Skip to main content Skip to main content

Comhairliúchán

Ar Ais go Bithéagsúlacht

Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta  Chontae Dhún na nGall 2026-2030

Comhairliúchán Poiblí

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030.  Soláthraíonn Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. 

Féach ar an Phlean

Tá Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030 ar fáil le hathbhreithniú a dhéanamh air ón 23 Feabhra go dtí an 23 Márta 2026, an dá lá sin san áireamh.

Tá na tuarascálacha seo a leanas ag gabháil le Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall:

1. Tuarascáil Scagthástála Measúnaithe Cuí do Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall

2.   Tuarascáil Scagthástála ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta do Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall

Cuir do Thuairim in iúl

Ba chóir aighneachtaí maidir le Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030, lena n-áirítear na Tuarascálacha Scagthástála le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí, a chur isteach idir an 23 Feabhra agus an 23 Márta 2026, an dá dháta sin san áireamh.

Is féidir aighneacht a chur isteach ar cheann de na modhanna seo a leanas:

·        Tairseach ar líne: Bain úsáid as ár dtairseach suirbhé ar líne chun do thuairimí a chur isteach ag https://consult.donegal.ie/  

  • Seol ríomhphost chuig: biodiversity@donegalcoco.ie. Ba chóir go mbeadh "Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030" le feiceáil ar líne an ábhair
  • I scríbhinn chuig: Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach na Contae, Leifear, Contae Dhún na nGall, F93 Y622.
  • Go pearsanta ag clinicí buail isteach bithéagsúlachta poiblí le hOifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Dhún na nGall mar atá sonraithe thíos

·        Ba chóir d'ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh i ngach aighneacht, agus, nuair is cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl., a ndéanann tú ionadaíocht orthu.

Is é Dé Luain an 23 Márta 2026 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn tuilleadh sonraí uait, déan teagmháil leis an Oifig Bithéagsúlachta trí ríomhphost ag: biodiversity@donegalcoco.ie nó ar an fhón ag 074 91 53900.  Tacaíodh le forbairt Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún na nGall le maoiniú ón Chomhairle Oidhreachta, trí chlár Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta an Chontae.  Cuirtear Clár Oifigeach Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an Chomhairle Oidhreachta.

Dáta

Ionad

Am

Dé Céadaoin, 25 Feabhra 2026

Leabharlann Phobail Bhun Cranncha

Bóthar Naomh Muire, Bun Cranncha

F93 YK68

 

3.30pm – 6.30pm

Dé Luain, 2 Márta 2026

Músaem Chontae Dhún na nGall

An Bóthar Ard

Leitir Ceanainn

F92 K123

3.30pm – 6.30pm

Dé Máirt, 3 Márta 2026

An Seanteach Cúirte

An Diamant

Leifear

F93 CD6F

2 – 5pm

Dé Céadaoin, 4 Márta 2026

Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair

Aislann Ghaoth Dobhair

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Doirí Beaga

F92 PT38

3 – 4pm &

5 – 6.30pm

Dé Sathairn, 21 Márta 2026

Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin

Bóthar an Stáisiúin

Bun Dobhráin

 F94 CKX7

11am – 1pm

Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta 2026 2030

 

;