Skip to main content Skip to main content

Bailiúchán Chartlann an Chontae

Ar Ais go Cartlanna

Réamhrá don bhailiúchán

Is ionann an chartlann agus oidhreacht thaifeadta nó dhoiciméadach pobail, eagraíochta, duine nó tíre, is cuma cén fhormáid ina bhfuil sí. Tá an chartlann mar chuid dár n-oidhreacht náisiúnta agus áitiúil. Soláthraíonn siad amhábhar na staire, de réir mar a scríobhann staraithe stair na ndaoine agus na n-áiteanna bunaithe ar ábhar cartlainne caomhnaithe. Is iad na Cartlanna atá i seilbh Sheirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall na cáipéisí scríofa a léiríonn saol, dul chun cinn, forbairt, scileanna, teanga agus cultúr mhuintir Dhún na nGall.

Tá ceann de na bailiúcháin chartlainne is fairsinge sa tír ag Comhairle Contae Dhún na nGall, lena n-áirítear cartlanna de bhunús poiblí agus príobháideach araon. I measc na gcartlann tá pleananna, líníochtaí, léarscáileanna, litreacha, miontuairiscí, cláir oibre agus tuairiscí ar chruinnithe, grianghraif, cláir, doiciméid airgeadais, dialanna, lámhscríbhinní lámhscríofa, póstaeir, cíosanna, taifeadtaí béil agus ábhar eile. 

I measc na dtaifead is tábhachtaí atá i gCartlann an Chontae tá cartlanna Aontas Dhlí na mBocht. Áirítear orthu sin miontuairiscí chruinnithe na n-ocht mBord Caomhnóirí a reáchtáil tithe oibre Dhún na nGall, agus cláir laistigh agus lasmuigh atá gann in áiteanna eile sa tír. Cé nach bhfuil cartlann an Ard-Ghiúiré críochnaithe, téann siad siar go dtí lár an 18ú haois agus tá tábhacht mhór ag baint leo maidir le forbairt an chontae a léiriú thar céad go leith.

I measc na gcomhlachtaí poiblí eile atá imithe as feidhm anois agus a bhfuil ionadaíocht mhaith acu i mbailiúchán Chartlann an Chontae tá na Comhairlí Ceantair Tuaithe, Comhairlí Ceantair Uirbeacha agus an Bord Sláinte agus Cúnaimh Phoiblí. Tá bailiúchán ollmhór d'ábhar cartlainne ag an Chomhairle Contae féin, a bunaíodh in 1899, ó Thithíocht agus Bóithre go Pleanáil agus Comhshaol (nár aistríodh ach cuid acu chuig an tSeirbhís Cartlainne). 

Áirítear sa Bhailiúchán na céadta clár bunscoile agus leabhar rolla atá curtha i dtaisce sa Chartlann ag na scoileanna, agus tá taifid shuntasacha ann a bhaineann leis na hiarnróid. 

I measc na gcartlann a fuarthas go príobháideach tá páipéir Bhord Dhún na nGall de Chumann Lúthchleas Gael (GAA), Shirt Factory Bun Cranncha , 'Steele Nicholsons' ó Theach an Fháil Mhóir, Inis Eoghain, file mór le rá na Gaeilge, Cathal Ó Searcaigh, na páipéir stairiúla a bhailigh an tAthair 'Patrick Gallagher' ó Chumann Staire Dhún na nGall, taifid eastáit, grianghraif, agallaimh staire béil, agus páipéir ó theaghlaigh aitheanta éagsúla, lena n-áirítear 'Groves' de chuid Gharrán an Chaisleáin agus 'Murray Stewarts' ó dheisceart Dhún na nGall.

;