acra, ród, péir), limistéar ceart, méid an phraghais i bpuint, scillingí agus pinginí, táillí, dáta íocaíochta, cé a d’íoc, agus sonraí cuntais. Áirítear sa bhailiúchán fosta comhfhreagras, nótaí agus ráitis airgeadais, 1833 – 1840. Tá leabhar cuntas amháin ann, ó 1894 go 1896. Na leabhair cheantála ó 1930 – 1967.
- Cumann Míochaine na hÉireann: (Brainse Dhún na nGall). Miontuairiscí chruinniú an chumainn: Ceapadh an Dr Carre ina chéad chathaoirleach. I measc na saincheisteanna a pléadh tá imdhíonadh, íocaíocht agus feabhsú tuarastal, táillí agus costais taistil d'oifigigh leighis, luach saothair d'oifigigh leighis Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, Comhairle Ghinearálta na nDochtúirí Leighis, cuntais, eitinn, íoclanna, tacú le hiarrthóir leighis don Seanad (1925), saoire, deimhnithe árachais, an gá le cumann, deimhniú meabhairshláinte, etc. Áirítear iatáin, mar shampla liosta 1919 d'oifigigh leighis RIC. 1903 – 1977. 1903 – 1977.
- Lámhscríbhinn Pharóiste Chluain Maine. Imleabhar lámhscríbhinne le nótaí stairiúla agus beathaisnéiseacha agus topagrafacha ar stair pharóiste Chluain Maine, Contae Dhún na nGall. Scríofa ag J. J. Brady. Leabhar Quarto ms, 19ú c.
- Pluideanna 'Bounty' na hArdadh: Bailiúchán beag páipéar de charthanas Protastúnach a dháil pluideanna ar dhaoine a bhí i ngátar i rith mhíonna an gheimhridh. 1871 - 1908.
Albam Mhuintir Harbison: Bridget Byrne, 109 bliain d’aois
- An tAthair Patrick Gallagher; cáipéisí, nótaí, aistí, comhfhreagras, ailt, gearrthóga nuachtáin agus grianghraif a bhaineann go háirithe le Cumann Staire Chontae Dhún na nGall. I measc na n-ábhar eile tá ginealas; clann Uí Dhónaill, teaghlaigh lena n-áirítear Shiels agus Sweeneys de chuid Bhéal Átha Seanaidh, eastát Montgomery i gConbhaí, Hugh Allingham, Gleann na Finne; agus go leor taifead eile; c. 1940 – 1980.
Bailiúchán an Ath. Patrick Gallagher Caisleán Dhroim Bó
- An Dr Maureen Wall: Páipéir a bhaineann go príomha leis na Péindlíthe, nótaí lámhscríofa agus clóscríofa.
- Muintir Clarke, Halla an Phoirt, Leifear: I measc na bpáipéar tá gearrthóga nuachtáin a bhaineann le básanna daoine éagsúla den teaghlach, lena n-áirítear James Clarke, Leasleifteanant Chontae Dhún na nGall, ball den Ard-Ghiúiré agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Andrew Clarke agus Charlotte Clarke, agus an Captaen William Harnett Wagentreiber, Inse Eanach, Leifear, príomhoide ghnólacht John Clarke agus Co Ltd, ceannaithe mórdhíola fíona agus biotáille, an Srath Bán agus Baile an Droichid, 1870 - luath sa 20ú haois.
- Sylvia Boyd, Leifear: cártaí poist, gearrthóga nuachtáin, amhráin agus dánta, 10 mhír, c.1930 – 1960.
- William agus Hugh Allingham agus Sarah Lipsetts, grianghraif agus dialanna; nótaí a bhain leis an fhile agus le cairde agus caidreamh eile.
William Allingham ó Bhailiúchán grianghraf de chuid muintir Lipsett
- Litir ón eisimirceach James Keown ó Michigan Bluff, Stáit Aontaithe Mheiriceá. San áireamh tá litir, c.1870, ó Óstán Ghleann Cholm Cille, An Charraig, Contae Dhún na nGall.
- An tAthair James McFadden, páipéir a bhaineann le cás dúnmharaithe clúiteach ón naoú haois déag i nDún na nGall; 1889.
Doiciméad a bhaineann le triail an Athar James McFadden agus daoine eile, 1889
- Litreacha teaghlaigh de mhuintir Dolan, Ráth Ghlas, Bun Dobhráin. Lena n-áirítear litreacha chuig ball teaghlaigh ar bord Long Briotanach le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
Bailiúcháin eile a taiscíodh
Ag fanacht ar ábhar
Cumann Altranais Fhánada
Tá an chartlann seo digitithe agus tá sí ar fáil ag https://www.donegalcoco.ie/culture/archives/digitised%20archives/selected%20digitised%20archives/#d.en.17338
Cumann Altranais Cheantar Bhaile Uí Chinnéide, na Birte & Chill Fhéich; 1960 – 1974.
