06 Samh 2025
Tá áthas orainn fáilte a chur romhat chuig ár gclár Sheachtain Eolaíochta 2025.
Mar sheirbhís leabharlainne, tá sé de dhualgas orainn nuálaithe agus cruthaitheoirí na todhchaí a spreagadh trínár gcuid gníomhaíochtaí i réimsí na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (STEM).
Is é téama fheachtas na bliana seo ná 'Ansin. Inniu. Amárach'. Spreagann an topaic seo páistí chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar mhúnlaigh agus ar fheabhsaigh an eolaíocht agus taighde san am atá thart na saolta ina mairimid inniu. Foghlaimeoidh páistí fosta faoi réitigh úr chun domhan níos fearr a chruthú don am atá le theacht, ó dhul i ngleic le bochtaineacht, éagóir agus damáiste dár bplainéad trí na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ar a dtugtar Clár Oibre 2030 fosta.
Tá súil againn go dtabharfaidh clár Sheachtain na hEolaíochta le téamaí taiscéalaíochta agus caomhnaithe, folláine mhothúchánach agus ceartais aeráide, agus an obair atá á déanamh ar mhaithe le todhchaí níos gile agus níos cothroime, tuiscint níos fearr ar ár bplainéad do pháistí.
Mar fhocal scoir, gabhaimid buíochas leat as a bheith linn chun Seachtain na hEolaíochta 2025 a cheiliúradh.
