01 Aib 2026
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

FÓGRA D’ÚINÉIRÍ TALÚN / D’ÚINÉIRÍ MAOINE / D’FHORBRÓIRÍ i gCEANTAR BHAILE DHÚN NA nGALL
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.
Tá sé de rún ag an Chomhairle leabharlann phobail atá nua-aimseartha agus ionchuimsitheach a fhorbairt le freastal ar phobal Bhaile Dhún na nGall agus ar an Cheantar Máguaird. Tá sé beartaithe go mbeidh an leabharlann ina háis lár baile a bheas fáiltiúil agus inrochtana do dhaoine ar gach aois agus do réimse leathan úsáideoirí sa phobal, agus go mbeidh spásanna solúbtha ann ina dtacófar leis an fhoghlaim, le cultúr agus le rannpháirtíocht an phobail.
An Suíomh
Tá sé beartaithe go mbeidh an leabharlann suite laistigh de lár an bhaile nó go díreach in aice leis, agus go mbeidh nasc láidir de shiúl na gcos le láthair na Cearnóige agus í cóngarach d’áiseanna agus do sheirbhísí atá ann cheana féin, amhail scoileanna, siopaí, áiseanna pobail agus fóillíochta agus iompar poiblí.
Méid agus Leagan Amach
Ba chóir go mbeadh sa leabharlann atá beartaithe achar urláir inmheánach tuairim is 500 méadar cearnach ar a laghad, nó an cumas chun sin a sholáthar trí obair athchóirithe nó trí shíneadh a chur leis. Beidh gá le rochtain leordhóthanach a bheith ann chun oibriú le seirbhísí agus glacadh le seachadtaí. D’fhéadfaí an soláthar páirceála a dhéanamh ar an tsuíomh féin, é a chomhroinnt le páirtí eile, nó a bheith ar fáil trí pháirceáil phoiblí in aice láimhe, de réir mar is cuí i gcás suíomh lár baile.
Roghanna a Chuirfear san Áireamh
Cuirfidh an Chomhairle na roghanna seo a leanas san áireamh:
- Suíomh fóirsteanach a cheannach
- Foirgneamh fóirsteanach, atá ann cheana féin, a cheannach
- Forbairtí beartaithe a bhfuil sé i gceist iad a chur i gcrích taobh istigh den dá bhliain amach romhainn, nó taobh istigh de chlár ama atá i gcomhréir le maoiniú Roinne a d’fhéadfadh a bheith ann.
An tEolas atá le Cur san Áireamh i Léiriú Spéise
Ba chóir go mbeadh an t-eolas seo a leanas san áireamh in achan aighneacht:
- Sonraí teagmhála an úinéara (ainm, seoladh, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist)
- Léarscáil suímh ina dtaispeántar teorainn an tsuímh nó na maoine
- Cruthúnas ar úinéireacht (m.s. cóip den fhóilió)
- Dearbhú i dtaca le hachar an tsuímh nó an urláir laistigh den fhoirgneamh/de na foirgnimh atá ann cheana féin
- Sonraí maidir le criosú talún faoi láthair, má tá sin ar fáil, mar eolas
- Sonraí maidir le haon cheadanna pleanála, más infheidhme
- Praghas díola táscach
- Sonraí maidir le haon chonstaicí, atá ar d’eolas, a bhaineann leis an tsuíomh (m.s. baol tuile, truailliú), chomh maith le haon eolas maidir le céimeanna maolaithe
Sonraí leis an aighneacht a chur isteach
Ba chóir Léirithe Spéise nó fiosruithe a chur isteach faoi 12 meán lae Dé hAoine 1 Bealtaine chuig:
Trí ríomhphost: culturedivision@donegalcoco.ie
Ginearálta
Athbhreithneoidh an Chomhairle na haighneachtaí agus is féidir go rachfar i dteagmháil le húinéirí talún ina dhiaidh de réir mar is gá. Níl aon dualgas ar an Chomhairle glacadh le haon Léiriú Spéise a gheofar faoin phróiseas seo. Aon cheannachán a dhéanfar, beidh sé faoi réir ag idirbheartaíocht, luacháil neamhspleách, ceisteanna maidir le luach ar airgead, maoiniú a bheith ar fáil, faomhadh Roinne agus conradh.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014.