Skip to main content Skip to main content

Lá mór na gCrann agus beagnach 9000 crann á ndáileadh ag Comhairle Contae Dhún na nGall don Tionscadal Cúinne an Ghiorria

11 Márta 2026

Seachtain Náisiúnta na gCrann atá ann (8–15 Márta) agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag spreagadh pobal chun leanúint leis na hiarrachtaí maithe i ndiaidh lá mór dáilte crann do Chúinne an Ghiorria an tseachtain seo caite.

Reáchtáil Comhairle Contae Dhún na nGall imeacht dáilte crann dúchasach ar an Aoine 27 Feabhra 2026 i CLG Naomh Adhamhnain, Leitir Ceanainn. Chuir an ócáid, a reáchtáladh i gcomhar le hIontaobhas Burrenbeo fríd an Tionscadal Cúinne an Ghiorria, borradh mór do ghníomhaíocht bithéagsúlachta ar fud na contae.

Dáileadh beagnach 9,000 crann dúchasach ar níos mó ná 200 iarratasóir rathúil ó ghrúpaí pobail, úinéirí talún, scoileanna, cumainn cónaitheoirí, clubanna spóirt agus daoine aonair atá tiomanta do bhithéagsúlacht áitiúil a fheabhsú.

Tá ról tábhachtach ag an cur crann pobal-tiomáinte i gcónaí maidir le tírdhreacha Dhún na nGall a shaibhriú, tacú leis an fhiadhúlra agus athléimneacht aeráide a fheabhsú. Cuirfidh na crainn a scaipeadh fríd an tionscnamh sin le cruthú gnáthóg, le hathchóiriú an dúlra agus le buntáistí fadtéarmacha comhshaoil ar fud na contae.

Léiríonn an cineál sin gníomhaíochta bithéagsúlachta na tosaíochtaí atá leagtha amach i nDréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall, atá amuigh faoi láthair le haghaidh comhairliúchán poiblí. Tugtar breac-chuntas sa phlean ar bhearta praiticiúla ar an talamh chun tacú le téarnamh an dúlra ar fud Dhún na nGall, lena n-áirítear níos mó crann a chur, cruthú gnáthóg agus comhoibriú le pobail áitiúla. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do bhaill an phobail cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle ag www.consult.donegal.ie le níos mó a fhoghlaim faoin dréachtphlean gníomhaíochta Bithéagsúlachta agus lena dtuairimí a thabhairt sula dtiocfaidh deireadh leis an chomhairliúchán ar an 23 Márta 2026.

Tacaíonn an tionscnamh le húinéirí talún le coillearnaí beaga, linnte fiadhúlra, úlloird, fálta agus "Pleananna don Dúlra" a chruthú, rud a chumasaíonn gníomh praiticiúil, ar an talamh don dúlra agus don aeráid.
Leag an ócáid béim ar chomhiarrachtaí na hOifige Bithéagsúlachta, na Rannóige Cultúir agus na Foirne Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, a d'oibrigh le chéile chun tacú le pobail céimeanna fiúntacha a ghlacadh ar mhaithe le hathchóiriú an dúlra agus oiriúnú don aeráid.
Is mian le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas ó chroí a ghabháil le Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn as a dtacaíocht dheonach luachmhar ar an lá, agus le CLG Naomh Adhamhnain as a bheith sásta a gcuid tailte a chur ar fáil don ócáid.

Tá an tionscnamh Cúinne an Ghiorria á chomhordú ag Iontaobhas Burrenbeo i gcomhpháirtíocht le hOifig Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá sé maoinithe fríd an Chiste Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht Áitiúil le tacaíocht ó SPNF, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ciste Pobail na Glúine Glaise de chuid SSE, NTR PLC, Greencoat Renewables PLC, BSL agus Intact Insurance.

;