Skip to main content Skip to main content

Seoltar Wainfest 2025 i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

18 MFómh 2025

Seoladh Wainfest, féile bhliantúil ealaíon agus leabhar do leanaí Dhún na nGall a bhfuil an-tóir uirthi, go hoifigiúil inniu i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha leis an téama spreagúil “Do Ghlór, Do Rogha”. Cuireann téama na bliana seo peirspictíochtaí leanaí i gcroílár na féile, rud a chuireann ar a gcumas a gcuid smaointe, tuairimí agus cruthaitheachta a roinnt i dtimpeallacht thacúil spreagúil.

Beidh an fhéile ar siúl ón 4-12 Deireadh Fómhair, agus geallann Wainfest 2025 a bheith ina cheiliúradh bríomhar ar chruthaitheacht, ar shamhlaíocht, agus ar an tábhacht a bhaineann le héisteacht le guthanna óga. Beidh os cionn 100 imeacht saor in aisce ar siúl ar fud Dhún na nGall do scoileanna agus do theaghlaigh, chomh maith le clár ar líne, tá rud éigin ann ar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as.

Anois ina 29ú bliain, tá Wainfest anois mar bhunchloch den saol cultúrtha sa chontae, ag tabhairt deis do leanaí dul i ngleic le scéalta, ceol, amharclannaíocht, ealaín, damhsa agus go leor ceardlanna idirghníomhacha.

Ag labhairt di ag an seoladh, mhol an Leabharlannaí Feidhmiúcháin, Sinéad McLaughlin, téama fhéile na bliana seo, agus dúirt sí: “Is éard a bhí i gceist le Wainfest i gcónaí samhlaíocht a spreagadh agus spás a thabhairt do dhaoine óga páirt a ghlacadh. I mbliana, in éineacht le ‘Do Ghlór, Do Rogha’, táimid ag tabhairt an tiomantais sin céim amháin eile chun cinn, ag cinntiú go bhfuil a fhios ag leanaí caidé is ábhar do ghuthanna ann, rud a ligeann dóibh a smaointe s’acu a roinnt, iad féin a chur in iúl gan bhac agus mothú go gcluintear iad.

Lean sí uirthi ag aithint obair Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall chun seirbhís saor in aisce agus inrochtana a chur ar fáil d’achan duine, ag cur béime ar an méid seo a leanas: ‘Cuireann Leabharlanna eolas, rochtain ar an idirlíon agus siamsaíocht ar fáil tríd an iliomad leabhar agus cláir éagsúla, chomh maith le acmhainní eile gan áireamh a bheadh doiligh a aimsiú nó íoc astu.’

I measc bhuaicphointí Wainfest na bliana seo beidh:

•    Scéalaíocht agus Imeachtaí Údar – Cuid de na scríbhneoirí agus de na maisitheoirí is mó a bhfuil meas orthu in Éirinn a thabhairt leo chun bualadh lena léitheoirí óga. 
•    Ceardlanna Cruthaitheacha – Na huirlisí a thabhairt do leanaí chun iad a bheith in ann dul i ngleic lena gcuid scéalta, guthanna agus buanna ealaíne féin. 
•    Taibhithe Beo – Ó dhamhsa go ceol, chun lucht féachana óg a spreagadh le cruthaitheacht i ngníomh. 
•    Imeachtaí fóirsteanach don Teaghlach – Gníomhaíochtaí atá deartha chun leanaí, tuismitheoirí agus pobail a thabhairt le chéile.

Tar éis an tseolta, fuair scoileanna cóip leictreonach den bhróisiúr agus is féidir le teaghlaigh amharc ar chlár iomlán na n-imeachtaí atá beartaithe trí bhróisiúr a phiocadh suas ina leabharlann áitiúil nó ina n-ionad cultúrtha.

Tá an clár ar fáil chomh maith ar ár suíomh gréasáin www.wainfest.ie 

;