Skip to main content Skip to main content

Fáiltíonn clár Scileanna ar Feadh an tSaoil roimh gach duine chun foghlama agus fáis

10 MFómh 2025

Tá bród ar Leabharlanna Dhún na nGall a thabhairt le fios go bhfuil sé rannpháirteach i Scileanna ar Feadh an tSaoil, tionscnamh atá ar fud na tíre, atá curtha i dtoll a chéile ar mhaithe le cabhrú le daoine aonair scileanna saoil riachtanacha a fhorbairt. Tá an clár á leathadh ar fud gach seirbhís leabharlainne údarás áitiúil in Éirinn agus tá rochtain saor in aisce ar fáil do gach duine.

Tá bród ar Leabharlanna Dhún na nGall a thabhairt le fios go bhfuil sé rannpháirteach i Scileanna ar Feadh an tSaoil, tionscnamh atá ar fud na tíre, atá curtha i dtoll a chéile ar mhaithe le cabhrú le daoine aonair scileanna saoil riachtanacha a fhorbairt. Tá an clár á leathadh ar fud gach seirbhís leabharlainne údarás áitiúil in Éirinn agus tá rochtain saor in aisce ar fáil do gach duine.

Cuireann an clár Scileanna ar Feadh an tSaoil tacaíocht phraiticiúil ar fáil ar feadh sé réimse praiticiúla:

·        Ag tacú le daoine aonair scileanna digiteacha bunúsacha a fhorbairt a fhreastalaínn ar ghnáth-thascanna,

·        Tuiscint airgeadais a fheabhsú le haghaidh bainistíocht airgeadais níos fearr

·        Tuiscint ar na meán a fhorbairt le cur ar do chumas aghaidh a thabhairt ar shonraí ar líne go slán sábháilte

·        Treoir a chuir ar fáil maidir le scileanna fostaíochta agus gnó

·        Feasacht sláinte a chur chun cinn le haghaidh déanamh cinntí ar bhonn eolach

·        Maireachtáil inbhunaitheach a spreagadh agus oideachas comhshaoil á chur ar fáil.

“Baineann beocht le leabharlanna an lae inniu, áiteanna a gcuirtear fáilte romhat, agus níl daoine ag dul ansin chun dul ag léamh amháin ach chun scileanna nua a bhaint amach,” Karen Sheehy, Mar a deir Leabharlannaí amháin ag Leabharlanna Dhún na nGall agus iad ag caint. “Tugann an clár Scileanna ar Feadh an tSaoil an deis dúinn freastail ar riachtanais an phobail, ag cur tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnáthdhúshláin. Is áiteanna ionchuimsitheacha, a bhfuil muinín ag daoine iontu iad leabharlanna, áit a bhfuil rochtain ag daoine de gach aois agus ó gach cineál cúlra ar na tacaíochtaí atá de dhíth orthu le haghaidh a thabhairt ar ghnáthdhúshláin agus a gcuid spriocanna a chomhlíonadh. Is éard atá i gceist leis, ná daoine a chumasú le go mbeadh na scileanna agus an mhuinín acu a théann chun leasa dóibh i saol an lae inniu.”

Tá an clár mar chuid de straitéis Is í an Leabharlann an Áit 2023 – 2027 na leabharlann poiblí náisiúnta agus is léiriú í ar ról méadaithe na leabharlann mar mhoil foghlama fad saoil a bhfuil iontaoibh an phobail acu. Tá sé leagtha amach ar bhealach solúbtha, ionas go mbeadh deis ag gach leabharlann seachadadh an chláir a chuir in oiriúint do riachtanais an phobail agus ceardlanna, acmhainní coimeádta, cainteanna le saineolaithe agus comhpháirtíochtaí i dteannta eagraíochtaí pobail a chur ar fáil.

“Is forbairt shuntasach atá i Scileanna ar Feadh an tSaoil maidir leis an mbealach a dtacaíonn leabharlanna le foghlaim fad saoil agus folláine pobail,” a dúirt Stuart Hamilton, Ceannasaí Forbairt Leabharlainne na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ). “Táimid ag cabhrú le daoine na huirlisí cuí a bheadh acu le haghaidh a thabhairt ar an saol nua-aimseartha go muiníneach, agus na hacmhainní inrochtana, saor in aisce á gcur ar fáil againn dóibh ar fud phríomhréimsí ar nós tuiscint litearthachta agus scileanna fostaíochta. Is léiriú é an tionscnamh seo ar fhíordhualgas na leabharlainne maidir le hionchuimsitheacht, deiseanna agus seirbhís phoiblí. Is áiteanna a bhfuil muinín an phobail acu iad leabharlanna agus táimid ag neartú a róil mar chrann taca pobail le haghaidh na foghlama, fáis agus acmhainneachta mar chuid den chlár seo.”

Cuireann Scileanna ar Feadh an tSaoil deiseanna ar fáil do gach duine agus téamaí idir lámha aige a bhfuil tionchar acu ar ghnáthshaoil daoine, idir úsáideoirí leabharlainne atá dírithe ar scileanna praiticiúla a fhorbairt agus lucht cuardaitheora fostaíochta agus foghlaimeoirí aosta atá ag teacht ar acmhainní chun críocha fostaíochta agus tuiscint litearthachta. Is féidir le grúpaí pobail agus seirbhísí tacaíochta caidreamh a bhunú le leabharlainne agus is féidir le ról a bheith ag Scileanna ar Feadh an tSaoil, agus iad a cabhrú lena mball muinín agus neamhspleáchas a chothú agus is féidir le haosaigh óga tacaíocht a fháil agus iad ag dul i ngleic leis an saol nua-aimseartha agus ábhair ar nós na meán agus feasacht sláinte agus digiteacha idir lámha acu. Daingníonn Scileanna ar Feadh an tSaoil ról na leabharlann mar áiteanna fáilteacha le haghaidh na foghlama, an chumasaithe agus an fhoráis phearsanta.

;