05 Feabh 2026
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg iarratas ó iarratasóirí cáilithe do na poist seo a leanas:
- Leabharlannaí Feidhmiúchain
- Leabharlannaí
Tá sé beartaithe ag an Chomhairle painéal d'iarratasóirí cáilithe a chruthú óna líonfar folúntais de réir mar a thiocfaidh siad aníos.
Is é an dáta deiridh fá choinne foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith linn ná 12 meán lae, Dé Luain, 23ú Feabhra 2026
Beidh Foirmeacha Iarratais agus Tuilleadh Eolais ar fáil ANSEO
Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar mall
Is fostóir comhionannas deiseanna í Comhairle Contae Dhún na nGall