Áirítear sa bhailiúchán seo:
- Ceithre imleabhar de mhiontuairiscí chruinnithe an Chumainn, 1945 – 1974;
- Tuarascálacha agus ráitis airgeadais a chuirtear i láthair ag cruinniú bliantúil na síntiúsóirí. Ba iad an Dr W.K. Bigger (1952 - 1964) Urramach. Ath. Arnold (1965 - 1967); Urramach. J. R. Watt (1968 - 1969); Urramach. Ath. P. Muldoon (1970-1972) na cathaoirligh;. Áirítear sna tuarascálacha ráiteas cuntas, líon na gcuairteanna (lena n-áirítear cuairteanna réamhbhreithe) a thug altraí le linn na bliana roimhe sin; limistéir bhailiúcháin agus altraí;
- Tuarascálacha Bliantúla de chuid Scéim Bhantiarna Dudley do Chumainn Altraí Ceantair. Bhunaigh Chuntaois Dudley an scéim i 1902, do chodanna níos boichte d'Éirinn (a cuireadh isteach i mboird sláinte i 1974), "i gcleamhnacht le hInstitiúid na Banríona maidir le hAltranais Cheantair in Éirinn". Tugann tuarascálacha líon iomlán na gcuairteanna, na gcásanna agus ranníocaíocht na n-othar don bhliain, tuarascáil an chisteora, cuntais, liostaí síntiús agus bailiúcháin speisialta.
Tuarascáil Eochróra de chuid Phríosún Leifear 1829 - 1831
Tuarascáil Eochróra de chuid Phríosún Leifir: clár lámhscríofa ina sonraítear an saol do ghnáthphríosúnaigh i bPríosún Leifear. Tuairiscítear dáileadh agus bailiú casúr chuig príosúnaigh faoi choinne obair briste clóis achan lá mar thoradh ar chigireachtaí ar achan cheall agus 'árasán' sa phríosún. Tugtar breac-chuntas mionsonraithe ar dhualgais eochróirí agus bardaí.
I measc na dtuairiscí tá pionóis a gearradh ar phríosúnaigh mar gheall ar sháruithe lena n-áirítear iompar suaiteach, troid le príosúnaigh eile, éadaí salach a bheith acu, oifigigh bhagracha nó orduithe neamh-chomhlíontacha, cealla nach gcoinnítear glan nó slachtmhar, fiú amháin as Gaeilge a labhairt.
I measc na bpionós bhí am caite i ngaibhniú aonair agus díothacht soláthairtí áirithe, go háirithe bainne.
Tuarascáil Eochróra de chuid Phríosún Leifear, Cuid 1
Tuarascáil Eochróra de chuid Phríosún Leifear, Cuid 2
Cumann Míochaine na hÉireann: (Brainse Dhún na nGall).Miontuairiscí chruinniú an chumainn: Ceapadh an Dr Carre ina chéad chathaoirleach. I measc na saincheisteanna a pléadh tá imdhíonadh, íocaíocht agus feabhsú tuarastal, táillí agus costais taistil d'oifigigh leighis, luach saothair d'oifigigh leighis Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, Comhairle Ghinearálta na nDochtúirí Leighis, cuntais, eitinn, íoclanna, tacú le hiarrthóir leighis don Seanad (1925), saoire, deimhnithe árachais, an gá le cumann, deimhniú meabhairshláinte, etc. Áirítear iatáin, mar shampla liosta 1919 d'oifigigh leighis RIC. 1903 – 1977. 1903 – 1977.
Jim Watters & Co., Gníomhairí Eastáit, Baile na nGallóglach. Áirítear sa bhailiúchán: 15 Leabhar ceantála, ina sonraítear díolacháin, le hainmneacha ceannaitheoirí, baile fearainn, earra a cuireadh ar ceant (e.g. capall, talamh etc.), neaslimistéar (e.g. acra, ród, péir), limistéar ceart, méid an phraghais i bpuint, scillingí agus pinginí, táillí, dáta íocaíochta, cé a d’íoc, agus sonraí cuntais. Áirítear sa bhailiúchán fosta comhfhreagras, nótaí agus ráitis airgeadais, 1833 – 1840. Tá leabhar cuntas amháin ann, ó 1894 go 1896. Na leabhair cheantála ó 1930 – 1967.
Nótaí ar stair pharóiste Chluain Maine, Contae Dhún na nGall. Scríofa ag J. J. Brady. Leabhar Quarto ms, 19ú c.
Muilte Lín Andrews:31 mír a bhaineann leis an ghnó agus a chuid déileálacha le comhlachtaí eile lena n-áirítear muilte lín i nDún na nGall agus in áiteanna eile. Áirítear an méid seo a leanas san ábhar: imleabhair na gcuntas ina bhfuil sonraisc agus admhálacha faoi choinne: líon, snáth, gual, stáiseanóireacht, soláthairtí, innealra, deisiúcháin, iompar iarnróid ar Chuideachta Iarnróid Bhéal Feirste agus Chontae an Dúin agus ar Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, éilimh agus admhálacha ar ráta íseal maidir le íocaíocht na rátaí bochta. Lena n-áirítear líon ón Charraigín, ó Shrath an Urláir, ó Leitir Ceanainn, ó Ard an Rátha agus ón tSrath Bhán. 1894 – 1955.
Ag fanacht ar ábhar
Leabhar Cuairteoirí Óstán Loch Súilí, le hainmneacha cuairteoirí, áit chónaithe, breathnuithe agus dáta na cuairte. Roinnt tuairimí sa cholún ‘barúlacha’ ach iad teoranta. 1890 – 1903.
Cuntais de chuid Chomharchumann Talmhaíochta Theampall Cróine Teoranta, Déantúsóirí Góiséireachta, An Chlochán Liath. Mionsonraí ainmneacha agus seoltaí na gcliant, cainníochtaí de mhin choirce, arbhar Indiach agus earraí eile a dhíoltar, agus costais. Roinnt nótaí scríofa ar chúl roinnt leathanach. Ní bhíonn na hiontrálacha críochnaithe i gcónaí. 1923 – 1945.
Tá cóipeanna agus micreascannáin de pháipéir a bhaineann leis an tréimhse roimh Imeacht na nIarlaí ó Éirinn an tréimhse í féin san áireamh i dTír Eoghain agus i dTír Chonaill faighte ag Cartlann an Chontae. Áirítear ann:
- Páipéir Carew: Micreascannáin de pháipéir Sir George Carew (1555-1629) a d'oibrigh in Éirinn i seirbhís na Banríona Eilís 1 agus a rinneadh Uachtarán na Mumhan de sa bhliain 1599. Is le Leabharlann Pálás Lambeth na páipéir seo.

- Páipéir Bacon: Micreascannáin de pháipéir Anthony Bacon (1558-1601) a chuaigh isteach i seirbhís Iarla Essex i 1583 agus a tháinig chun bheith ina rúnaí príobháideach do ghnóthaí eachtracha. Tugtar mionsonraí i bpáipéir ar shaol Iarla Essex, lena n-áirítear in Éirinn le linn na tréimhse ríthábhachtaí sin i stair na hÉireann. Is le Leabharlann Pálás Lambeth na páipéir seo.
- Téann na Páipéir Stáit a bhaineann le hÉirinn agus a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta i Londain ó 1558 go 1782. An rud atá sna micreascannáin den chuid is mó litreacha chuig agus ó Rúnaithe an Stáit, lena n-áirítear go leor ó Leifteanant na dTiarnaí, agus roinnt litreacha ríoga. Tá rogha litreacha sa bhailiúchán freisin ó Thiarnaí agus móruaisle mór le rá na hÉireann chuig an Tiarna Teachta agus chuig an Chomhairle agus chuig Ceannasaithe Shasana. Téann an bailiúchán micreascannáin i gCartlann an Chontae ó Eanáir 1592 go Nollaig 1607 (SP63/163 - SP63/222), a chlúdaíonn am suaite i stair na hÉireann roimh Imeacht na nIarlaí i Meán Fómhair 1607.
- Féilirí na bPáipéar Stáit: Tá fáil ar fhéilirí (tras-scríbhinní agus achoimrí) na bpáipéar Stáit thuas sna cartlanna do na blianta seo a leanas:
1586-1588
1588-1592
1598-1599
Mar-Oct 1600
1600-1601
1606-1608
Tá rochtain ag an phobal ar na taifid uile thuas a fuarthas go príobháideach, a luaithe a bheidh siad liostaithe go hiomlán.
- 70 Grianghraf/priontáil: Radharcanna éagsúla ar Oileán Thoraí agus a áitritheoirí, le grianghraf amháin d'Uaigh. Taken by A. M. Davies. 1965.
Oileán Thoraí, ó bhailiúchán grianghraf le A. M. Davies.
- Bailiúcháin bheaga nó grianghraif aonair de bhailte, sráidbhailte, áiteanna, ceantair agus imeachtaí éagsúla i nDún na nGall.
- Grianghraif éagsúla atá i mbailiúcháin aonair.
- Grianghraif de Bhéal Átha Seanaidh, Bun Dobhráin agus an ceantar a bhronn Joe O’Loughlin. I measc na ngrianghraf tá baill CLG, féile drámaíochta i mBun Dobhráin i 1946, paráid trí Bhéal Átha Seanaidh, daoine gan aithne, radhairc tuaithe, priontálacha de Phaiteagó. Tá grianghraf den aisteoir John Wayne leis an sagart áitiúil Ath. Little. C.1930 – c.1980. C.1930 – c.1980.
- 53 Ghrianghraf/mhír ó Bhealach Féich/Srath an Urláir agus ceantair eile a bhronn Jim Hannigan. Lena n-áirítear grianghraif d'Imreoirí Shrath an Urláir, cluichí CLG, páistí scoile, imeachtaí baile. I measc na míreanna eile tá clár ó chluiche peile Gaelach idir Dún na nGall agus Ciarraí, 22 Aibreán 1956 agus ó Sheó Capaill Shrath an Urláir (1914). 1914 – c.1947.
Imreoirí Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, 1947 , ó Bhailiúchán Jim Hanniga